Plúirín Sneachta agus an Seachtar Abhac

Ardán i dtrí chuid, A, B agus C. A agus C ag na taobhanna, B sa lár.

Plúirín Sneachta (Rút), An Bhanríon (Aoife), Scáthán (Seosamh), Beirt Gharda (Keith agus Ailín), Seachtar n-abhac fireann, Doc (Cian agus Éilis) Cantalach (Liam agus Tiana) Áthasach (Sam agus Aíobhe) Ginias (Emmet agus Sinéad) Sraotharnach (Darrach agus Cadhla) Cúthalach (Rasheed agus Caitríona) Tuirseach (Piaras agus Cáit M), Frog/Prionsa (Mícheál), Láithreoir (Amina), Ceamróir (Caoimhe), Triúr moltóirí (Clodagh, Josh agus Grace), Cochaillín Dearg (Cáit D)

Cuid 1: Ardán C, Banríon agus Scáthán.
B          (ag casadh timpeall, ag taispeáint a háilleachta) Deich a chlog ar maidin! Is aoibhinn liom an chuid seo den lá. Tá smidiú ar m’aghaidh agus tá mo chuid gruaige déanta! A scátháin! An bhfuil tú réidh?
S          (tagann aghaidh i lár an scátháin) Dia duit, a bhanríon! Nach bhfuil tú álainn inniu!
B          (crosta) Tá a fhios agam go bhfuilim álainn. Ach táim ag iarraidh cinntiú...
S          ...ag iarraidh cinntiú gur tusa an bhean is áille sa tír ar fad, tá a fhios agam.
B          A scátháin, scátháin ar an mballa: cé hí sa tír an bhean is áille?
            (leis an slua) Hé sibhse, déanaigí rud éigin. Abair arís é seo: A scátháin,  scátháin... (x2)
Slua     A scátháin, scátháin ar an mballa: cé hí sa tír an bhean is áille?
S          Dea-scéal agam duit, a bhanríon! Is tusa an bhean is áille sa tír!
B          (le damhsa beag áthais) Yesssss! Nach bhfuil an saol iontach! (Tost) Hé, a Phlúirín! Cá bhfuil tú? Tar amach anseo!
            (Tagann Plúirín amach. Tá sí an-ramhar. Drochéadaí uirthi)
PS        Dia duit a bhanríon. Nach bhfuil tú álainn inniu.
B          Sea, sea...tá a fhios agam. Nár cóir duit rud éigin a dhéanamh leat féin? Féach ort!
PS        Tá an ceart agat. Tá plean agam.
B          Plean agat? Cad atá tú chun déanamh?
PS        Táim ag dul ar an gclár sin Operation Athrú.
B          Ha! Go n-éirí an t-adh leat! Tá athrú mór le déanamh agat!

Cuid 2: Ardán A, Ceol Op. Ath. Láithreoir agus triúr moltóirí ag bord. Ceamara teilifíse.
L          Fáilte romhaibh chuig Operation Athrú! Seo an seó a dhéanann athrú i do shaol! Agus seo na moltóirí:
M1 (ag seasamh) Dia dhaoibh go léir. Is mise Clodagh. (bualadh bos)
L Cad atá tú ag iarraidh a Chlodagh?
M1 Táim ag súil le héadaí níos deise. Caithfimid iarracht a chur isteach inár gcuid éadaí.
L ...agus moltóir a dó?
M2 (ag seasamh) Is mise Josh. (bualadh bos)
L...agus an bhfuil tú ag súil le hathraithe áirithe?
M2 Caithfidh sí bia níos fearr a ithe. Caithfimid bia sláintiúil a ithe.
L...agus moltóir a trí?
M3 (ag seasamh) Is mise Grace. (bualadh bos)
L...cad atá tú ag iarraidh an tseachtain seo?
M3 Rud simplí: stíl gruaige nua. Gruaig mhaith, leath na hoibre!
L Fan go bhfeicfimid cén chaoi ar éirigh lenár n-aoí speisialta: Plúirín Sneachta!
            (Tagann Plúirín amach, cuma álainn uirthi. Beireann L ar a lámh. Bualadh bos)
L          Plúirín Sneachta! Féach ort! Nach bhfuil tú go hálainn!
PS        Go raibh míle maith agat. Táim an-sásta.
L          (le na páistí sa halla) Cad a cheapann an lucht féachana? Tugaigí bualadh bos eile di!
L          (le na moltóirí) ...agus an bhfuil sibh sásta léi?
M1      Wow! Féach ort!
M2      Tá tú ag ithe níos fearr, lean tú na Food Dudes!
M3      Tá tú ag siúl, ag rothaíocht agus tá cuma sláintiúil ort!
PS        Go raibh maith agaibh. Is aoibhinn liom na héadaí nua freisin.
L          Oireann siad duit. Feiceann siad álainn ort.
PS        (leis an slua) Ó, nach mbeidh áthas ar an mbanríon liom!

