Lá amháin, d’éirigh Cáit ar a seacht a chlog ar maidin agus fuair réidh do scoil. Chuaigh sí ar scoil ar a rothar lena mamaí. Nuair a bhuail clog na scoile, chuaigh sí isteach sa seomra ranga.

Nuair a bhí Cáit ag déanamh a hobair scoile, thosaigh sé ag cur báistí. Ní raibh Cáit ró-bhuartha. I rith an lae, lean sé ag cur báistí. Ag am lóin, bhí an ghaoth ag séideadh go trom agus d’éirigh an spéir dorcha. Bhí tintreach agus toirneach ann. Bhí locháin uisce amuigh sa chlós. Anois bhí Cáit buartha.

Ag a haon a chlog, chuala Cáit rud éigin ar an díon. Bhí an díon sa scoil ag titim! (as an scoil!) Ahh! A scread gach duine. Bhí an díon imithe Thosaigh na páistí beaga ag caoineadh. Tháinig an príomhóide isteach sa seomra, Thosaigh sé ag caint leis an múinteoir.

Chuir an múinteoir fios ar na gardaí agus chuir na gardaí fíos ar na saighdiúirí, Bhí ar na saighdiúirí na páistí a thabhairt abhaile. Chuir siad seachtar páiste isteach i mbád amháin mar ní raibh siad in ann siúl abhaile agus rámhaigh siad síos an phríomhshráid.
Nuair shrioch Cáit a teach, bhí Daidí ina sheasamh ag an doras. Bhí sé an-bhuartha. “Cáit! An bhfuil tú ceart go leor?” “Táim a Dhaid. Bhí an lá seo an-ait!”

Alisha Ní Scolláin

 

Tubaiste ar Scoil

Lá amháin i lár an gheimhridh bhí sé ag cur sneachta go trom. Bhí gach duine ag súil go mór leis an lón chun dul amach sa sneachta. Ní raibh na páistí in ann aon obair a dhéanamh. Ansin tháinig an príomhoide isteach chun labhairt linn. Dúirt sí go raibh an sneachta róthrom agus nach mbeimis ag dul amach ag am lóin. Chuala Rang a Sé an iomarca. Ach bhí plean acu.
Nuair a tháinig an lón chuaigh an múinteoir go dtí an seomra foirne. D’éist na páistí eile leis an bplean a bhí ag cailín amháin. Plean an-chliste a bhí ann. D’eagraigh muid an plean a dhéanamh ag an lón mór.
Bhí sceitimíní ar na páistí nuair a tháinig am lón mór. D’fhág an múinteoir an seomra ranga. D’fhan muid go dtí go raibh sé as radharc agus ansin rith na páistí amach sa chlós go ciúin.
Bhí gach duine an-sásta agus thosaigh muid ag ceiliúradh agus ag pleidhcíocht. Bhí an-chraic againn go léir. “Seo níos fearr ná a bheith istigh”, a dúirt mé. Bhí sé an-fhuar ach ba cuma linn. Bhí muid go léir ag baint taitnimh as an lón.
Níor thug éinne faoi dheara gur bhuail clog na scoile mar bhí gach duine ag baint suilt as an lón.
Nuair a tháinig an múinteoir ar ais go dtí an seomra ranga, lig sé béic as. Bhí an seomra folamh. “Cá raibh na páistí!” Bhí a chroí ina bhéil aige. Bhí ar na páistí a fháil roimh gur tháinig na tuismitheorí.
Bhí an múinteoir trína chéile ag lorg na páistí. Cá raibh siad? “ Má bhí mise i Rang a Sé, cén áit a bheinn?” a dúirt an múinteoir leis féin.
Bhí an múinteoir an-bhuartha faoin am seo. Bhí na páistí caillte ar feadh fiche noiméad anois. Shiúil an múinteoir go dtí oifig an phríomhoide. D’éist an príomhoide leis an múinteoir.
Ní raibh a fhios ar an múinteoir cad a rá. Bhí ionadh uirthi agus theip uirthi rudaí a rá. Ansin sheas sí suas agus rith sí ar fud na scoile agus ansin rith sí ar fud chlós na scoile. Ba é ansin go bhfaca an múinteoir na páistí.
Scread sé ar na páistí agus fuair gach páiste línte. Chuaigh téacs abhaile go dtí na tuismitheoirí. Bhí gach duine crosta le Rang a Sé. Ní cheapaim go ndéanfaidh rang a sé é sin arís.

Jennifer Ní Dháibhí

 

 

Tubaiste ar Scoil


Aisling is ainm domsa agus beidh mise ag insint duit faoin lá a bhí agam ar scoil!
Lá amháin i lár Mheán Fómhair, d’éirigh mé agus d’fheach mé ar an gclog. Léim mé amach as mo leaba agus dhúisigh mé gach duine sa teach. Chuir mé m’éide scoile orm agus chuaigh mé síos go dtí an chistin. D’oscail mé an cófra ach ní raibh an bosca de calóga arbhair ansin. Mar sin, thóg mé mo mhála agus d’fhág mé an teach.
Nuair a shroich mé an scoil, bhí gach duine ina suí. Shuigh mé síos agus d’oscail mé mo leabhar Mata. Thosaigh an múinteoir ag caint agus thosaigh mé ag luascadh ar mo shuíochán. Tar éis cúpla nóiméad, thít mé. Bhí gach duine ag gáire. Bhí náire an domhain orm. Phioc mé an chathaoir suas agus shuigh mé síos arís.
Dúirt an múinteoir gurbh é am lóin, ach ní raibh sé ansin. Nuair a bhí mé ag suí suas, bhuail mé mo cheann leis an mbord agus thit gach rud den bhord. Bhí an áit trina chéile.
Tar éis gach rud a bheith pioctha suas, chuaigh muid amach. Rith muid tríd an féar agus thit mé. Bhí mo chuid éadaí an-salach. Tháinig duine de na múinteoirí amach. Chuaigh mé isteach leis an múinteoir agus chuaigh muid go dtí an bosca de rudaí a bhí caillte ach an t-aon rud i measc na héadaí a bhí fágtha, bhí siad ró-mhór. Chuir mé na héadaí orm agus chuaigh mé arais go dtí an rang. Bhí náire an domhain orm.
Fós ní raibh aon bia agam agus bhí an-ocras orm. Bhí mé ag mothú go dona. Chuaigh mé suas go dtí múinteoir agus dúirt mé go raibh mé ag mothú tinn. Chuir sé fios ar mo Mhamaí agus tháinig sí go dtí an scoil agus chuaigh mé abhaile léi.

