Ciao Italia. Rang 5, Scoil Raifteirí, 2012.

1 Cistin. Mamai, Pól agus Laura
Mamaí: Ach caithfidh sibh rud éigin a dhéanamh. Ní féidir libh an samhradh ar fad a chaitheamh ar an
ríomhaire (féachann sé ar Phól, sáite sa laptop)...nó i gcónaí ag téacsáil! (Laura ar an ifón)
Laura: Céard? Ach tá sé ag cur báistí...
Pól: I gcónaí ag cur báistí. Níl faic le déanamh anseo.
Mamaí: Cén maitheas atá ag baint leis na diabhail rudaí sin? Nuair a bhí mise óg…
Laura: Sea, sea, ag baint na móna…
Pól: …ag súgradh sna páirceanna…
Mamaí: …nó ag cabhrú le mo thuistí! Nach féidir libh leabhar a léamh in ionad a bheith sáite sna rudaí sin!
Laura: Hé a Phóil, an peileadóir a fuair cúl in aghaidh na hIodáile, Giants Stadium, 1994?
Pól: Céard?
Laura: Comórtas anseo. Caithfidh mé an freagra a théacsáil isteach. An peileadóir a fuair cúl in aghaidh na
hIodáile, Giants Stadium, 1994? Wayne Rooney b'fhéidir?
Pól: Rooney? Amadán.
Mamaí: Hé! Ní amadán í.
Pól: (ag obair ar an ríomhaire). Fan nóiméad...Hmm. Deireann sé Ray Houghton. H-o-u-g-h-t-o-n.
Laura: GRMA.
Mamaí: GRMA?
Laura: Ó a Mhaim, MÉdoThoilÉ
Mamaí: Cén áit a bheimis gan gutháin agus Google? (Fuaim téacs ar an nguthán)
Laura: Hé, an comórtas sin. Deireann sé gur bhuaigh mé!
Pól: Cén duais? Dhá euro credit? Há Há.
Laura: Nó. Ní hé! Fan…féach…Ó mo Dhia! (druideann Pól agus Mamaí ina treo)
Pól: Ticéid don chluiche cairdiúil…
Mamaí: …idir Éire agus an Iodáil…
Laura: …SA RÓIMH!
Mamaí: O M D!


2 Ag an Aerfort. Tuistí agus páistí.
Beirt bhan (le gutháin soghluaiste, tar éis pasanna a thaispeáint:)
Pronta Ciao bello! Sono io Oh, sì. Io! Bella! Sì Grazie. All'aeroporto! Quando? L'aeroporto!!! (déan sciatháin) Perfetto! Roma!!! I bambini? Sì! Bello! Sì Va bene! Subito!

Pól: Nach iontach an aimsir!
Mamaí: Mo chéad uair san Iodáil!
Laura: Mór an trua nach raibh gutháin mar seo agaibh sa chlochaois!
Daidí: A Laura, níl do thuistí chomh sean sin! Cúramach, pasanna réidh.
Oifigeach: (le beirt sa scuaine) Benvenuti all'Italia. I Passaporti per favore. Grazie.
Beirt: Grazie. Buongiorno.
Oifigeach: (le Daidí) Benvenuti all'Italia. I Passaporti per favore.
Daidí: (le Mamaí) Cad a dúirt sé, a ghrá?
Mamaí: Labhair sé i mBéarla. Ceapann sé gur Sasanaigh muid.
Oifigeach: (le Daidí) I Passaporti!
Daidí: Bhuel?
Mamaí: Dúirt sé: "'E'd pass for sporty"
Daidí: "'E'd pass for sporty"?!
Oifigeach: (le Daidí, go feargach) I Passaporti!!
Daidí: (seasann sé go bródúil) Go raibh maith agat…agus seo duit ár bpasanna.
Oifigeach: Grazie.


