Click here to see this map, which highlights all the places described below
It will minimise
itself as you use this page, for you to call up when you need it.
The red numbers on this page correspond to the numbers on the map.
Stair an Bhaile Seo eolas faoi stair an bhaile |
|
Armas Chaisleán an Bharraigh
|
There
are five elements on the 1 The name of the
town is commemorated by the introduction of the Castle of the Barrys.
|
Léirmheas ar an mbaile sa bhliain 2009
Chuaigh an dá Rang 5 timpeall an bhaile le Brian Hoban ar an 09.09.09
1: Áitreabh (premises) le bricí dearga
Tógadh
an áitreabh seo i 1786.
Bridewell, nó príosún, a bhí ann, uair.
Tugadh an
teideal an "Prima Donna"
ar an soprano cháiliúil Margaret Burke Sheridan nuair a
chan sí i Milan
Rugadh í sa teach seo (2)
3: Tithe Seoirseacha (Georgian Houses)
Tá
roinnt gnéithe suimiúla ailtireachta anseo, ach go háirithe
na doirse.
Bhí cónaí ar an uasaicme anseo: daoine a bhí ag
obair do Stát Seirbhís Shasana.
4: The Imperial Hotel
Bunaíodh
an t-ostán seo i 1785. Ostán Uí Dhálaigh a tugadh
air.
Tá gnéithe den Ré Elizabethan fós le feiceáil,
msh. an ailtireacht timpeall na doirse, agus an lampa gáis.
Istigh san fhoirgneamh, tá painéal álainn déanta as dair.
Stopfadh
an chóiste a thabharfadh an post ó Bhéal Átha na
Slua go Cathair na Mart anseo.
5: Church of Christian Fellowship
Nochtaigh
John Wesley an leacht dúshraithe (foundation stone) don Eaglais
Methodist anseo i 1785.
Ba é an t-aon eaglais Methodist sa tír a thosaigh Wesley é
féin.
Ba dheartháir é John Welsey le Charles, a scríobh Hark the Herald Angels Sing.
6: Christchurch
The Protestant church was built in 1739 at Mountain View and originally it had a thatched roof. The architect was Richard Cassels. |
The church was badly damaged and the roof burned in 1798 during the "Castlebar Races." The Rector in 1798 was Rev. Thomas Ellison, a man much feared by Catholic people. In January 1839, on the night of the "Big Wind", one of the spires was blown down but it was replaced soon afterwards. After
1798 it took thirty years to restore the church and put on a new slated
roof. When this was completed in1829 a high wall was built around the
church for protection. Part of this wall was taken down in 1845 when the
statue of General George O'Malley was erected. The church can seat 450
people. |
Tá
an Eaglais Anglacánach seo ar cheann de na foirgnimh is sine ar an mbaile.
Bhí an chéad chloch leagtha i 1739. Bhí ceann tuí
ar ag an am seo.
Rinneadh an-chuid damáiste i rith na troda sa bhliain 1798.
Rinneadh athchóiriú ar an eaglais in 1828.
Seo dealbh
cuimhneacháin ar Ghinearál George O'Malley.
Throid sé in airm na Breataine i Meiriceá Thuaidh,
san Éigipt agus ar fud na Meánmhara.
Fuair sé bás i 1847 agus tá sé curtha i Mainistir
Murrisc.
7: Seanscoil ar an bhFaiche
Seanscoil
a bhí anseo i rith an ghorta.
Bhí páistí in ann oideachas a fháil dá n-athróidís
ón gcreideamh Chaitliceach go dtí an chreideamh Phrotastúnach.
Thabharfaí "Jumpers" ar na daoine a d'athraigh creideamh.
Bhíodh
beairic mharcslua (cavalry barracks) na Breataine anseo sa 19ú
aois.
Níl fágtha anois den tseanbheairic ach deilbh an dá leon
atá suite ar dhá thaobh an dorais de stáisiún na
nGardaí. (8)
Tógadh an Teach Cúirte (9) i 1834.
Tá
roinnt gnéithe suimiúla ailtireachta anseo go háirithe
timpeall na bhfuinneog
agus na colúin Gréige clasaiceach Doric. Tá na colúin
déanta as iarann.
Bhí an chéad chruinniú ag Comhairle Chondae Mhaigh Eo anseo i 1899.
10 Crochadh Éireannaigh ón gcrann seo (the Hanging Tree)
Thit sé sios sa bhliain 1918
11: Beairic an Airm (infantry barracks)
I 1691, bunaíodh
garastún (garrison)i gCaisleán a' Bharraigh.
Bhí reigimintí éagsúla de Airm na Breataine ar an
mbaile ón am sin msh. na Connaught Rangers.
Bunaíodh an Bheairic atá anseo faoi láthair i 1834.
Dódh cuid den bheairic le linn an Chogaidh Shibhialta i 1922.
12: Teach Burleigh
Thóg
an Tiarna Leamhchán (Lord Lucan) an teach seo don Ghinearál
George O'Malley.
