Ag Sciáil san Iodáil
Nuair
a shroicheamar an lóiste clárach, ritheamar chuig an seomra
chuig an seomra codlata. Chuireamar na héadaí sciála
orainn. "Anois a pháistí," dúirt mo Dhaid,
"Caithfidh muid dul chuig na ceachtanna scíaila!" Chuir
mé mo mhála droma ar mo dhroim agus shiúlamar amach
as an ostlann! Shuigh
mé síos ar cathaoir compordach agus shuigh mo dheirfiúr
in aice liom. Thosaíomar ag dul suas an sliabh. Thuirling mé
den cathaoir nuair a bhíomar ar bharr an chnoic agus bhí
múinteoirí sciála ag múineadh páistí
oga air. Bhí mé in ann an domhan is a mháthair
a fheiceáil ón tsliabh ollmhór! Tar
éis tamaill, bhí mé ag sleamhnú ar an sneachta
ban. Chuaigh mé ar ais go dtí an t-ostán. Bhí féasta réidh dúinn nuair a thángamar ar ais le cáis, sú oráise agus croissant. Bhí lá iontach againn. Bhí sceitimíní áthais orm go mbeimis ag fanacht an don tseachtain.
Mairéad
Ní Éineacháin, Rang 6, 2011 |
Ag Sciáil san Ostair Maidin bhreá bhrothallach sna hAlpa a bhí ann. Bhí mise agus mo chlann ar thuras sciála san Ostair. D'éirigh muid go mocha r an gcéad maidin agus cuireadh a lán eadaí orainn. Ar a naoi a' chlog, chuamar go dtí caife álainn ag bun an tsléibhe. Sa chaife, d'itheamar bricfeasta breá mí-fholláin. Bhí croissant le seacláid agus gloine sú oráiste agam agus mo dheartháir. D'ith Mamaí agus Daidí caife agus tósta. Chuirtear torthaí agus uisce sna málaí don thuras fada uainn. Le sin, ar aghaidh linn go dtí an scoil sciála. Bhí an-craic again ar na scí. Phioc mise agus mo dheartháir é suas gan stró, ach bhí Daidí uafásach ag titim agus ag shleamhnúdh i ngach áit. Bhí Mamaí ró 'sicín' triail a bhaint as. Mar sin, shuigh sí sa lóiste dheas the, ag ól cupán tae. Nuair a bhí an rang thart agus bhíomar ábalta sciáil (beagnach), léimeamar sna cathaoireacha agus suas an sliabh linn. Shroicheamar barr an tsléibhe agus thuirling gach duine de na cathaoireacha agus thosaíomar ag sciáil. Uair a chloig níos deanaí, tháinig ceobhrán anuas ar an sliabh. Mhoilligh Daidí agus mo dheartháir ach lean mé ag sciáil. Ní fhaca mé na haillte a bhí ós mo chomhair. Shleamhnaigh mé thar an imeall, ach bhain mé greim as cipín a bhí ceangailte leis an aill. Scread mé do chabhair ach níor tháinig éinne. Faoi dheireadh, chuala mé héileacaptar nd ngardaí sneachta ag tuirlingt ar an sliabh. Caitheadh rópa chugam agus dhreap mé suas an aill. Bhí mé beannaithe le aghaidheanna buartha mo mhuintir agus barróg mín mo mháthair. Bhí mé slán sábhailte arís. Arais ag an lóiste, d'ól mé muga mhór tuillte de seacláid the. ''Caithfidh tú a bheith an-chúramach an chéad uair eile, an dtuigeann tú?'' a dúirt mo Mham. ''Tuigim,'' a d'fhreagair mé léi. ''Ach b'fhéidir go bhfanfaidh mé leat sa lóiste amárach?'' ''Ceart go leor, a stór,'' a dúirt sí, meangadh gáire ag súgradh ar a beola. Nuair a bhí an tseachtain thart, bhí áthas an domhain orm na páirceanna glasa Éireann a fheiceáil arís. Ní cheapaim go mbeimid ag dul arais go dtí an Ostair do tamaill fada, an gceapann tú?
|