Cuid 3: Ardán C, Banríon agus Scáthán.
B          Tá smidiú ar m’aghaidh agus tá mo chuid gruaige déanta! A scátháin! An bhfuil tú réidh?
S          (tagann aghaidh i lár an scátháin) Dia duit, a bhanríon! Nach bhfuil tú álainn inniu!
B          (leis an slua) Cabhraigí liom arís.  (x2) A scátháin, scátháin ar an mballa: cé hí sa tír an bhean is áille?
S          Umm... (tost)
B          Cad ‘tá cearr leat? Freagair an cheist!
S          Ar mhaith leat fanacht go dtí maidin amárach, nó an deireadh seachtaine b’fhéidir?
B          Céard? Is mise an bhanríon! Ní fhanaim riamh!
S          Umm, (go mall) tá deascéal agus (an-tapaidh) drochscéal agam duit.
B          Drochscéal?! Drochscéal?! Cén drochscéal?
S          Umm...ní tusa an bhean is áille sa tír a thuilleadh.
B          Ní mise...! (Teann feirge) An gcaithfidh mé scáthán nua a fháil? Fan...céard é an deascéal?
S          Is í Plúirín Sneachta an bhean is áille anois!
B          Céard?! Plúirín Sneachta? Sin níos measa! Fan go bhfaighidh mé í! Maróidh mé í.
(Tagann Plúirín amach)
PS        Ó, a bhanríon! Féach orm! An bhfuil tú bródúil asam?
B          Bródúil asat?! An bhfuil tú ag magadh fúm?
PS        (go brónach, le hionadh) Nach bhfuil tú sásta liom?
B          Sásta leat?! Fan nóiméad. Hé. Gardaí. Tagaigí anseo!
(Tagann gardaí amach. Seaicéad leathair agus spéaclaí gréine orthu)
G1       Sea a bhanríon? Cad is féidir linn déanamh duit?
B          Tagaigí chugam. (cogarnaíl + geaitsíochtaí. Taispeánann sí PS. Lámh trasna a scornach)
G2       Ceart go leor a bhanríon. (le PS) Táimid ag dul ar shiúlóid sa choill.
PS        Siúlóid?... Go hálainn! Sláintiúil! Ar aghaidh linn!
B          (leis an slua) Sibhse! Go léir ag suí ansin! Déanaigí rud éigin! Tá coill uaim! Is sibhse na crainn! Seasaigí! Cá bhfuil na géaga? Lámha amach!
            (Téann PS agus G1 agus G2 ar shiúlóid tríd an ‘choill’. Stopann siad ar ball.)
G1       (Tógann sé gunna amach) Tá brón orm a Phlúirín, ach labhair an bhanríon.
PS        An bhfuil sí ag iarraidh mé a mharú!? Bhuel. Rinne sí botún.
G2       Cén botún?
PS        Níl ach beirt agaibh ann! (Déanann sí kung fu orthu) Ha! Hai! Ya! (Titeann na gardaí). Slán libh! (Ritheann sí taobh thiar de ‘chrann’ ag an mballa).
G1       (Éiríonn sé) Ó, beimid i dtrioblóid anois! (Siúlann siad arais chuig an pháláis)
B          Tá sibh ar ais. Jab déanta?
G1       Umm...tá drochscéal againn duit.
B          Drochscéal!? Cén fath nach bhfuil deascéal ag éinne inniu? Cad a tharla?
G2       Umm...d’éalaigh sí.
B          D’éalaigh sí!? Tagaigí anseo! (Déanann sí kung fu orthu) Ha! Hai! Ya! (Titeann na gardaí. Imíonn B. Éiríonn G1 agus g2 arís, go mall pianmhar)
G1       Ó ní hé seo ár lá! (Imíonn siad)