Le Aisling Breathnach

 

 

Tubaiste ar Scoil


Bhí lá tubaisteach agam ar scoil an Mháirt seo caite. Ó thús an lae  go dtí an deireadh, ní raibh rud ar bith i gceart.

Thosaigh na tubaistí ar maidin nuair a d’éirigh mé ar a leath uair tar éis a hocht. Bhí mé ag brostú is ag brostú agus ní raibh ach cúig noiméad agam fáil réidh. Chuaigh mé amach an doras agus ní raibh an bus ansin. D’fhan mé  thart ar deich noiméad agus fós níor tháinig an sé. Bhí ar mo Mhamaí mé a thabhairt ar scoil. Bhí  mé fiche noiméad déanach don scoil agus bhí an múinteoir mí-shásta liom. Nuair a shuigh mé síos, cheap mé nach n-éireodh an lá seo níos measa, ach bhí mé mícheart. Rinne mé dearmad ar m’obair bhaile don tríú uair an tseachtain seo. Ag am lóin, níor tharla aon rud aisteach sula ndeachaigh mé amach ar an gclós.

Ag am lóin, bhí an ghrian thuas sa spéir agus d’fhág mé mo chóta istigh sa rang. Bhí mé cúig noiméad  amuigh agus thosaigh sé ag stealladh báistí ach, roimh dul isteach, bhí orainn na sleamhnáin a thógáil isteach. Bhí mé fliuch báite agus bhí mé an-an-fhuar. Nuair a bhíomar ag tógáil na sleamhnán isteach, thit mé agus bhuail an sleamhnán mo cheann. Bhí orm dul abhaile go luath. Lá uafásach a bhí agam agus ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo.

Sorcha

 

      Tubaiste  ar Scoil   


Lá fuar geimhridh a bhí ann. Bhí sé fuar fainnteach taobh amuigh agus bhí orainn uisce te a chur ar an gcarr, mar bhí sé reoite. Bhí go leor leac oighir ar an talamh. Nuair a shroicheamar an scoil, bhí gach duine ag caiteamh scaif, hata, lámhaíní cótaí agus seaicéad. Bhí muid reoite!
Bhí an ghaoth ag séideadh go dona agus níor chuala Rang a Sé an clog ag bualadh. Bhi ar an múinteor teacht amach ón scoil Bhí sé crosta linn agus nuair a bhí muid ag dul isteach sa seomra ranga, fuair muid amach go raibh ár mboscaí lóin agus deochanna reoite!
Go tobann thosaigh sé ag cur sneachta agus bhí na doirse  reoite tríd. Bhí an múinteoir ag iarraidh muid ealaín a dhéanamh. Thóg muid amach an glé agus péint. Bhí said oscailte  agus doirteadh iad. Bhí leath an rang salach ó bhun gobarr!
Ansin bhí an seomra ag éirigh dorcha. Ba é an sneachta! Chuir an múinteor glaoch ar an mbriogáid dóiteáin . Tháinig said taobh istigh de cúig nóiméad. Ghearr said poll sa díon agus bhí gach duine ardaithe amach as an tseomra go dtí sábháilteacht.  Buíochas le Dia!
Brian

 

 

Tubaiste sa Scoil


Ar an Aoine bhí tubaiste sa scoil. Bhris Eimear a cos. Seo é scéal faoi cad a tharla.
Tháinig Eimear isteach ar maidin agus bhí gach rud ceart go leor. Rinne sí an obair mar is gnáth. Nuair a bhuail an chlog le haghaidh an lón mór, chuaigh gach duine amach.
Thosaigh sí ag imirt le na cailíní ar fad. Bhí siad ag imirt tip.  Bhrúigh duine isteach agus thit sí. “Oh a Eimear, tá brón orm. Timpiste a bhí ann” arsa an cailín agus Eimear ag caoineadh.
Nuair a chonaic muid a cos, fuair muid an múinteoir. Chonaic an múinteoir í agus dúirt sí le hEimear chun siúl, ach ní raibh Eimear in ann. Chuir an muinteoir fios ar otharcharr agus ar mhamaí Eimear.
An chéad tseachtain eile, tháinig Eimear ar ais ar scoil. Bhí plastar uirthi. Ní raibh sí in ann cluiche a imirt ag am lóin. Sé seachtain tar éis, fuair sí an plastar as. Ach fós, ní raibh cead aicí imirt ar feadh seachtaine eile. Roimh an cast a bhaint, shínigh gach duine é.

Onagh Bairéad

 

 

Tubaistí ar scoil! 

Inniu, táim ag scríobh faoi na tubaistí a tharla ar mo chéad lá ar scoil! Téann sé mar seo.......
Dhúisigh mé ar maidin. Bhí sceitimíní orm. Thosaigh mé ag gléasadh isteach i m’éide scoile. Fuair mé iad ó mo dheartháir mór Aodán. Bhí mé beagnach gléasta nuair a chuir mé mo lámh tríd mo mhuincillí agus fuair mé amach go raibh poll ollmhór i mo gheansaí! Nuair a dheisigh Mamaí í, chuaigh muid isteach sa charr agus faoi dheireadh.... ar scoil!
Nuair a shroich muid an scoil, chonaic mé go leor páistí agus daoine fásta freisin. Bhí na páistí ag rith timpeall na háite agus bhí na daoine fásta ag caint  lena chéile. Ansin, chonaic mé cailín an aois céanna domsa agus thosaigh mé ag súgradh léi. D’imir muid “tip”. Nuair a thosaigh mé ag rith, ní fhaca mé an chloch mhór a Bhí ar an talamh agus thit mé aghaidh síos! Ansin thosagh mé ag caoineadh. Rith Mamaí chugaim agus phioc sí suas mé. Bhí trua ag mo chara nua Siobhán dom. Bhí trua ag na tuismitheoirí eile dom freisin.
Isteach sa seomra ranga. Bhuail muid leis an múinteoir don chéad uair riamh! Múinteoir deas ab í. Ansin, dúirt an múinteoir dúinn ár leabhair a thógáil amach. Thosaigh mé ag cuardach i mo mhála. Ní raibh táisc nó tuairisc ar! Dúirt mé leis an múinteoir agus chuir sí fios ar Mhamaí. Tháinig Mamaí le mo leabhar agus bhí mé sona sásta arís.
Ag am dul abhaile, tháinig Mamaí arís chun mé féin agus Aodán a phiocadh suas. D’fhag mé slán le mo chara nua Siobhán. D’fhág mé slán leis an múinteoir freisin. Bhí an lá sin lán de tubáistí. Ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo!

