Naíonáin ag canadh, Bréagéadaí Rang 1, Ré Ó Leighléis,
Ceol agus Damhsa le Gaelscoil na Cruaiche, An tUan a Chuaigh ar Strae
Is Tú an Réalt le Rang 4/5
Is Tú an Réalt, cuid 2, agus Ceithre Sceitse Rang 5/Rang 6
Na Séasúir le Rang 1 agus an pharáid Lá 'le Pádraig
Rinne na naíonáin, faoi stiúir Múinteoirí Pádraic agus Máire, ceol álainn dúinn ar an Luan.
|
|
Bhí Taispeántas Bréagéadaí á léiriú ag Ranganna 1, faoi stiúir Múinteoirí Niamh agus Nóirín, ar an Luan freisin.
|
|
Níos mó, más é do thoil é! |
|
Rinne Múinteoir Conall agallamh le gach páiste. |
|
|
Rinne Rang 2 agus Múinteoir Máire an dráma "An t-Aoire Maith" dúinn ar an Máirt. Thaispeáin siad é don chéad uair ag an gCéad Fhaoistin a rinne siad an tseachtain seo chaite. |
|
|
Bhí cuairteoirí óga againn ar an Máirt ó Ghaelscoil na Cruaiche. Sheinn siad ceol álainn, agus ansin rinne siad damhsa ag ceilí beag le Rang 3. |
|
Níos déanaí ar an Máirt, rinne Rang 2 rap bríomhar dúinn. |
Bhain siad úsáid as cnaguirlisí chun an rithim a dhéanamh. |
Thug an t-údar Ré Ó Laighléis cuairt bríomhar ar Ranganna 4-6 ar an Máirt. Phléigh sé a leabhar Punk. Chualamar dán bríomhar ó Rang 3 faoi stiúir Múinteoir Tríona |
Léigh sé sliocht as a leabhar nua Bolgchaint.
|
Bhí dráma mór á léiriú ag Rang 4/5 faoi stiúir Múinteoir Conall. |
Seo na moltóirí a bhí ag déanamh agallamh leis na hiomaitheoirí go léir ag iarraidh Is Tú an Réalt a bhuachaint. |
Seo beirt bhan álainn a bhí ag canadh amhráin. |
Seo réalt eile a tháinig ar an gCéadaoin. Fáilte roimh Colmán Ó Raghallaigh, an t-údar den scoth, a labhair le ranganna 1 agus 4/5. |
Rinne an grúpa Rang 5 (Gearóid) sceitse "Táim Cáiliúil, Lig Amach Mé" ar an Déardaoin. |
Rinne grúpa cailíní Rang 6 an sceitse "Deartháir Mór" |
Bhí leagan Meán Oirthear de You're a Star ag buachaillí i Rang 6 |
Seo na moltóirí den chomórtas Iraqi Idol |
Rinne cailíní eile i Rang 6 sceitse darbh ainm "Timpiste Eitleáin" |
Bhí am scéalaíochta ag Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha i rith na seachtaine. Bhain siad taitneamh as na scéalta a léigh Caitlín, a bhíodh ag obair sa Naíonra. Mar a fheiceann tú sa phictiúr, tá Naíonáin Shinsearacha Phádraic ag dul ar aghaidh leis an dea-nós! |
Seo an Samhradh
|
D'fhoghlaimíomar faoi na séasúir buíochas le Rang 1 Niamh Seo na scamaill sa gheimhreadh |
Seo an rang ar fad nuair a bhí an dráma thart |
|
Bhí comórtas dathú ag na naíonáin |
Bhí na pictiúirí go léir le feiceáil sa halla |
Léirigh Ranganna 2 agus 3 seanfhocail trí phictiúirí, agus bhí siad le feiceáil ar feadh na seachtaine. Seo ceann amháin de na buaiteoirí. |
|
Seo na páistí is fearr sna bunranganna ag dathú pictiúirí! |
Fuair na naíonáin seo duaiseanna i labhairt na Gaeilge. |
|
Rinne na cailíní seo pictiúirí deasa |
Rinneamar seanfhocail trí phictiúirí |
Seo na foirne a bhuaigh an Tráth na gCeist a bhí idir Ranganna 4-6 sa halla ar an Luan
|
Seo na haisteoirí is fearr de réir na moltóirí |
Piocadh na páistí seo sna ranganna sinsearacha ó thaobh labhairt na Gaeilge |
Rinne Rang Mhúinteoir Conall na fógraí áille seo |
Comhghairdeachas! |