Duine de chlann uasaicmeach a bhí ann a throid le hAirm na Breataine.
13: Lána Cavendish (Cavendish Lane)
Fuair sé
a ainm ón Tiarna Frederick Cavendish,
a bhunaigh an Connaught Telegraph sa bhliain 1828.
14: Connaught Telegraph
Bhunaigh
an Tiarna Frederick Cavendish an Páipéar i 1828.
Foilsíodh an chéad eagrán ar Lá Fhéile Pádraig
1828.
Is é an páipéar proibhinsil is sine atá á
foilseadh in Éirinn anois.
16: Cearnóg an Mhargaidh
Bhíodh margaidh anseo gach Satharn.
Dá
mbeadh seastán (stall) agat, bheadh ort cíos a íoc
leis an Tiarna Talún.
Dá mbeadh díon air, bheadh ort dhá scilling a íoc.
Bhí sé scilling amháin gan díon.
Tá an pictiúr thuas c. 1956
1940
17: Sr. an Mhargaidh
Bhíodh
seamlas (abbatoir, slaughterhouse) anseo.
Maraíodh ainmhithe, agus théadh an fhuil isteach san abhainn.
18: Seo an abhainn. Féach ar an mbruscar! Ritheann an tSiúir
tríd an baile. |
19: Séipéal an Phaidrín Naofa (Church of the Holy Rosary)
Tógadh an foirgneamh mór álainn seo sa bhliain 1901
Bhí sé nua go leor nuair a tógadh an pictiúr seo
Seo an sean séipéal
Tógadh na pictiúirí seo thart ar 1890
20: Halla an Línéadaigh
Thóg
na plandálaithe a tháinig ó Chontae Aontroma timpeall 1790
an foirgneamh seo.
Díbríodh iad óna n-áit dhúchais, ach shocraigh
an formhór acu sa tsráid nua New Antrim Street.
Bhunaigh siad tionscail línéadaigh sa limistéar, agus úsáideadh
an halla chun é a stóráil.
The
Linen Hall was built in 1790 by the Second Earl of Lucan and used as a
clearing house for the local linen industry. |
Thóg
an dara Iarla Leamhcáin an Halla Línéadaigh sa bhliain
1790. D'úsáid sé an foirgneamh chun an línéadach
a stóráil agus a dhíol. Tháinig oibritheoirí
ó Chontae Ard Mhacha chun an tionscail seo a fhorbairt, agus tógadh
tithe dóibh sa tSráid Nua Aontroma.
|
15: Sapper's Mark / Benchmark / Crow's Feet (Bridge Street)
Taispeánann
na siombail seo airde na háite ó leibhéal na mara.
B'iad innealtóirí ón airm Shasanach a d'úsáid
na siombail seo
nuair a bhí na céad léarscáil Ordnance Survey á
dhéanamh acu.
Seo an phríomhshráid, picture taken from Bridge Street
Seo í ón taobh eile sa bhliain 2010...
...arís sa bhliain 2011...
...agus seo thart ar 1890!
1969
1979
Féach ar an tsiopa Fahey's thuas
Cúpla pictiúr eile anseo
Ceapann Rang 2 go bhfuil an foirgneamh níos deise sa bhliain 2011
Pictiúir ón mbliain 2015 anseo
Meitheamh 2019: Chuaigh Rang 4 ar thuras go dtí Fahey's sa phríomhshráid. Pictiúir anseo.
Chuaigh siad taobh thiar chun an sean-phictiúrlann a fheiceáil
Osclaíodh an Star Cinema sa bhliain 1919, taobh thiar de siopa rothar.
Cúpla pictiúr eile anseo
Sr an Chaisleáin
'Lána
an Chaisleáin' a ghlaonn formhór muintir an bhaile ar an tsráid
seo.
Rugadh an ceoltóir cáiliúil Stephen Garvey anseo, is tá
leacht cuimhneacháin ina onóir anseo.
Hover cursor over picture to see Castle Street 2010
Bhí
cúrsa abhann na Siúire ag dul tríd an ghleanna seo ar dtús,
is tógadh an caisleán agus
an beairic ar shuíomh straitéiseach ag breathnú amach ar
an abhainn.
1798: Rásaí Chaisleán an Bharraigh
Here are landmarks in the town from The Races of Castlebar:
Seo dhá phlaic chuimhneacháin ag ceiliúradh an Éirí Amach sa bhliain 1798
20: Halla an Línéadaigh Bhí damhsa speisialta ag an nGinearál Humbert sa halla seo tar éis an chatha i sa bhaile. |
21: Cnoc Thomáis (Staball Hill) Deirtear
gur scread mná a bhí ina gcónaí ar Shráid
Thomáis "Stab them all" a fhad is a bhí na Francaigh
agus na hÉireannaigh Aontaithe ag cur an ruaig ar Airm na Sasanach
i rith Rásaí Chaisleán an Bharraigh sa bhliain
1798.
|
Staball c.1890
Knockthomas, looking down where the force under Humbert attacked the English:
Roll cursor over image to see 2010
22:
1798 Mural in Rock Square
Don't forget Bridie Geraghty who painted it. She died of cancer.