Cara

 

Tubaiste Ar Scoil

D’éirigh mé ar a leath uair tar éis a hocht. Bhí mé déanach! D’ith mé mo bhricfeasta agus d’athraigh mé mo chuid éadaí a bhí orm. Amach an doras liom, agus síos an bóthar go dtí an scoil.
Nuair a shroich mé an scoil, ní raibh an múinteoir ró-shásta liom. Thug sé íde béil dom. Bhí an t-ádh liom nach bhfuair mé línte mar bhí sé deich a chlog! Shuigh mé síos ag an mbord, náire an domhain orm.
Díreach nuair a shuigh mé síos, leag mé cupán tae ar an múinteoir. Thit an deoch ar fad ar an múinteoir! Ba bheag nach bhfuair an múinteoir dóite. Bhris an cupán freisin. Bhí a bhríste millte. Rith an múinteoir amach as an tseomra agus tháinig sé ar ais uair níos déanaí le bríste nua air. Bhí an múinteoir feargach. Fuair mé íde béil eile.
Thainig deireadh an lae. Cheap mé nach raibh aon rud eile chun tarlúint, ach bhí mé mícheart. Ar an mbealach amach, leag mé cathaoir ón mbord. D’fhéach an múinteoir orm. Ba bheag nach scread sé go dtí gur rith mé amach an doras.
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo.

Séamus Balaski

 

Tubaiste ar Scoil

Tá sé an chéad lá ar scoil i gcomhair Gráinne. Is cailín srónach (nosey), pramsach (lively, frisky) agus ceisteach í Gráinne. Bíonn sí i gcónaí ag iarraidh caint agus bíonn sí i gcónaí istigh i ngach rud. Aon rud atá ag tarlú, bíonn Gráinne ansin. Uaireanta déanann sí rudaí dána.
Nuair a shuigh Gráinne ag a cathaoir, bhí cluiche ar siúl ag an mbord ach ní raibh aon cluiche gur mhaith le Gráinne. Chaith sí na cluichí ar an talamh. Lig an múinteoir béic aisti. Ag am sosa, bhí sí ag an mballa. Ní raibh sí sasta ar cor ar bith. Tar éis tamaill,  bhí cead aici a bheith ag súgradh le gach duine eile.
Nuair a tháinig siad isteach ón sos, d’ith siad an bia. Tar éis tamaill tháinig an múinteoir isteach agus thosaigh siad ag obair. Ní raibh Gráinne róshásta agus thosaigh sí ag tabhairt amach. Ní raibh an múinteoir sásta ar cor ar bith.
Ag am lóin, bhí sé ag cur báistí agus bhí ar gach duine fanacht istigh. Dúirt an múinteoir go raibh cead acu leabhar a fháil ón leabharlann. Ní raibh aon leabhar ba mhaith le Gráinne agus leag sí na leabhair den tseilf. Bhí sí i dtrioblóid leis an múinteoir. Bhí ar Ghráinne na leabhair go léir a phiocadh suas.
Tar éis tamaill, bhí cead acu dul amach. Chuaigh Gráinne ar an bhféar ach ní raibh cead aici. Bhí páistí a raibh níos sine ag rá go gcaithfeadh sí dul ar ais go dtí a spás. Ach ní raibh sí ag éisteach. Thit Gráinne agus bhí sí clúdaithe le salachar. Chonaic an múinteoir í agus chuir sí fios ar a mamaí agus d’imigh sí abhaile.

Le Elisha

 

 

Tubaiste ar Scoil

An Déardaoin a bhí ann nuair a tharla an tubaiste seo. Bhí muid ag déanamh ár mata nuair a tháinig Múinteoir Cristín isteach. Bhí a carr greamaithe i bpoll. Chuaigh Múinteoir Gearóid amach chun cabhrú léi, ach chuir sé glas ar an doras agus ar ar na fuinneoga. Bhí muid greamaithe sa seomra. Chuaigh gach duine fiáin.

Ar dtús, bhí Cathal agus Séamus ag bualadh a chéile. Ansin phioc Séamus suas Cathal agus chaith sé ar an mbord. Bhris an bord i leath. Thosaigh Cathal ag caoineadh. Níor bhac Séamus faoi. Fuair sé an pianó agus bhris sé é ar cheann Cathail. Bhí Cathal gan aithne, gan urlabhra.

Thosaigh na cailíní ag pleidhcíocht leis an gclár cliste. Bhí gach duine ag iarraidh a ainm a scríobh ar an gclár. Bhí iomarca daoine thuas air agus thit sé den balla. Ní raibh aon duine gortaithe. Bhí an clár dubh ar an mballa. Fuair muid cailc ach bhí torann uafásach. Mar sin d’fhág muid é.

Tharla rudaí eile freisin. Bhí daoine ag caitheamh leabhar, bhí rásanna le caothaoir an mhúinteora agus troid le péint againn agus bhí sé i ngach áit.

Nuair a d’oscail an muinteoir an doras, ba bheag nár phléasc sé. Bhí deatach ag teacht amach óna chluasa agus bheifeá tú ábalta é a chloisteáil i mBaile Átha Cliath. Rith Múinteoir Máire Treasa isteach sa seomra. Bhí an seomra comh salach sin nach raibh aon scoil agam ar feadh seachtaine.

