Click here to see a very short video
|
|
|
|
|
|
|
|
Slán!
...ach tá pictiúirí eile thíos ó 2006
Chuaigh Rang 6 ar thuras go dtí Caol Sháile i Mí Meithimh, 2006
D'fhan na páistí thar oíche le Múinteoirí Pádraig agus Gearóid
Ar dtús, labhair beirt ón bhfoireann teagaisc linn taobh amuigh den ionad
Tar éis lóin, ar aghaidh linn!
Níor thóg sé mórán ama go dtí go raibh na múinteoirí fágtha taobh thiar
Chuaigh grúpa amháin go dtí an t-uisce...
...chun léimt isteach!
Bhí an scuaine fada: bhí gach duine ag iarraidh triail a bhaint as
Bhí an grúpa eile le Múinteoir Pádraig ag kayakadóireacht...
...ach tháinig Pádraig chun muid a fheiceáil
Níor fhan sé mórán ama ar a bhád!
Ansin, bhí siúlóid san abhainn againn
Bhí an grúpa eile fós ar an uisce
Bhí an dinnéar tuillte
Tá an suíomh go hálainn
Bhí pool taobh istigh acu freisin
Um thráthnóna, chuamar ar ais chun na farraige
Bhí an radharc go hálainn...
...ach bhí tasc le déanamh...
...bhí dhá fhoireann ag iarraidh tine a lasadh chun uibheacha agus prátaí a chócaireacht!
Ní raibh Múinteoirí Pádraig nó Gearóid in ann aon rud a dhéanamh...
...ach an bóthar go dtí An Líonáin a shiúladh
Bhí an ghrian ag dul a luí...
...agus bhí cuma álainn ar an fjord
Chas siad le comhluadar deas sa teach tabhairne
Ar maidin arís, d'fhéachamar ar Mweelrea ar an mbealach go dtí gníomhaíochtaí nua
Ní raibh na buachaillí ag iarraidh ach rud amháin a dhéanamh...
...dúirt siad leis an múinteoir go raibh siad ag dul chun bláthanna a bhailiú...
...ach tá amhras orainn anois
Cad a bhí á dhéanamh ag na cailíní?
Bhí rud éigin thuas acu
Bhí siad ag crochadh thart áit éigin
Seo an radharc ón mbarr
Chuaigh Múinteoir Pádraig suas freisin
Seo an grianghrafadóir
Ar ais ar an talamh arís
Seven tyred ladies
Lón i gCathair na Mart ar an mbealach abhaile
Cheer up: Nach raibh an turas go maith?
back to top