Bratach Uimhir 5: Bitheagsúlacht

 

2010-2012

Bithéagsúlacht
(Biodiversity)

 

 

Tionscnaimh
(Project Work)

 

 

 

Biodiversity: Environmental Review

Rinneadh an plean seo sa bhliain 2011

Léiríonn sé cad atáimid ag iarraidh déanamh
chun múineadh faoi bhithéagsúlacht i Scoil Raifteirí

 

 

Cuid 1: Suíomh na Scoile (review of grounds and enhancement plans)

 

 

 

Cuspóir (Objective)
Cathain? (timeframe)
Dáta Déanta (date achieved)
1: Gairdín Glasraí (raised vegetable patch)
2011, 2012
2011
2: Óstán na bhFeithidí (insectorium)
2011
Eanáir 2012
3: Crainn Nua (new trees)
Meán Fómhair 2011
4: Teach na n-éan (bird box)
Eanáir 2012
Eanáir 2012
5: Bia do na héin (bird feeding station)
Meán Fómhair 2011
Eanáir 2012
6: Buddleia (butterfly plants)
Márta 2012
7: Bleibíní (bulbs)
Deireadh 2011
Deireadh 2011
8: Abhainn (river study)
2011-2012
9: Crainn agus sceacha a bhogadh
Márta 2012
10: Martina Butler le workshop
Aibreán 16, 2012

 

 

Cuid 2: An Curaclam (curriculum work and education)


Rang

Téamaí
Naíonáin Shóisearacha
Naíonáin Shinsearacha
Rang 1
Rang 2
Rang 3
Cois Abhann mar ghnáthóg (plandaí, éin agus ainmhithe), na héin san fhómhar, sa gheimhreadh, san earrach agus sa samhradh (sréachóg reilige, an fháinleog, an corr réisc), staidéar ar an sceach gheal, imthriall an uisce, mamaigh na hÉireann, cúram imshaol.
Rang 4
An fharraige, abhainn, bláthanna a chur, athrothlú, feithidí, an sionnach, an saol i gclós na scoile, ag cabhrú le dúlra, ár ndualgas sa domhan, ainmhithe, éin, crainn, áiteanna caomhnaithe i Maigh Eo
Rang 5
Éin in Éirinn, cuanta, bia agus teach do éin, bleibíní, crainn
Rang 6
Aibhneacha (scéal abhann ón bhfoinse go dtí an fharraige, aibhneacha na hÉireann, príomhaibhneacha an domhain), Abhainn Chaisleán an Bharraigh (mionstaidéar ón tús i Loch Lannagh, ar an mbealach agus in aice na scoile, truailliú, ainmhithe, plandaí, feithidí, éisc, éin, teocht an uisce i rith na bliana)

 

 

Eachtraí eile:

 

Deireadh Fómhair/Samhain 2011:

Ag cleachtadh rothaíochta le Gerry Butler

 

 

 

 

Feabhra 2012:

Glanachán an Earraigh

 

 

 

 

 

16.04.12: Tháinig Martina Butler isteach chun labhairt faoi bhithéagsúlacht

 

 

Bealtaine 2012:

Rinne Rang 4 glanadh sa scoil

 

 

Clic anseo chun pictiúirí a fheiceáil

 

 

18.06.12:

Bhí Laura Ní Éanacháin, atá ag obair le An Taisce, mar aoí speisialta ag an scoil.

Labhair sí faoin obair atá na páistí sa scoil ag déanamh. Ansin, cuireadh an bratach glas nua suas ar an gcuaille taobh amuigh den scoil.

Bhí fáilte roimh tuistí teacht chun obair na scoile a fheiceáil.

 

 

 

Níos déanaí, tháinig Vincent isteach le crainn áille le cur timpeall na scoile.

 

Bhí na súthanna talún, curtha ag Rang Michelle, le feiceáil. Tá cuma orthu go mbeidh na torthaí réidh in am!

 

 

 

An Bratach Glas

Dia Daoibh! Aoibhinn agus Sinéad ó rang a ceathair anseo. Táimid ar Choiste an Bhratach Glas i mbliana. Tá gach duine i Scoil Raifteirí ag déanamh ár ndíchill an brat glas a ghnóthachtáil don scoil arís i mbliana.Seo cuntas go dáta ar na nithe atá ar siúl againn.
Déanaimid iarracht na seomraí ranga agus clós na scoile a choinneáil deas glan agus néata agus tá an-bhéim ar an athchúrsáil a dhéanamh ar gach sórt ábhair.Tá trí chinéal bosca bruscair againn, ceann i gcomhair páipéir, ceann i gcomhair craicne torthaí agus ceann eile i gcomhair gnáthbhruscair.Tá rang a cúig freagrach as an múirín. Tar éis an lóin chuile lá bailíonn siad na craicne torthaí agus malaí tae agus cuireann said gach rud i mbosca bruscair speisialta ar chúl na scoile. Is féidir linn an múirin a usáid mar aoileach ar ár bplandaí agus glasraí.
Tugann gach páiste bosca loin ar scoil. Is féidir linn an bosca loin a athusáid arís is arís. Taobh amuigh de é sin, tugann chuile duine a chuid fuílligh féin - arán, cartáin, clúdacha páipéir, clúdacha plaisteacha srl abhaile, le cur sa bhosca bruscair agus le hathchúrsáil. Táimid coinsiasa faoi fuinneamh sa scoil agus déanaimid iarracht go bhfuil gach ríomhaire, téitheoir agus solas múchta, agus gach fuinneog agus doras dúnta.Mar gheall ar é seo is beag bruscair a bhíonn sa scoil agus is beag costas a bhíonn ar an scoil.
Chomh maith leis é seo, tá gach rang ag staidéar faoin domhan agus an timpeallacht atá thart timpeall orainn. Caithfidh muid meas agus grá a thabhairt dó. Cuimhnigh! Ár Domhan, Ár mBaile!
Thaitneodh sé thar cionn linn an brat glas a gnóthachtáil. Má leanaimid ar aghaidh leis an obair crua agus meon dearfach, éireóidh linn an brat glas a ghnóthachtáil i mbliana. Go raibh mile maith agaibh uileag.Coinnigí orainn leis an dea-obair.