Cuairt an Taoisigh


Tháinig an Taoiseach ar cuairt chuig an scoil cúpla lá ó shin. Ní dheachaigh gach rud an bealach a cheapamar go rachadh an lá. Ar dtús, thit an Taoiseach thar mo mhála scoile, agus is beag nár bhuail sé a cheann ar an talamh. Ansin nuair a chuaigh an Taoiseach go dtí bord éigin ag cúl an seomra ranga, bhí buachaill tinn. Gach áit. Ar an mbord, ar a chara..... agus ar an Taoiseach.

Cheapamar go raibh gach rud thart, ach go tobann, d’oscail an doras agus léim beirt gadaíthe isteach! Sháigh gada amháin gunna ag an múinteoir agus thosaigh an múinteoir ag caoineadh. “Cuirigí an t-airgead go léir a bhfuil agaibh ar an úrlar!” arsa an gadaí eile. Ach ansin léim mise amach agus rinne mé K-A-R-A-T-E orthu agus rith siad abhaile ag caoineadh.

Níor chualamar ar ais ón Taoiseach. B’fhéidir nár thaitin na bonnóga a rinneamar dó leis?

-Aoife Ní Ghrádaigh

 

 

Cuairt an Taoisigh


Ar an  21ú lá de Mí Aibreán 2015, shocraigh na múinteoirí rud beag i gcomhair na páistí. Bhí an Taoiseach ag teacht ar cuairt chuig na scoile, ach ní raibh a fhios ag na páistí. Cheap na páistí gur gnáth lá a bhí rompu; cheap na múinteoirí  gur lá aláinn a bhí rompu. Mar a dhéarfadh Múinteoir: ‘Bhí sibh go léir... MÍ- cheart!
Shroich an Taoiseach Scoil Raifteirí ag a deich a chloig ar maidin. Chuir an príomhoide fáilte mór roimhe ag an doras.THosaigh sé ag siúl timpeall na scoile. Chuaigh sé ó rang go rang. Bhí gach rud ag dul ar aghaidh go hiontach. Bhí an-iontas ar na páistí é a fheiceáil. Bhí na múinteoirí an-sásta é a fheiceáil. Ní raibh aithne ag na naíonáin cé a bhí ann. Thaispeáin na páistí a lán rudaí don Taoiseach.

Nuair a d’fhág sé Rang a Cúig , ní raibh ach rang amháin fágtha: Rang a Sé. D’oscail an Taoiseach an doras. Bhuail eitleán páipéar a chloigeann. Bhí ‘uptown funk’ ar siúl ar an ‘smart board’ agus bhí gach duine ag damhsa. Bhuel, beagnach gach duine. Ní raibh Múinteoir Gearóid ag damhsa! Bhí an múinteoir bocht ceangailte suas le sreang agus bhí úll ina bhéal. Bhí sé ina luí faoin mbord. D’fhéach an Taoiseach thart timpeall an tseomra ar fad. Thosaigh Múinteoir Gearóid ag screadaíl ach d’fhág an Taoiseach ar nós na gaoithe.

Ní raibh a fhios ag aon duine cá ndeachaigh an Taoiseach ach deartar go bhfaca duine an Taoiseach ag rith ón scoil agus ag screadaíl. Níor tháinig sé ar ais chuig an scoil riamh arís. A mhúinteoirí, nuair atá an Taoiseach ag teacht, abraígí le na páistí!
Emmet

 

 

Cuairt an Taoisigh


Ar an Luan seo chaite, tháinig an Taoiseach go dtí Scoil Raifteirí. Chonaic sé na ranganna go léir ach amháin rang a sé.

Nuair a d’oscail sé an doras, chonaic sé leabhair ar an urlár. Bhí na cathaoireacha ceangailte suas ar an tsíleáil. Ansin nuair ar tháinig an Taoiseach isteach, thit buicéad mór le huisce istigh an ar a cheann. Thóg an Taoiseach an buicéad den a cheann. Bhí sé an-chrosta.

Chuaigh sé suas go dti bord an mhúinteora. Ach ansin chonaic sé Múinteoir Gearóid ceangailte suas sa chúinne le bandana timpeall a bhéal. Nuair a shuigh an Taoiseach síos, ní raibh sé in ann éirí suas. Ansin bhrúigh muid amach go dtí an fear salach é. Bhrúigh muid é isteach agus thit sé den chathaoir agus rith an Taoiseach abhaile agus thosaigh muid go léir ag gáire


Keith