Roibéard

 

Drochlá Aisling

 
Lá amháin, dhúisigh mé ag fiche tar éis a hocht. Bhí mé déanach do scoil! Rith mé síos an staighre comh tapaí gurbh fhéidir liom agus d’ith mé mo bhricfeasta go tapaí. Ansin, scuab me mo fhiacla agus léim mé ar an mbus.
Nuair a shiúil mé isteach sa seora ranga, thosaigh gach duine ag stánadh orm, an múinteoir freisin! Ansin d’fhéach mé síos agus chonaic mé é. Bhí náire an domhain orm. Bhí m’éadaí codlata fós orm. Chuaigh m’aghaidh dearg agus thosaigh gach duine ag gáire. Rith mé den tseomra. Níorbh fhada gur tháinig an múinteoir amach le éadaí breise. Ach nuair a chur me orm iad, éadai buachaillí a bhí iontu!
Ag am lóin bhí sé ag cur báistí. Mar sin, bhí orainn fanacht sa seomra ranga. Go tobann, lig ceann de na buachaillí béic as. “AAAAAH! FÉACH SUAS!!” D’fhéach mé suas agus chonaic me buicéad! Le uisce! Ag titim amach as! ORM! Thosaigh mé ag caoineadh. Tháinig an múinteoir isteach agus chuir duine an mbuicéad faoin mbord. Ní fhaca an múinteoir é. “A, Aisling. Cén fáth a ndeachaigh tú taobh amuigh? Nílim chun éadaí tirime a thabhairt duit!”
Ansin bhí teist mata againn. Cheap mé go raibh na ceisteanna comh deacair! Rudaí mar 6+2! Ní bhfuair mé aon cinn i gceart. Go tobann, sheas mé suas agus rith mé abhaile. Chuaigh mé a chodladh agus, an chéad lá eile, bhí sé cosúil mar nár tharla aon rud!

Aisling

 

Drochlá ar Scoil

Ba é an lá a bhí muid ag fail na pictiúir tóghtha. D’éirigh mé ar 9:30. “Huh” a dúirt mé. Tosnaíonn scoil ag a deich chun a naoi. Bhí a fhios agam ansin go raibh an lá chun bheith uafásach. Ansin, nuair a bhí mé ag fáil réidh, ní raibh mé in an mo gheansaí a fháil. D’fhéach mé gach áit agus sa deireadh fuair mé é. Bhí sé san inneall níocháin agus bhí sé fós fliuch. Phíoc mé amach geansaí liath ansin agus bhí mé ag caitheamh é sin isteach sa scoil.
Deich nóiméad ina dhiaidh sin, bhí mé ag an scoil. Bhí mé ag siúl isteach an doras. Bhí sé deich a clog. Shiúil mé isteach agus thosaigh gach duine ag féachaint. Chuaigh mé dearg le aiféaltas. Chuir an múinteoir ceist orm. Dúirt sé “cén fath a raibh tú déanach?" Dúirt mé gur éirigh mé ró-dhéanach. Thosaigh gach duine ag gáire.
Ag aon-deag a chlog, chuaigh muid amach sa chlós. Bhí an lá fliuch. Bhíomar ag súgradh tip agus bhí Ashling B air. Bhí mise taobh thiar den bhalla. Bhí lochán clábair in aice liom. Tháinig Aisling B mise agus rith mé agus thit mé sa lochán clábair. Bhí mé sáite le láib agus ní raibh aon éadaí eile agam. Nuair a bhí an grianghrafadóir ag tógáil na bpictiúr, thit mé ceann ar dtús ar an talamh. Bhí mé ag cur fola ar mo ghlúin. Ba lá uafásach é agus níl mé ag iarraidh lá mar sin riamh arís.

Máire

 

Tubaiste ar Scoil


Lá amháin, bhí sé an-fhuar agus ag cur sneachta. Chuaigh mé go dtí scoil ar a naoi a chlog. Nuair a shroich mé an scoil, bhí gach duine ag caitheamh hata, lámhainní, cóta agus buataisí. Ní raibh aon teas sa scoil agus ní raibh na radaitheoirí ag obair. Bhí gach duine an-fhuar!
Ar a hoan a chlog, thosaigh sé ag cur sneachta níos measa amuigh sa chlós. Bhí gach paistí ag súgradh sa sneachta. Ach, nuair a chuaigh muid isteach sna ranganna, bhí na ranganna lan d’uisce! Ghlaoigh an múinteoir ar an mbriogáid dóiteáin ach rinne sé dearmad, nach raibh aon duine ag obair mar bhí alán sneachta ar na bóithre!
Cúpla noiméad nios deanaí, bhí an scoil ar fad lán d`uisce agus ní raibh aon tuairim ar na páistí nó na múinteoirí cén chaoi a bhí sé ag tarlú! Bhí gach rud salach ó bhun go barr! Bhí sé an-dáinséarach mar bhí alán trealaimh leictreach sa scoil. Go tobann, bhí bang agus splancanna as an solas. Scread an múinteoir “aslonnú!” agus rith gach duine go dtí an slí amach. Ach ní raibh siad ábalta dul amach mar bhí uisce i gcoinne an dorais! “Cad a dhéanfaimid?” arsa na páistí. “Tá fuinneog mhór i mo rang” arsa múinteoir amháin. Rith gach duine go dtí an rang agus chuaigh siad amach an fhuinneog. Shábháil an múinteoir an lá!

Caoimhe Nic Giobúin

 

 

Tubaiste ar Scoil

Rinne mo rang, Rang a Sé, tiomsaitheoir airgid le haghaidh turas scoile go dtí  Baile Átha  Cliath . Bhí sceitimíní ar gach duine ach ní raibh an t-airgead  ag an scoil chun dul. Mar sin, rinne muid díolachán cácaí.

Rinne gach duine bonnóga, cácaí, milseáin, grán rósta, seacláid the agus leamhacháin. Rinne  grúpa amháin trath na gceist. Bhí sé dhá euro chun páirt a ghlacadh sa trath na gceist. Bhi an praghas ar ghach rud eile aon euro.

Ar an lá den diolachán, bhí an aimsir uafásach. Bhí sé ag stealladh báisti. Bhí an ghaoth ag séideadh agus bhí tintreach. Bhí sé fuar freisin. Rinne muid an diolachán sa halla sa scoil, bhi an-chraic ag gach duine.

Go tobann, chuaigh an leictreachas. Ansin bhí duine ag screadaíl. Ghoid duine an t-airgead. Thosaigh gach duine ag caoineadh.  Mar sin, ní raibh muid ábalta dul go dtí Baile Átha  Cliath.