23: Leacht Chuimhneacháin 1798
Nochtaíodh
an leacht seo sa bhliain 1948 mar chomóradh
150 bliain de Rásaí Chaisleán an Bharraigh 1 1798.
24: Uaigh John Moore
Nuair a tháinig
an Ginearál Humbert go Caisleán an Bharraigh,
thogh sé John Moore mar an chéad uachtarán ar Phoblacht
Chonnacht.
B'as an tSráid
dá chlann ó dhúchas, ach rugadh é in Alicante, sa
Spáinn.
Bhíodh gnó ag a thuismitheoirí ansin, ach bhog an chlann
ar ais go hÉirinn i 1792.
Cheannaigh siad eastát i mBelcarra: Moore Hall Estate.
Níor
mhair Poblacht Chonnacht ró-fhada.
Bhí an bua ag na Sasanaigh orthu i mBéal Átha na Muice
(Ballinamuck, Co. Sligo).
Gabhadh John Moore, agus fuair sé bás i 1799 i bPort Láirge.
Athchuireadh é sa bhliain 1961. Bhí an tUachtarán Éamon
De Valera ann,
agus tugadh onóir iomlán na hEaglaise agus an Stáit dó.
Pikes: Sr. an Mhargaidh (16)
Tá
meascán den sean agus nua anseo.
Ta na pikes i gcuimhne 1798 agus istigh leo, tá colúir
bháin (doves)
ag tabhairt aitheantais do na peace talks a bhí ar siúl
sa tuaisceart sa bhliain 1998
Bhíodh
droichead mheáigh anseo áit atá na pící anois.
Bhíodh ar na feirmeoirí a dtáirgí talún,
msh. prátaí, a mheá anseo,
agus cáin a íoc le Comhairle an Bhaile.
An stáisiún traenach
Seo
cúpla pictiúr ag taispeáint Caisleán an Bharraigh
ón mbliain 1905. Tá siad ón mbailiúchán
Wynne.
|
An Reilig (25)
Chuaigh an dá Rang 5 timpeall na reilige le Ernie Sweeney
Seo uaigh do na páistí óga a fuair bás
Thuas: Cuimhneachán de hÓglaigh na hÉireann a fuair bás ar son na tíre |
Seo uaigh James John Wynne, griangrafadóir cáiliúil ón mbaile, a fuair bás sa bhliain 1893 |
Tá céimeanna
suite ar an |
Tógadh ón tseanphriosúin iad. Ag áit sin, lean siad suas go dtí an áit a crochadh daoine (where prisoners were hanged!) |
Seo ceann de na sean table tombs.
Tá
na uaigheanna seo i lár an tseaneaglais. Tá an dáta 1624
ar an tseanleac ar bharr de.
D'úsáid na Protastúnaigh an chuid seo den reilig go dtí
gur thóg siad Christchurch.
As sin amach, cuireadh Caitlicigh anseo.
Seo saighdiúir a bhí ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda, John 'Bata' Roach.
|
|
Seo an treoraí, Ernie Sweeney, le gach duine ó Rang 5
Tháinig
sé isteach sa scoil chun níos mó a mhúineadh.
Labhair sé le Ranganna 5 agus 6 (thuas)
Thaispeáin sé a chos a ghortaigh sé nuair a bhí sé óg!
An Linn Snámha (26) Tógadh
í 1981. |
Tógadh é
sa bhliain 1978. |
An Phictiúrlann/Leisure Point (28) Tógadh
an phictiúrlann i 1998
|
Tá bowling alley ansin chomh maith Tógadh an Castlebar Leisure Point i 2001 |
Bunaíodh é sa bhliain 1935, nuair a fuarthas suíomh ón gclann Pelly a bhí mar uinéirí den Ostán Daly's. |
Club Sacair 1964 |
Seo pictiúr de Moneen, b'fhéidir sa bhliain 1980
31: Clic anseo chun an leabharlann a fheiceáil
Bhí sean-scoil Phrotastúnach ag an suíomh seo.
Bhí an seanfhoirgneamh in úsáid ag Scoil Raifteirí ó 1983-1989.
Bunaíodh
Scoil Raifteirí san
fhoirgneamh seo sa bhliain 1983.
Bhog an príomhoide, Máire Treasa Uí Dhálaigh, agus
an chéad rang,
isteach sa tseanscoil Phrotastúnach, Christchurch National School,
áit atá Leabharlann Chontae Mhaigh Eo suite inniu.
Clic anseo chun stair Scoil Raifteirí a fheiceáil
Hover the mouse over the 1917 Map to see how Castlebar changed by 2003
Léiríonn sé an bealach a d'athraigh an baile idir 1917 agus 2003.