Cuid 4. Ardán B. Teach na n-abhac. Mí-néata. Cnag ar an doras. Tagann PS isteach.
PS        Éinne anseo? Dia duit? Hmm, níl éinne anseo. Cé ‘tá ina chónaí anseo? Tá an áit bun os cionn. Glanfaidh mé cuid de. (ag obair sa teach...éiríonn sí tuirseach). Tá cuma compordach ar an leaba sin. Luífidh mé síos ar feadh nóiméid. (Téann sí a codladh)
7A       (ag druidim an tí) Haigh hó, haigh hó, Abhaile ‘nois an treo, ‘táimid ag dul, tá críoch le scoil, haigh hó, haigh hó, haigh hó, haigh hó.
            (Doc, Ginias, Sraothartach, Tuirseach, Cantalach, Cúthalach agus Áthasach sa teach, feiceann siad PS, téann siad ciúin)
D         Cé hí an bhean sa leaba? An bhfuil sí tinn? (sraoth ó S)
Ca        (crosta le S) Seans níos fearr anois go mbeidh sí!
Cú       An bh...bh...bhfuil sí dainséarach?
Á          Ó níl, tá cuma deas uirthi.
T          Go maith. (le méanfach) An bhfágfaidh sí an leaba anois?
G          Féach! Tá bean sa leaba!
(dúisíonn PS, suíonn sí)
PS        Ó haigh, cé sibhse?
Ca        (ag seasamh go bagrach) Is muidne an Seachtar Abhac! Cé tusa?
PS        Ó, is mise Plúirín Sneachta. Dia daoibh go léir! Tá brón orm. Bhí mé caillte sa choill. D’éalaigh mé ón mbanríon.
Cú       An bhanríon? Ó níl sí ródheas. Tá eagla orainn roimpi.
D         Ná bac leis. Tá tú sábháilte anseo.
Ca        Fan nóiméad. An bhfuil sí ag fanacht anseo?
Á          Féach gach duine! Tá an seomra go deas néata!
PS        Ó, tá súil agam nach bhfuil sibh crosta.
Á          Áthasach! (ag síneadh amach lámh)
PS        (le Ca) Tusa áthasach anois?
Ca        Ní hea. Mise Cantalach. Ach táim sásta.
D         Is mise Doc.
T          Is mise Tuirseach…agus is leictreoir mé! Is féidir liom rudaí a dheisiú.
S          Is mise Sraothartach
C          Umm...is mise, is mise Cúthalach…ach is maith liom damhsa!
PS        Damhsa! Ar mhaith leat damhsa a dhéanamh dúinn?
C          (níl an téip thaifeadán ag obair dó) Níl sé ag obair! Tuirseach, an féidir leat rud a dhéanamh leis?
T          Tabhair dom é. (piocann sé suas casúr agus tugann sé cúpla buile dó) Anois!
C          (brúann sé ar an gcnaipe, tagann ceol Uptown Funk tríd an PA. Déanann sé an damhsa)
PS        Iontach! Níl tú comh cúthalach anois!
G          (gach duine ag féachaint air) Féach! Tá an seomra go léir glan!
Ca        Maith an fear, Ginias. (le PS) Tá sé beagáinín mall, ach is féidir leis comhaireamh!
PS        Dia duit, Ginias, ar mhaith leat comhaireamh dúinn? Cé mhéad daoine atá sa teach?
G          Sa teach? Ochtar. Tá a fhios agam cé mhéad daoine atá sa halla freisin.
PS        An halla ar fad? (ag féachaint go hamhrasach ar an slua sa halla). Cé mhéad daoine atá sa halla?
G          Umm…dhá chéad seasca naoi.
S          (ag obair le háireamhán)…Tá an ceart aige!
PS        Maith an fear!
D         Fan linn ar feadh tamaill! Tóg an leaba seo. (soilse as)

