Bhí taispeántas againn ar an gCéadaoin. Chonaiceamar an banna ceoil agus an dragún a rinne Múinteoir Michelle.

Céard atá ag tarlú anseo? Tá múinteoir Conall ag déanamh agallaimh le cloch!

Rinne Rang 1 taispeántas bréagéadaí duinn. Seo na buachaillí bó.

Seo Craig, an buaiteoir.

Hermione agus síog

Rinne Múinteoir Conall agallamh le gach uile dalta a bhí gléasta

-----

 

Fuaireamar duaiseanna sa chomórtas bréagéadaí!

 

An chéad agus an dara áit sa chomórtas seanfhocal

 

Na páistí óga is fearr ag labhairt na Gaeilge

 

Rinne damhsóirí ó ghach rang rincí áille faoi stiúir Múinteoir Bernadine

 

Rinne páistí ó Ranganna 5 agus 6 ceol álainn ar na cloigíní faoi stiúir daltaí ón GMIT.
Sheinn siad agus chan siad Báidín Fheidhlimidh.

Rinne Rang 4 ceol Karaoke le múinteoir Máire Nic Lochlainn

 

Bhain gach duine an-taitneamh astu

 

 

 

Buaiteoirí eile ag labhairt na Gaeilge

 

 

Thaispeáin Múinteoir Conall na ceoltóirí is fearr sa scoil dúinn.
Rinne siad ceolchoirm álainn ar an Luan

 

 

Seo an dráma 'Seomra na mBréagán' a léirigh Rang Naíonáin Shinsireacha faoi stiúir Múinteoir Máire Uí Shúilleabháin. Thug Caitríona cabhair leis an gceol.

Tar éis turas scoile, dhúisigh na dealbha go léir

Seo an dráma a rinne Rang 5, faoi stiúir Múinteoir Niamh

Seo múinteoir Clár ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do Rang 3...

 

…agus tá fadhbanna ag Múinteoir Sinéad le páistí ó Rang 6 freisin!

 

Dráma eile ó Rang 6

An Lúb is Laige

Ponc sa Teach!

An Trí Mhuc

Seo an dráma a rinne Múinteoir Nóirín Ní Chonchúir le Rang Naíonáin Shinsireacha

Ár mbuíochas do Mhúinteoir Niamh a d'eagraigh na himeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Scoil Raifteirí, agus do na múinteoirí is na páistí uile a ghlac páirt sna heachtraí.

Back to top