3 Ag an Aerfort le Trapattoni Clann, Trap, Manu, lucht tacaíochta

Pól: Hé, a Dhaid. Féach ansin: nach é sin…?
Daidí: Ní hé, ní féidir.
Pól: Is é! Rachaimis chun labhairt le…Giovanni Trapattoni, bainisteoir na Éireann!
Siúlann siad chuig Trap agus bean eile.
Pól: Dia dhuit. Come sta signore?
Trap: Buon giorno. Tifosi irlandesi?
Daidí: Cad a dúirt sé?
Manu: Ha chiesto…d'fhiafraigh sé díbh an bhfuil sibh anseo chun tacaíocht a thabhairt do na hÉireannaigh.
Daidí: Táimid. Cé tusa?
Manu: Is mise Manuela Spinelli. Déanaim aistriúcháin do Signore Trapattoni.
Pól: Iontach. Fiafraigh de an mbeidh an bua againn.
Manu: (cogarnaíl)
Trap: Sì. Sì.
Daidí: Bhuel?
Manu: Dúirt sé os rud é go bhfuil sé ar ais san Iodáil, tá sé ag iarraidh taispeáint do na hIodáiligh ar fad nár
chaill sé a chumas mar bhainisteoir, agus go ndearna siad botún fáil réidh leis naoi mbliana ó shin…
Trap: Sì.
Manu: …agus go bhfuil sé ag iarraidh taispeáint nach bhfuil clú ag Eamon Dunphy faoi sacar.
Trap: Ecco. Grazie.
Mamaí: An bhfuil sé sásta a bheith ar ais san Iodáil? An bhfuil sé chun am a chaitheamh lena chlann?
Manu: (cogarnaíl)
Trap: Sì.
Manu: Dúirt sé go mbeidh sé ag bualadh lena bhean chéile do chupán caife ag an aerfort.
Ansin, beidh sé ag fanacht san óstán ar feadh seachtaine lena chlann ar fad: Shay, Richard, Robbie…
Trap: Ah, sì. John O'Shea Given. Shane Long Ball. Richard Dunne Well.
Laura: An féidir liom pictiúr a thógáil le mo ghuthán?
Trap: Che cosa?
Manu: Può fare la foto?
Trap: Niente! Tifosi tifosi! Foto? Pah! Perché? Sono qui. Trapattoni. Foto! Non voglio.
Manu: He say "no". Ní féidir.
Laura: ááá.
Mamaí: Féach: Éireannaigh eile ag teacht!
Tagann slua gléasta i nglas
Slua: (O-lé, olé, olé, olé. Éire, Éire.) X2
Gi-o-vanni Trapat-toni. Tra-pat-toni 's ainm dó.
Tag-ann sé ó-n Iodáil. Gio Trapattoni il Capo! (Tosaíonn roinnt acu ag damhsa.)
Fan 1: (aicean ó Bhaile Átha Cliath) Ó! Gee!...Gio!
Fan 2: Táimse ag tógáil grianghraif! (Meascann an slua le T agus M…pictiúirí…T agus M ag éirí crosta)
Slua: O-lé, olé, olé, olé. Éire, Éire.) X2 Gi-o-vanni Trapattoni, Ca-po do na hÉireannaigh,
Ár mbainisteoir le clú 'gus cáil, Beidh an bua san Iodáil,
Seo libh Gi-o-vanni Trapatto-oni!
Mamaí: A pháistí! Éamonn. Rachaimis anois! Ba mhaith liom an Iodáil a fheiceáil.