Ruaidhrí

 

Tubaiste ar Scoil

Tá mé ar freastal ar Scoil Raiftéirí ó bhliain 2OO8. Is scoil an-deas í agus tá go leor seomraí ranga agus halla mór ann. Tá cupla dorais ar chun tosaigh agus timpeall agus taobh thiar den scoil.

Gach maidin ar an Luan, tagann na páistí go léir le chéile sa halla. Bhí boladh aisteach san aer. Chuaigh muid go léir ar ais go dtí na seomraí ranga. Dúirt páiste amháin go raibh an boladh cosúil le deatach ach níor chuala an múinteoir.

Bhí sé beagnach am don sos beag nuair a chuala muid an ruaille buaille sa halla. Bhí páistí ag rith agus ag screadáil. Chuaigh gach duine go dtí an doras taobh thiar den scoil. D’oscail an mhúinteoir an doras le deatachi i ngach áit sa halla mór. Bhí orainn go léir siúl as an tseomra agus chuaigh muid go dtí an t-ionad pointeála. Ansin rinne gach múinteoir an rolla le haghaidh a sheomra féin.

Tháinig an bhriogáid dóiteáin agus chuaigh na fir thine isteach sa scoil chun an tine a chur as agus an scoil a shábháil. Bhí faitios ar na daltaí go léir agus ar na múinteoirí freisin. Nuair a bhí gach rud faoí smacht, tháinig na fir thine amach. Dúirt said go raibh gach rud ceart go leor agus nach raibh mórán damáiste déanta.

Thosaigh an tine sa chistin. Locht a bhí ann. Fuair múid cúpla lá saor ó scoil mar bhí an boladh uafásach. Bhí an tubaiste sin beag ach, le nóiméad amháin eile, b’fhéidir go mbeadh scéal difriúil ann!

Eoin

 

TUBAISTE AR SCOIL

Lá amháin ar scoil, tháinig buachaill nua go dtí scoil. Bhí mé ag siúl ar scoil agus bhí an buachaill ar an mbóthar. Chuir mé ceist air, “céard é d’ainm?” Dúirt sé “Joe.” Thosaigh sé ag caitheamh clocha liom. Bhí an ghaoth ag séideadh agus thit crann ar an mbóthar. Chuaigh mé thall chuig Joe. Ní raibh sé róshásta. Bhí orainn dreapadh ar an gcrann chun dul ar an mbóthar eile. Bhí Joe an-chrosta mar ní raibh sé ag iarraidh a bheith déanach don chéad lá ar scoil.

Nuair a tháinig muid ar scoil, bhí sé leath uair tar éis a naoi. Bhí an múinteoir an-chrosta linn agus bhí Joe an-chrosta liom. Chaith sé peann luaidhe liom ach d’imigh sé tharam agus bhris sé an fhuinneog. Chuaigh mé agus Joe go dtí oifig an phríomhoide agus fuair muid 20 líne. Ar an gclós, bhí Joe an-chrosta liom agus ní raibh sé ag caint liom. Ag a dódhéag a chlog, thosaigh sé ag cur báistí. Chuamar amach sa chlós agus bhí Joe ag caitheamh uisce orm. Bhí mo stocaí fliuch agus chuir mé ar an téitheoir iad.

Ag a ceathrú chun a haon, bhí mé agdreapadh ar mo chathaoir agus bhí Joe in aice liom abus bhrúigh sé mé. Ghortaigh mé mo cheann agus fuair an múinteoir paca leac oighit. Bhí mé ag dul abhaile ag a dó a chlog.

Ag a leathuair tar éis a haon, tháinig Joe chugam agus dúirt sé "tá brón orm". Ar feadh na bliana ar fad, bhí mise agus Joe mar chairde is fearr.

Breandán

 

 

 

Tubaiste ar Scoil

Fuair me luchóg ar son mo bhreithlá bliain ó shin. Chuir mo chairde ceist orm é a thabhairt liom ar scoil. Bhí a fhios agam nach ligfeadh mo thuismitheoirí nó an príomhoide dom é thabhairt. Fuair mé áit speiscalta i mo mhála scoile chun é a chur i bhfolach.
Nuair a shroich mé an scoil an mhaidin sin, bhí gach duine ag cur ceist orm faoi mo luchóg. Bhí siad ag iarraidh é a fheiceáil. Níor chreid siad go raibh sé liom. D’inis mé dóibh fanacht go dtí am ríomhaire.
Nuair a d’fhág an múinteoir an seomra ranga, thóg mé mo luch amach. Tháinig slua mór timpeall orm. Tháinig eagla ar mo luch agus rug sé a cosa agus d’éalaigh sí léi. Bhí sé caillte agus ní raibh am agam í a fháil. Bhí eagla orm é a rá don múinteoir.
An lá ina dhiaidh sin, bhí teacht le chéile ag an bpríomhoide. Bhí tubaiste mór ar scoil. D’ith luchóg na sreanganna de na ríomhaire ar fad. Ní raibh an t-airgead ag an scoil cinn nua a fháil. Bhí mise i mo shuí ansin ag éisteacht. Bhí mé ag cur allais. Cad a dhéanfainn?

Cathal ó Sé

 

 

Tubaiste ar Scoil

Lá gaofar a bhí ann. D’éirigh mé ag a seacht a chlog chun fáil réidh do scoil. Shroich mé an scoil uair an chloig déanach. Bhí naíre an domhain orm mar cheap mé go raibh me go luath i gcomhair scoile. Bhí an-fhearg ar an múinteoir. Fuair mé cúig líne dhéag. Ar a aon-déag a chlog, bhuail an chlog i gcomhair am lóin. Rith mé amach ar an bhféar. Sheas mé ar chloch ghéar. Thosaigh mé ag caoineadh. Fuair mé bindealán agus bhí mé ceart go leor.
Tar éis lóin, bhí sé am ár n-obair bhaile a cheartú. D’fhéach mé i gcomhair m’obair bhaile ach ní raibh aon obair bhaile i mó mhála. Dúirt mé le mo mhúinteoir ach cheap an múinteoir nach ndearna mé m’obair bhaile. Chuir sé gach ceist orm ach bhí siad ródheacair chun iad a dhéanamh i mo cheann.
Ag am lón mór, bhí mise agus mo chairde ag imirt corr. Nuair a bhí mise ag rith ó bhás go bás, bhí beach ar mo cheann agus chealg sé mé. Bhí mo shrón mar sú talún. Bhí náire orm.
Ag am ealaíne, bhí muid ag déanamh ealaíne Van Gogh. Bhí míse ag déanamh bláth. Chuaigh mé suas go dtí an doirteal chun uisce nua a fháil i gcomhair mó bhord agus thit an phéint agus an t-uisce salach ar mó éadaí scoile. Bhí orm éadaí eile a fháil.
Bhí a lán tubaistí agam an lá scoile sin! Tá súil agam nach dtarlóidh a leithéad de lá arís!

