Seo cuid den bhanna ceoil a bhí ag cleachtadh chomh díograiseach do Lá Fhéile Pádraig.

Rinne Ranganna 1 agus 2 an-iarracht ag gléasadh suas.

Bhain gach duine sa halla an-taitneamh as an gcomórtas bréagéadaí.


 

Bhí an smidiú an-mhaith sa drama Cinnín Órga agus na Trí Bhéar a rinne Rang 1.


Aistear Mhaeldúin

Seo Rang 5 a chuaigh ar thuras stairiúil ar ais in am go dtí tréimhse na bhFianna.


Bhí treoirlínte ó Rang 6 conas meáchain a chailliúint!

Rinne páistí Rang 6 dráma suimiúil agus greannmhar faoi stáisiún eithneach.

Gleann na Só an t-ainm air

Ar chlé: bhí grúpa nua darbh ainm Six (nó, b'fhéidir, ) a tháinig ón Rang 6. Chan said an t-amhrán Whole Lotta Lovin'

Cad a ritheann gan stad, ach ní éiríonn sé tuirseach riamh?

Abhainn
. (Lorna, R3)



Bronnadh teastaisí áille (a rinne Conchubhair agus Daithí i Rang 5) ar na páistí is fearr ag labhairt Gaeilge i ngach rang, agus ar na páistí a bhuaigh duaiseanna sna comórtais neamhardán Jócanna (R 3) agus Seanfhocail (R 4).

Céard a rinne an frog amaideach nuair a thosaigh sé ag cur báistí?
Léim sé isteach sa lochán uisce mar ní raibh sé ag iarraidh a bheith fliuch. (Caitríona, R3)

Dochtúir: Cad atá cearr leat?
Othar: Ní éisteann daoine liom riamh.
Dochtúir: An chéad duine eile má 'sé do thoil é. (Raicheal, R3)


Anseo thuas agus thíos tá na buaiteoirí den Tráth na gCeisteanna inar bhain na páistí ó Ranganna 5 agus 6 an-taitneamh.
Ár mbuíochas do Mhúinteoir Niamh a d'eagraigh na himeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Scoil Raifteirí, agus do na múinteoirí is na páistí uile a ghlac páirt sna heachtraí.
Back to Top