Caillte
sa Chathair Mhór
Bhí mé féin, mo mhamaí agus mo dheirfiúr
Isobel ag dul go dtí Baile Átha Cliath ag siopadóireacht
ag an deireadh seachtaine. Bhí málaí pacáilte
agus bhí mé ar bís.
Ar a haon déag a chlog, shroich muid an chathair, ansin thogamar
bus go dtí an lár den chathair. Ansin chuala mé
téacs ar mo fónphóca. Stop mé chun an téacs
a fheiceáil. D'fhéach me suas agus bhí Mamaí
agus Isobel as radharc. Bhí an tsráid lán de dhaoine,
agus iad ag siúl go tapaidh. Ansin, chonaic mé cóta
cosúil leis an gceann a bhí ag mo mhamaí. Lean
mé ar aghaidh ag siúl ach ní Mamaí a bhí
ann!
Rinne mé iarracht téacs a chur chuig mo Mhamaí
ach ní raibh "credit" agam. Chuimhnigh mé go
raibh Mamaí ag dul go dtí Sráid Grafton agus go
raibh an tsráid sin thar an Life. Nuair a shroich mé Sráid
Grafton, chuardaigh mé na siopaí ab fhearr le mo Mhamaí.
Bhí eagla an domhain orm. Chuir mé cuma orm go raibh a
fhios agam cén áit a raibh mé ag dul. Chuir mé
mo mhála faoi bhun mo chóta.
Go tobann, chuimhnigh mé ar chómhrá a bhí
ag mo Mhamaí le mo haintín ar an traein. Shocraigh mo
mhamaí go gcasfadh sí le m'aintín in Avoca ag a
leath uair tar éis a dó deag. Rith mé go dtí
Avoca ar nós an gaoithe. Bhí m'aintín ag fanacht
os comhair an dorais. Chuir m'aintín glaoch ar mo mhamaí
a bhí ar mire.
Nuair a shroich mo Mhamaí agus Isobel Avoca, bhí áthas
an domhain uirthi chun mé a fhéiceáil. Ach ansin,
thug sí íde béil mhór dom!
Éabha Ní Eosaigh, Rang 6, 2011
Caillte
sa Chathair Mhór
Bhí mé
féin agus mo chlann ag dul ar saoire chuig Bhaile Átha
Cliath. Tar éis ag iompar na málaí taistil ón
staisiún traenach, bhíomar ag an ostán.
"Anois! Suígí libh ar na suíocháin
chompordacha sin. Táim ag cur fúthu san ostlann."
A dúirt mo mhama leis an gclann. Nuair a bhíomar go léir
suite, lig mo dhaid béic as. "Rinne mé dearmad é
seo a thógáil go dtí do Mhaim!" a dúirt
sé, cárta creidmheasa ina láimh aige. "Kate?"
Lig Kate cnead astí. "Deanfaidh mise é!" a dúirt
mé ag léim suas. "Déanann sibh mé tinn!"
Chuaigh mé i dtreo na cistine. "Haigh! Ní féidir
leat a bheith istigh anseo!" a dúirt freastalaí liom.
Rith mé chuig an doras ag bun an tseomra.
Bhí mé amuigh ar an tsráid! Bhí an iomarca
rí rá agus ruaile buaile. Leath na súile orm nuair
a chonaic mé an siopa is fear ar domhan! River Island! Rith mé
i dtreo an tsiopa agus, gan smaoineamh trasna an bhóthair. Bhrúigh
an tiománaí an adharc agus rith mé Isteach sa siopa
in aice liom. Rith mé suas an staighre creasa agus isteach liom,
ach bhí a fhios agam go mbeadh mo mhamaí crosta. Shiúil
mé amach an doras go mall agus ní raibh m'ostlann le féiceáil
in aon áit! Thóg mé amach mo fón póca
agus scríofa air ná 'Battery Dead'. Seo é mo sheans!!!
"Sin €445." Thóg me an cárta creidmheasa
go dtí an siopadóir. Tar éis na héadaí
go léir a fháil, chuaigh mé isteach i gcaife. Amach
an doras liom agus bhí pictiúrlann os comhair mo aghaidh.
Bhí mo bhéal ar leatheadh le hiontas nuair a chonaic mé
'Breaking Dawn' ar phostaer.
Nuair a bhí
an scannán thart, bhí tuirse agus ionadh orm. Bhí
me caillte. Chuir mé mo héada nua faoi chrann agus thit
mé i mo chodladh.
"Fuair mé í slan sábháilte." Bhí
mé i lámha garda agus ní raibh codladh deas agam.
Mar sin, níor dhúisigh mé.
"Maggie, an bhfuil tú ceart go leor?" d'fhiafraigh
mo dhaidí díom. "Táim anois. MAGGIE AR ÚSÁID
TÚ AN CÁRTA CREIDMHEASA?" Anois, nuair a dheireann
tú é, tá pian uafásach i mo cheann
."
Le Mairéad Ní Éineacháin, Rang 6, 2011