Éabha

 

 

Tubaiste ar Scoil

Ba é an chéad lá ar ais ar scoil. D’éirigh Tomás ar a hocht a chlog. Bhí sé déanach agus bhí an bus ag teacht ar a leathuair tar éis a hocht. Rith sé síos an staighre agus d’ith sé a bhricfeasta go tapa. Ní raibh am aige a chuid fiacla a ghlanadh. Fuair sé gléasta go tapa. Ba é sé an lá a raibh an cluiche ceannais na scoile ar siúl. Rinne sé dearmad ar a lón agus rinne sé dearmad ar na héadaí peile. Níor shroich sé an bus. Mar sin, chuaigh sé lena mháthair go dtí scoil.

Nuair a shroich sé an scoil, bhí sé uair a chloig déanach. Chuaigh sé isteach sa seomra ranga. Bhí an múinteoir an-chrosta leis. Ag am sosa, d’oscail sé a mhála agus ní raibh aon lón aige! Thóg a chara Seán íogart dó. Nuair a bhí Tomás ag ithe an íogart, thit píosa den íogart ar a gheansaí. Mar sin, bhí a gheansaí salach.

Ag am lóin, bhí sé ag imirt peile. Nuair a bhí sé ag rith, thit sé. Ghortaigh sé a ghlúin. Thosaigh Tomás ag caoineadh. Chuir an múinteoir fios ar a mhamaí agus thóg sí é go dtí an t-oispidéal. Dúirt an dochtúir go raibh sé ceart go leor. Chuaigh sé díreach go dtí an pháirc peile. Thóg mamaí a héadaí peile isteach léi. Nuair a bhí sé sa seomra gléasta, d’oscail sé a mhála agus ní raibh na bróga peile istigh sa mhála. Rith mamaí amach an doras, díreach go dtí an carr agus thiomáin sí abhaile. Fuair na bróga peile.

Nuair a shroich sí an pháirc peile, bhí an dá fhoireann ar an bpáirc. Rith sí go dtí Tomás agus thug sin a bhróga peile dó. Scóráil Seán trí chúl agus bhuaigh foireann na scoile.

Oisín

 

TUBAISTE AR SCOIL

 

Dhúisigh mé ar a 9:30. D’fhéach mé ar m’ uaireadóir agus léim mé amach as mo leaba  “Aahhhhhh! Táim déanach, 40 nóiméad déanach!” Go tapaí, fuair me mo chuid éadaí scoile ón vardrús. Bhí siad salach ó pheil inné. Bhí orm mo shainéide scoile a chur orm agus bhí corp oideachas againn inniu!

Rith me síos staighre chun bricfeasta a fháil. Ni raibh aon rud sa chófra. Thóg mé úll liom agus rith me amach chun mo mhála a fháil. Cá raibh sé? Bhí sé sa charr ach bhí mo dháid imithe go dtí obair sa charr!

Cá raibh mo bhróga?  Bhí siad caillte! Chuir mé orm mo bhuataisí. Bhí mo mhaim imithe le hÁine, mo dheirfiúr beag go dtí crèche. Rinne si dearmad mé a dhúisiú. Faoi dheireadh, rith mé amach an doras gan mála scoile, i mo shainéide scoile, le buataisí orm agus úll i mo lámh.
Fuair mé mo rothar amach as an ngaráiste. Bhí poll sa bhonn ag mo rothar. Rith mé ar ais agus thóg mé rothar mo dhaid. Bhí sé i bhfad rómhór!

Sheas mé ar chathaoir agus léim me suas ar an trasnán.
Nuair a shroich mé an scoil, bhí sé a deich a chlog! Bhí me níos mó ná uair a chloig déanach. Ach ní raibh aon duine ansin! D’fhéach mé timpeall ar feadh tamaill ach ní fhaca mé faic. Fan nóiméad....ba é an satharn!!!  Aaaggghhh.

Róisín A

 


Tubaiste Ar Scoil

Lá amháin i rith an gheimhridh, bhí na páistí ag rothaíocht chuig scoil, ach bhí leac oighir ar an gcosán. Shleamhnaigh rothar Jack ar an leac oighir agus thit Jack den rothar. Thosaigh sé ag caoineadh agus bhí ar na páistí eile stopadh. Thug siad cabhair dó seasamh suas. Tamaill tar éis é sin, shroich siad an scoil agus chuaigh siad isteach chuig an seomra ranga.

Nuair a tháinig siad isteach, ní fhaca siad an múinteoir in aon áit ach fós shuigh siad síos. Go tobann, [tar éis tamaill] lig Sorcha béic aisti mar thit an díon uirthi is thit an múinteoir uirthi freisin. Ni dúirt an múinteoir cén fáth a raibh sé ar an díon den tseomra ranga ach dúirt sé go raibh sé ag iarraidh rud éigin a dheisiú.

Tar éis am lóin mhóir, bhí tubaiste an-mhór mar bhí an scoil trí thine ar thaobh amháin. Rith gach duine amach agus ní raibh aon duine gortaitha. Ach ní raibh an scoil in aice leo níos mó mar bhi sé ina luaithrigh leis an tine. Bhí an bhriogáid dóiteáin ródhéanach. Bhí ar na páistí fanacht do na tuismitheoirí.