4 In aice le bus: Clann agus turasóirí eile.
Pól: Ach níl mé ag iarraidh!
Mamaí: Is cuma liom: caithfimid dul ar an turas seo chun an Róimh a fheiceáil.
Laura: B'fhearr liom dul ag siopadóireacht.
Daidí: Nach bhfuil siopaí in Éirinn?
Mamaí: Ah. Roma. Rrrroma. Rrromanza. Rómáns.
Pól: (le Laura) Rrráiméis.
Laura: (le buachaill ó chlann a thagann isteach sa scuaine) Hé. Is mise Laura.
Marco: Che? Sono italiano.
Laura: Hmm. Ón Iodáil atá tú. Emm: ciao, buongiorno!
Marco: Ah, ciao!
Laura: Is mise Laura. Mi chiamo Laura.
Marco: Mi chiamo Marco.
Laura: (le grá) Marco.
Marco: (le grá) Laura.
Laura: (ag féachaint sa leabhar le frásaí) Di dove sei?
Marco: Milano. Sono Milanese. E tu?
Laura: Sono irlandese.
Marco: Irlanda? Ah…Bono, The Edge, Uwe Due…ciao!
Pól: Uwe Due! U2! …Amadán.
Mamaí: Hé tá an treoraí anseo! Caithfimid dul ar an mbus.
Treoraí: Buongiorno! Benvenuti a Roma! La città di romanza!
Mamaí: Ah…rrromanza!
Treoraí: Tutti pronti? Andiamo! Ahh…a destra…il colosseo!
Daidí: Féach! Ar dheis: an colasaem!
Treoraí: Che bello! They start build two thousand year ago!
Pól: Heh. Agus níl sé réidh go fóill!
Mamaí: An é sin Arco Baleno?
Treoraí: (ag croitheadh a cinn) No is Arco Baleno.
Pól: Noah's Arco!
Treoraí: Hé…is Arco di Constantino!
Marco: (le Laura) Ti piace la Roma?
Laura: Sì…mi piace la Roma. Is aoibhinn liom an Róimh.
Pól: Is aoibhinn léi an Róimh? Is aoibhinn léi an buachaill sin. Amadán!
Mamaí: Ó Féach! An Tibir!
Treoraí: Ecco il Tevere!
Daidí: Seo go hiontach! Tá an Vatacán ar an taobh eile!
Treoraí: Il Vaticano!
Daidí: Táimid beagnach ar ais. Bhí an turas sin go hiontach.
Pól: Tá ocras orm. An féidir linn dul chun rud éigin a ithe?
Mamaí: Cinnte.
Pól: Ach céard faoi Marco Valentino? Ní bheidh Laura ró-shásta slán a rá.
Pól: (Marco ag téacsáil…buaileann ifón Laura) Ní dóigh liom gur sin deireadh leis!
Mamaí: Ní stopfaidh sí riamh ar an nguthán sin anois!
(fágann Laura agus Marco slán le chéile le mothúcháin)
Pól: Amadáin!


5 Ag an mBialann Clann agus freastalaí.

Freas: E ciao. Buongiorno. Signore. Ragazzi. Feiceann sé Mamaí. E…Signora! (grá ina shúile)
Mamaí: Ó…ciao! Meangadh gáire uirthi.
Daidí: ag seasamh idir an freastalaí agus Mamaí. Sì. Ciao. Fearg air.
Freas: Volete una tavola per quattro?
Daidí: Céard? Ba mhaith linn bord do cheathrar.
Freas: Che? Sedetevi qua.
Daidí: Cén rud? Táimid ag suí anseo. (Téann an freastalaí). Ní bheadh a fhios agat cad atá sé ag iarraidh
déanamh linn. Caithfidh tú súil a choiméad ar na hIodáiligh seo!
Mamaí: (ag féachaint ar an bhfreastalaí le grá) Mmmm. Caithfidh tú!
Pól: Hé. Féach ar an mbiachlár! Tá gach rud in Iodáilis!
Laura: Bhuel, cad leis a bhí tú ag súil? Pictiúirí? Amadán! (Pus ar Phól. Déanann sé aghaidh le Laura)
Mamaí: A Laura. Páistí!
Pól: Hmm. Pasta…pizza…lasagne…panini…tá bia Éireannach sa bhialann anseo.
Laura: (ag croitheadh a cinn) Amadán!
Freas: (ag teacht le crúiscín uisce) Volete acqua?
Daidí: Ba mhaith linn uisce. (doirteann an freastalaí é)
Daidí: (go borb) Grazie.
Freas: Prego.
Mamaí: (súile ar an bhfreastalaí) Gra-zie!
Freas: Pre-go! Mi chiamo Luigi.
Mamaí: (go ceolmhar) Lu-igi. (Daidí crosta. Téann an freastalaí)
Daidí: Hmmm. Ar mhaith libh ithe áit éigin eile?
Pól: Á a Dhaid. Tá mo rogha déanta agam.
Laura: Mise freisin.
Daidí: (ag féachaint ar Mhamaí. Taispeánann sé fáinne ar a mhéar) …agus tá do rogha déanta freisin!
Mamaí: Emm…cad ar mhaith libh don chéad cúrsa?
Pól: Ó, féach! Sorbet!...
Laura: …mmm, sin saghas uachtar reoite…
Mamaí: …ó, ba mhaith liom sorbet!...
Daidí: …agus mise freisin…
Pól: (ag tógáil spúnóige Laura) …agus ba mhaith liom dhá cheann!
(déanann Mamaí agus Laura aghaidheanna leis)
(Tagann an freastalaí amach)
Freas: Pronti?
Daidí: Táimid réidh anois.
Pól: Cinque sorbets…
Mamaí: …quattro panini…
Daidí: …tre sardine…
Laura: …due hamburger…
Pól: …e una pizza…mmm…Vesuvio
Freas: piccola, media o grande?
Pól: mmm…Grande!
Freas: Allora…Cinque sorbets,quattro panini, tre sardine, due hamburger…e una grande pizza Vesuvio!
Gach duine: Sì.(ceol 12 Days of Christmas) Cinque sorbets…quattro panini, tre sardine, due hamburger…
…e una grande pizza Vesuvio!