 

Cuid 5. Ardán B. PS agus 7A ag bricfeasta.
PS        Tá an bricfeasta réidh! Suígí go léir.
Á          Ó, go hálainn!
Ca        Hmm, níl sé ródhona ar aon nós.
PS        Beidh sibh réidh don obair le bricfeasta maith. Cén obair a dhéanann sibh?
S          Táimid fós ar scoil.
C          Téimid gach lá.
PS        Bhuel, glanfaidh mé an teach agus ullmhóidh mé béile deas daoibh.
D         Táimid an-bhuíoch. Tabhair aire nuair atáimid imithe.
Ca        Ná hoscail an doras do éinne.
G          Weetabix!
Á          Caithfimid dul anois. Chun bóthair gach duine!
7A       Haigh hó, haigh hó, ar ais ar scoil go beo, táimid ag dul, ar ais ar scoil, haigh hó, haigh hó, haigh hó, haigh hó. (imíonn siad, fós ag canadh)
PS        Nach bhfuil siad go deas! Ní osclóidh mé an doras do stráinséar. (ag glanadh suas...buaileann a fón póca)
PS        Haigh. Plúirín Sneachta.
            (solas ar ardán C. Banríon ag caint le guth seanmhná)
B          Plúirín Sneachta? Emm, is mise Cáit na n-Úll. Táim ag obair leis an gclár Operation Athrú. Tá úlla áille agam duit.
PS        Úlla? Sláintiúil!
B          Umm, cá bhfuil tú? Ba mhaith liom iad a thabhairt duit.
PS        Táim i dteach na n-abhac. I lár na coille. Yum. Is maith liom úlla!
B          Sea, heh, heh, tá úlla speisialta agam duit!
PS        Slán.
B          (ag cur as an guthán) Ach ní bheidh tú slán rófhada!
7A       (ag canadh) Haigh hó, haigh hó, abhaile ‘nois an treo, mar níl mo mhála i mo lámh, haigh hó, haigh hó, haigh hó, haigh hó.
PS        Tá sibh ar ais. (ag féachaint go géar orthu) Ach tá sibh...difriúil!
            An-difriúil. Tá ochtar gcailíní sa teach anois.
D         Nuair a bhíomar ag brostú ar scoil...
S          (le sraoth) ...rinneamar go léir dearmad ar ár málaí scoile!
PS        Ach, tá cuma...athraithe...oraibh!
D         Bhuel, is mise fós Doc!
T          Is mise Tuirseach.
S          Is mise Sraothartach
C          Umm...is mise, is mise Cúthalach
PS        Cúthalach? Bhí tú an-mhaith ag an damhsa. Déan damhsa dúinn! (Aha!)
C          (téiptaifeadán briste arís) Ó nó!
PS        Aha!, beidh ort cabhair a fháil ó Thuirseach!
T          Tabhair dom mo chasúr! (buaileann sí an meaisín. Tagann ceol sean-nós ar na callairí)
C          Go hálainn! (Déanann sí an damhsa ar fad nóiméid.)
PS        Okay…
Á          Agus is mise Áthasach
Ca        Mise Cantalach
G          Mise meascaithe suas
PS        Sea! An bhfuil tú an-mhaith ag cómhaireamh go fóill? Cé mhéad daoine atá sa halla?
C          (ag cómhaireamh go tapaidh) Dhá chéad seasca hocht.
PS        Dhá chéad seasca hocht? Ar imigh duine éigin?
            (fuaim de leithreas, tagann Múinteoir Gearóid isteach an doras ag bun an halla)
G          Dhá chéad seasca naoi arís! Nó, (ag taispeáint CD) dhá chéad seachtó!
(gach duine ag féachaint ar an ochtú cailín, gléasta le héadaí dearga)
7A       Ach cé tusa?
CD       Mise? (ag cur suas a cochall) Umm, is mise Cochaillín Dearg. An bhfaca éinne mo sheanmháthair?
Á          Scéal mícheart. Slán leat! (téann sí)
Ca        Beimid déanach don scoil! Málaí, gach duine. (téann siad, ag canadh arís)
PS        Bhuel, bhí sé sin beagáinín ait! Tá súil agam go socróidh rudaí síos. (cnag ar an doras)
            A Cháit!, An bhfuil na húlla agat?
            (Osclaíonn sí an doras. Tagann frog isteach.)
PS        Frog! An bhfuil úlla agat?
F          Úlla?! Is prionsa mé.
PS        Is tusa frog.
F          Ní frog mé. Is prionsa mé. Fan nóiméad. (cuireann sé coróin ar a cheann) Chuir an bhanríon faoi gheasa mé.
PS        Ó, sin uafásach. An bhfuil ocras ort?
F          Sea, ba mhaith liom cuileog nó dhó.
PS        Cuileoga?! ÍÍÚÚ.
F          Ó déan dearmad ar an mbia.
PS        Ní féidir liom mórán a dhéanamh duit, ach tá cairde agam! (tugann sí cárta dó) Téigh go dtí an seoladh seo, agus cabhróidh siad leat.
F          Ceart go leor. Slán. (téann sé le preabanna)
PS        Bhuel, bhí sé sin beagáinín ait! Tá súil agam go socróidh rudaí síos anois.
(cnag ar an doras) A Cháit!, An í sin tusa?
B          Úlla móra, úlla deasa, Oscail an doras, beidh tú faoi gheasa! (osclaíonn PS an doras)
PS        An í tusa Cáit leis na húlla?
B          Sea, is seanbhean mé le ciseán mór, tóg na húlla anois a stóir.
PS        Go raibh maith agat. Mar a dheireann siad: úll gach lá, ar dochtúir níl gá. (Baineann sí greim as ceann amháin. Titeann sí go tobann chun talún)
B          Hí, hí, hí! Deireadh léi! (Baineann sí an cochall di, aghaidh donn slua). Cé mise?...(lig don slua ‘an bhanríon’ a rá). Is mise... an bhean is áille sa tír arís! Hí, hí, hí! (imíonn sí).