Le Jason Ó Broin

 

 

Tubaiste Ar Scoil

Nuair a dhúisigh mé maidin Dé Luain, d’fhéach mé ar an gclog. Bhí sé deich a chlog! Bhí mé déanach i gcomhair scoile! Rith mé go dtí an chistin agus d’ith mé mo bhricfeasta. Ansin rith mé arais go dtí mo sheomra codlata agus chuir mé mo chuid éadaí scoile orm. Rith mé amach an doras agus léim mé isteach sa charr. Nuair a bhíomar ar an mbóthar, bhí trácht i ngach áit. Ag an deireadh, fuair mé  go dtí an scoil.
Chuaigh mé isteach go dtí mo sheomra ranga agus dúirt mé go raibh mé déanach. Dúirt an múinteoir go raibh sé ag iarraidh nóta. Ach ní raibh nóta agam. Mar sin, fuair mé línte. Nuair a bhí orainn ár lón a thógáil amach, d’fhéach mé i mo mhála ach ní raibh aon bosca lóin ansin! Chuamar amach sa chlós agus thosaíomar ag súgradh tip. Nuair a bhí mé ag iarraidh mo chara Saoirse a thipeáil, bhrúigh mé í agus bhí sí ar buile liom.
Nuair a chuamar isteach sa rang arís, bhíomar ag déanamh amhráin agus dánta, ach ní raibh mo chóipleabhar agam. Bhí sé sa bhaile! Ní raibh Saoirse ag iarraidh roinnt liom. Mar sin, dúirt an múinteoir go raibh orm an t-amhrán a scríobh amach arís.
Ag an deireadh, tháinig an t-am agus bhí orainn dul abhaile. Bhí mé sona sásta ach, nuair a bhí mé ag siúl abhaile, thit mé ar mo ghlúin agus bhí sé ag cur fola.


Bhí mo lá uafásach!

Le Deirbhile

 

 

Tubaiste ar Scoil


Lá amháin, dhúisigh mé ag a seacht a chlog ar an Máirt. Bhí tromluí agam. Chuaigh mé síos go dtí an chistin. Fuair mé babhla Cheerios dom féin ach, nuair a chuir mé an bainne sa bhabhla, chonaic mé píosaí beaga uachtair istigh ann. Bhí an bainne as dáta!
Chuaigh mé go dtí scoil le bolg folamh. Ag a naoi a chlog, bhuail an chlog agus shiúil muid isteach. Bhí mothú go ndearna mé dearmad ar rud éigin... “Tóg amach do obair bhaile!” arsa an múinteoir. Rinne mé dearmad!
Ag am lóin, thóg gach duine a lón amach. Bhí dearmad déanta agam! Ní raibh aon lón agam. Chuaigh an rang amach sa chlós. Thosaigh muid ag imirt sacair. Rith mé leis an liathróid, síos an clós. Ach ansin, isteach le cos imreoir eile agus thit mé ar an talamh. Bhí gearradh uafásach ar mo ghlúin.
Am dul abhaile! Bhí mé an-sásta. Shiúil muid amach an doras. Sheas mé ag an mballa agus d’fhan mé dun bhus. Bhí fiche nóiméad caite agam ad fanacht. Tar éis triocha nóiméad, shiúil mé isteach sa scoil agus chuaigh mé go dtí oifig an rúnaí. Chuir mé ghloach abhaile agus chuaigh mé abhaile. Bhí tuirse an domhain orm.

Laoise Ní Mhurchú

 

Tubaiste Scoile

Bhí  muid ar scoil. Lá gheimhridh a bhí ann. Bhí an sneachta ag titim go trom. Am lóin a bhí ann. Bhí muid an spreagúil chun liathróidí sneachta a dhéanamh. Níor lig na múinteoirí muid dul amach sa chlós. Rinne muid scrúdú i gcomhar deireadh an lae. Ní raibh a fhios againn cé mhéad sneachta a bhí ag titim!!!!!!! Nuair a bhí muid ag dul abhaile, bhí sé ródhéanach!!!!!!!!!

Ghlaoigh an príomhóide ar ghach duine teacht isteach sa halla. “Tá píosa nuacht agam... Thit alán sneachta inniú agus tá muid sáite sa scoil! Ná bí eagla oraibh! Ní gá dúinn ach óiche amháin a chaitheamh anseo.” Ansin díreach thosaigh gach duine ag screadáil agus ag caoineadh. “Tá muid chun bás a fháil” a bhí cailín óg ag screadáil. Bhí buachaill eile ag béiceadh “Níl mé chun na Simpsons a fheiceáil”

Taréis trí uair, chríochnaigh gach duine ag caoineadh, Dúirt na múinteoirí “Cad a déanfaimid faoi leaba?” Dúirt buachaill “Tá cuilt mór igcomhair ealaín i seomra rang a hAon. D’úsáid siad  an chuilt mar bhlaincéad. Bhí ocras orm agus ar mo chairde. Go ciúin, chuaigh muid isteach i seomra na múinteoirí. D’oscail muid an cófra agus bhí sé lán le brioscaí! Thóg muid amach iad agus d’ith muid an iomarca brioscaí, Bhí pian in ár mbolg. Bhí sé deacair dul a chodladh!

Nuair a dhúisigh muid, bhí an sneachta imithe! Nuair a chuaigh mé abhaile, d’fhéach muid ar an nuacht. Bhí muid ar fad ar an nuacht! “Táimid cáiliúil!” a dúirt mé.

 

Oscar

 

 

An Lá Uafásach

Lá amháin ar lá spóirt, tharla an rud is measa sa scoil riamh. Ar maidin, thosaigh an ghrian ag taitneamh sa speir. Bhí gach duine sa scoil ag caitheamh brístí gearra.
Go tobann, thosaigh sé ag cur sneachta, agus bhí gach duine reoite. Bhí an lá spóirt curtha ar ceall agus bhí ar gach duine i Rang a Sé mata a dhéanamh.
Nuair a bhuail an clog, bhí gach duine sona sásta ach ní raibh cead againn dul amach ag súgradh leis an sneachta. Tar éis tamaill, stop na radaitheoir ag obair agus bhí an scoil mar ciúb leac oighir.
Ansin fuair mé línte mar dúirt mé i mBéarla “it’s very cold’’. Bhí an-bhrón orm. Bhuail an clog ag 2:30 ach... bhí balla sneachta timpeall na scoile agus ní raibh aon duine in ann féachaint amach an fhuinneog.
Ach d’eírigh sé níos measa. Bhí gach bóthar dúnta agus bhí sé fós ag cur sneachta agus bhí an balla cúig méadar ard.
Bhí ocras an domhain ar ghach duine sa scoil ach bhí plean againn. Rinneamar trinse mór go dtí Lidl agus ghoideamar an bia ar fad sa siopa, ní raibh ocras orainn anois.
Rinne Rang a Sé blancéid don leaba as na cuirtíní sa halla agus, nuair a dhúisigh gach dhuine, bhí an sneachta 30cm ar airde agus bhí troid clocha sneachta againn.

