Beárbaiciú
An rud deireannach le déanamh ná cáca deas. D'oscail mé leabhar cáca a bhí ar an seilf. Phiocamar amach cáca liomáide. Bhreathnaigh sé go hiontach! Ag a ceathar a chlog, tháinig Daid abhaile ón mbúistéir le cúpla easnacha agus ispíní. Chuaigh Mamaí sa charr chun Mamó agus Daideó a phiocadh suas ón ospidéal. Chuir Daid an bearbaiciú ar siúl.Chuir mise an spagetí ag cócaireacht sa chistin. Tháinig
Mamaí, Mamó agus Daideó abhaile. Bhí aghaidh
bródúil orthu. Tar éis a lán póg agus
barróg, chuamar amach sa ghairdín. Bhí Daid ag cur
na h-easnacha agus na h-ispíní ar na plátaí
agus bhí mo dheartháir ag cur an spageití amach ar
an mbord. Rith mo Mhamaí ar ais sa teach chun na deochanna agus
an sailéad a fháil. Chríochnaigh an spraoi ag a leathúair tar éis a naoi. Bhí am iontach againn ach ba é an rud is fearr ná go raibh Daideó ar ais.
|