7A       (ag druidim an tí) Haigh hó, haigh hó, Abhaile ‘nois an treo, ‘táimid ag dul, tá críoch le scoil, haigh hó, haigh hó, haigh hó, haigh hó.
C          Ó, féach!
S          Cad a tharla di?
Á          Doc, an féidir leat aon rud a dhéanamh?
D         Tá brón orm...níl sí ag análú.
7A       (ag caoineadh)
Ca        Fuair an bhanríon í. Dúirt mé léi gan an doras a oscailt.
D         Cuirfimid ar an leaba í. (Níos mó caoineadh). Tost.
S          Bh…bh…bh…bhuel, cad a dhéanfaimid anois?
G          (cianrialtán ina láimh). Teilifís éinne?
C          Féach, tá Operation Athrú ag tosnú. (soilse as)

Cuid 6 Lasann na soilse ar ardán A. Ceol Op. Ath., moltóirí agus láithreoir réidh don chlár.
L          An bhfuil sibh réidh chun Prionsa Frog a fheiceáil? Bhí sé beag, bhí sé glas...d’ith sé cuileoga! Ar tháinig aon athrú air? A mholtóirí, a chairde, seo dhaoibh...Prionsa Álainn!
            (Tagann an prionsa amach chuici. Culaith álainn air. Coróin ar a cheann.)
P          Dia dhaoibh! Mór an trua nár chuala mé faoi Operation Athrú níos luaithe!
L          A mholtóirí! Cad a cheapann sibh faoi?
M1      Taispeánann sé gur féidir leat do shaol a athrú go hiomlán...
M2      ...má chreideann tú ionat féin...
M3      ...agus má chuireann tú deireadh leis na cuileoga!
L          Cad a dhéanfaidh tú leat anois, a phrionsa?
P          Ba mhaith liom bualadh arís le cailín álainn...an cailín a labhair liom faoin gclár seo.
L          Ó!!! Nach mbeidh áthas uirthi tusa a fheiceáil arís!
P          Slán agaibh.