Le Alex

 

TUBAISTE AR SCOIL

Lá amháin geimhridh a bhí ann agus bhí sneachta bán ar an talamh. Bhí mé ag rothaíocht ar scoil agus go tobann rith madra os comhair dom. Bhí orm tarraingt ar na coscáin go tapaí amach. Rinne mé cinneál do “front flip” agus thit mé ar mo cheann. Thosaigh sé ag cur fola agus ní raibh an sneachta bán níos mó, bhí sé dearg!
Nuair a tháinig mé ar scoil, chuir na múinteoirí bindealán ar mo cheann. Fuair mé i dtrioblóid mar go raibh mé 45 nóiméad mall agus fuair mé 10 líne comh maith! Níos déanaí sa lá, fuair muid amach go raibh oreann fanacht sa scoil don oíche mar go raibh sneachta ag clúdú na doirse. Bhí díoma ar gach duine fiú amháin na múinteoirí!
Ag deireadh an lá chuirimir síos mataí urláir ar an talamh agus fuar muid ré don oíche. Thit gach duine ina chodladh agus thosaigh an sneachta ag leá.
An mhaidin dar gcionn, nuair a dhúisigh muid fuair muid amach go raibh an díon tar éis titim isteach agus go raibh sneachta gach áit. Bhí gach duine trína chéile.
Rinne muid ár mbealach amach as an sneachta. Bhris an sneachta an doras agus d’éalaigh gach duine. Ní raibh aon scoil ar feadh seachtaine agus bhí gach duine sona sásta.

Le Conall

 

 

          Tubaiste Ar Scoil


Lá amháin, léigh an múinteoir Jeff litir ó GMIT. Dúirt sé go mbeadh triúr daoine ón GMIT ag teacht chun bolcán a dhéanamh. Bhí muid an-sásta  agus neirbhíseach freisin. Dúirt Jeff go mbeadh siad ag teacht ag a deich tar éis a naoi ar maidin.

Tháinig an triúr duine ag deich tar-éis a naoi. Bailíodh gach duine sa halla mór ach amháin naionáin bheaga, naionáin mhóra agus Rang a hAon mar ní raibh siad ar scoil. Nuair a bhí gach réidh, thosaigh siad. Ach fuair siad rud mícheart agus thosaigh tine mhór. Cheap muid nach raibh an tine dainséarach ach ansin phléasc tine. Thit duine isteach sa tine. Ansin bhí a fhios again gur fíor thine a bhí inti.

Ghlaoigh an rúnaí ar an ospidéal agus ar an mbriogáid dóiteáin. Bhí orainn dul go dtí ár seomra ranga. Chuaigh muid amach an doras éigeandála. Nuair a bhí gach rang ar ais le chéile, tháinig an bhriogáid dóiteáin agus an t-otharcharr. Chuir an rúnaí fios eile ar na tuismitheoirí agus tháinig siad ansin.
Chuaigh mé abhaile mar bhí an scoil dóite. Ní bhfuair an duine bás ach bhí cúpla duine gortaíther. Ach ní bhfuair muid aon obair bhaile.

Séamus ó hAodha.
     

 

Tubaiste ar scoil!

Cheap na múinteoirí go raibh sé chun a bheith mar lá  eile ach, nuair a chuaigh Rang 6 isteach sa seomra ranga ag a 8:50, bhí na páistí ag caint is ag cómhrá!
Ag a naoi a chlog, thit an díon isteach. Bhí gach duine ceart go leor ach ansin chuala gach daoine toirneach. chonaic siad  tintreach agus bhuail sé an múinteoir! Ach tar éis cúpla nóiméad, bhí sé ceart go leor. Ní raibh siad in ann an seomra a úsáid. Mar sin chuaigh siad isteach go dtí seomra na ríomhairí ach chuaigh an leictreachas. Fuair na muinteoirí glo-sticks agus chuir siad iad timpeall na scoile iad.
Ag am lón beag, bhí gach daoine ag iarraidh dul abhaile. Bhí sé an-stoirmíul agus ní raibh cead ag aon duine dul abhaile. Ag 12:05 stop an stoirm agus bhí cead ag gach duine dul abhaile. Ní raibh aon scoil ar feadh trí mhí.
Le Heather

 

Tubaiste ar Scoil!

Lá amháin , nuair a bhí mé ar scoil, bhí tubaiste ann. Bhí sé ag cur sneachta go trom. Níor stop an sneachta ag titim agus , istigh sa scoil. Thosaigh daoine ag béicíl. Ansin chuaigh siad i dtreo an doras ach, nuair a chonaic muid cé comh ard a bhí, an sneachta,  ní raibh seans again fail amach. Chuir an múinteoir glaoch ar na tuistí chun sluasaid a fháil agus thosaigh siad ag tógáil sneachta amach as an mbealach.
Bhí an scoil trína chéile. Bhí rudaí gach áit ar an urlár. Bhí leabhair , criáin agus páipéir ar na boird agus ar na cathaoireacha. Dúirt an muinteoir go raibh sí chun scéal a léamh dúinn mar bhí muid ag fanacht le tamall fada.Thosaigh daoine ag caoineadh. Bhí siad ag iarraidh dul abhaile go teach a raibh go deas te mar stop an teas ag obair sa scoil.
D’éirigh leis na tuistí an sneachta a thógáil de na doirse. Bhí na páistí agus na múinteoirí an-sásta, agus rith siad amach sa chlós agus thosaigh siad ag déanamh fir shneachta agus aingil shneachta.
Ní bheidh mé ag déanamh dearmaid ar an lá sin riamh!

Róisín I