6 Bialann 2 An Cócaire
Mamaí: Ó, nach bhfuil an Róimh go hálainn! Féach ar na daoine…na siopaí…an Vatacán.
Daidí: Smaoineamh iontach teacht anseo!
Laura: Ahem?!!
Mamaí: Buíochas leat a Laura…(Laura ag taispeáint an ifón)…agus don ifón.
Laura: Fáilte romhaibh!
Freas: (ag teacht le sorbets) Ecco: cinque sorbets.
Mamaí: Grazie!
Pól: (le dhá cheann) Grazie! (Itheann an chlann go tapaidh)
Daidí: Hé, tá an freastalaí ag teacht leis an bpríomhchúrsa!
Mamaí: Sin an-tapaidh!
Pól: Níl mise ag gearán: tá ocras orm.
Freas: Quattro Panini, tre sardine, due hamburger…e una grande pizza Vesuvio! (tógann sé na babhlaí)
Mamaí: (taréis nóiméid) Úúú…tá an cháis seo cosúil le rubair!
Daidí: …agus tá na sairdíní seo amh: an bhfuil siad fós beo?!
Laura: Tá na borgairí seo an-bheag!
Pól: Beag! Féach ar mo phíotsa! (ardaíonn sé píotsa an-bheag ón bpláta)
Daidí: Hé! Freastalaí! Tar ar ais!
Freas: Sì, signore?
Daidí: Níl an bia seo maith go leor ar cor ar bith!
Freas: Che?
Daidí: Ní féidir linn é seo a ithe!
Freas: Non capisco!
Daidí: (ag féachaint sa leabhar frásaí) Non…mi…piace…il…cibo.
Freas: Non ti piace il cibo?!
Daidí: Sì! Dov'è…il…capo?
Mamaí: Cad a dúirt tú a ghrá?
Daidí: Ba mhaith liom labhairt leis an mbainisteoir.
Freas: Vuole parlare col capo?
Daidí: Sì. Dov'è…il…capo?
Freas: Per favore. Non vuole parlare col capo.
Daidí: Sì! Capo! Pronto! (téann an freastalaí, eagla air, beagnach ag caoineadh)
Daidí: Ha! Caithfidh tú an teanga a labhairt chun rudaí a bheith déanta i gceart!
Mamaí: Óóó…tá tú an-mhaith a Éamonn! (Éamonn an-sásta leis féin)
Pól: A Dhaidí…tá siad ag teacht!
Daidí: Anois. Taispeánfaidh mé daoibh cén chaoi rudaí a dhéanamh i gceart!
(tagann an freastalaí arais, in éineacht le cócaire feargach)
Cócaire: Chi!!?
Freas: Lui.
Daidí: Non…mi…piace…il…cibo.
Cócaire: Non ti piace il cibo?! (buaileann sí an bord le tua.) Non ti piace il mio cibo?! (tógann sí scian amach)
Daidí: (guth cúthalach íseal) ah…sì… Mi…piace…il…cibo.
Clann ar fad: Sì, mi piace il cibo. (ag ligint go bhfuil siad ag baint taitnimh as) (Imíonn freastalaí agus cócaire)
Laura: Sea, a Dhaid, taispeánfaidh tú dúinn cén chaoi rudaí a dhéanamh i gceart!