Cuid 7 Soilse ar ardán B arís. Ar ais sa seomra le 7A agus PS. Cnag ar an doras.
S          Cé…cé…cé  atá ann?
C          (le heagla) An í an bhanríon?
Ca        Más í an bhanríon, rinne sí botún mór teacht arais anseo.
P          Stopaigí ag caint agus ligigí isteach mé!
G          (osclaítear an doras) An í sin an bhanríon?
Á          Cé hé tusa?
P          Is mise an prionsa. Cá bhfuil an bhean álainn?
C          Ó, tá brón orm...
D         Tá sí anseo...
S          Féach uirthi...
P          Ó...caithfidh mé í a phógadh. Dúirt sí liom gur féidir saol a athrú...is leor creideamh...
            (Tugann sé póg di. Dúisíonn sí. Áthas ar gach duine.)
PS        Ó, cad a tharla? Ní tusa Cáit na nÚll!
P          Ní mise! Is mise an prionsa...an frog.
PS        An frog?! A leithéad de lá!
            Seasann 7A agus PS agus P. Tagann 7A (buachaillí) amach ar an ardán. Úmhlú.

Ceol Op. Ath. arís. Soilse ar Ardán A. Moltóirí, Láithreoir agus Ceamara.
L          An bhfuil sibh réidh chun an bhanríon a fheiceáil? Bhí sí cruálach, bhí sí bródúil, bhí
an-bharúil di féin...
            Tagann an bhanríon amach
Ba        Dia dhaoibh go léir! (eagla ar na moltóirí agus Br) Ó, ná bíodh eagla oraibh! Is mise banríon nua mé!
L          An mbeidh tú deas agus cineálta le daoine as seo amach?
Ba        Beidh. Féach ar seo. A Scátháin! A Ghardaí! Tagaigí amach!
            (Tagann siad amach, eagla orthu. Tógann sí lámh, tugann sí barróg srl)
L          Agus cén fath an t-athrú mór seo?
Ba        Ar feadh tamaill, bhí m’áit mar an bhean is áille sa tír imithe. Anois, táim chomh sásta gur mise Numero Uno arís! Beidh mé deas le gach duine as seo amach. Seasaigí! Crom síos gach duine don bhanríon!

L          Tá an clár fós ar siúl. An bhfuil éinne eile ag iarraidh athrú a dhéanamh?
M1      (ag seasamh agus bata le mála air ar a ghualann) Ba mhaith liomsa taisteal! Ní dhéanann an iomarca teilifíse maitheas duit. Slán agaibh!
M2      Agus táim ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chomórtas domhanda fichille!
M3      Agus táim tuirseach den chlár seo. Ba mhaith liom moltóireacht a dhéanamh ar chlár ceart! Táim ag fágáil chun post a fháil mar mholtóir ar an X Factor!
L          (díomá uirthi, leis na gceamróir). Tusa an t-aon duine fágtha! Ar mhaith leat athrú freisin?
Ce        (go cúthalach) Ba mhaith liom a bheith im’ámhránaí!
L          Cantóir? An bhfuil tú go maith ag canadh? Can amhrán dúinn.
Ce        Canann sí go hálainn.
L          Ó, go hálainn. Caithfidh tú triail a bhaint as an X Factor. Slán!
Ce (ag canadh) Haigh Hó, haigh hó...arais ar ardán 2, le gach duine ag canadh le chéile.

Úmhlú ó ghach duine arís.