7 ag an gcluiche an chlann slua mór beirt tráchtairí
Mamaí: Ó, nach bhfuil an slua an-mhór!
Daidí: Seo ár suíocháin.
Pól: Féach: tá na himreoirí ag ullmhú don chluiche thíos ansin!
Laura: An fhoireann le bán agus glas orthu: an iad sin na hÉireannaigh?
Pól: Amadán! (Croitheann sé a cheann) Hé Robbie! Hé Dunno! Beir bua!
Daidí: (Éireannaigh ag damhsa is ag screadaíl) Féach ar na hÉireannaigh. Tá siad fiáin.
Mamaí: Ach tá béasaí ar na hIodáiligh. Tá siad socair agus ciúin. (feiceann tú duine amháin cúthalach)
Díoltóir: Gelati! Gelati freschi!
Pól: Féach, tá fear ag díol uachtar reoite. Éinne ag iarraidh?
Laura: Sea! Tá sé ag teacht chugainn!
Díoltóir: (le ceol 'O Sole Mio') Gelato mio, gelati qui, Gelati freschi, buonissimi
Fatti…da Mamm'a casa, Gelati freschi, buonissimi!
Díoltóir: (le duine éigin) Vuoi un gelato?
Duine 1: No, grazie.
Díoltóir: Non vuoi un gelato? Va bene. (le duine éigin eile) Vuoi un gelato?
Duine 2: No!
Díoltóir: (feargach) Non vuoi un gelato? Come mai? Perchè? Hai un problema col mio gelato? (le duine éigin eile) Vuoi un gelato?
Duine 3: No! Non voglio un gelato.
Díoltóir: (an-fheargach) Non vuoi un gelato? Non vuoi un gelato? Non è possible! Ha fatto mia mamma
questo gelato. Ha fatto questi gelati con amore. Mia mamma! Mamma mia! Che disastro!
(le Laura) E tu? Non vuoi un gelato?
Laura: Sì.
Díoltóir: Come gli altri. Non vuoi...ma...sì?...Vuoi un gelato?
Laura: Sì, per favore.
Díoltóir: Salvato. Grazie a Dio. (le Laura) Grazie. Mia mamma…è salvata! Prendi un gelato.
Prendi un altro. Grazie! Grazie! (tugann sé na huachtair reoite ar fad don chlann agus imíonn sé)
Daidí: (ag féachaint ar Mhamaí) An gceapann tú go fóill go bhfuil na hIodáiligh socair agus ciúin?
Tosaíonn beirt tráchtairí ag déanamh cur síos faoin gcluiche.
Buona sera. È una bella sera.
Sì, una bella sera per la partita.
Benvenuti a tutti. Io sono Paolo Tamburini.
E mi chiamo Marcela Conti.
Pól: Tá an cluiche ag tosnú!
Slua: (O-lé, o-lé, o-lé, o-lé. Éire, Éire.) X2
Gi-o-vanni Trapat-toni. Tra-pat-toni 's ainm dó.
Tag-ann sé ó-n Iodáil. Gio Tra-pat-toni il Capo!

Attacano gli irlandesi!
Sì, viene Shane Long col pallone.
Tira!
Quasi!

Daidí: úúú, bhí seans ag Shane Long ansin!
Pól: Thosaigh siad go maith!
Mamaí Tús maith, leath na hoibre!
Slua: úúú
Gioca bene la squadra italiana adesso.
Possessione, sempre possessione.
Hanno il pallone.
Stanno attacando.

Laura: Tá na hIodáiligh ag imirt go maith anois.
Pól: úúú, bhí sé sin dáinséarach! Éire! Éire!
Slua: Éire! Éire!
Daidí: óóó, tá na hIodáiligh ag teacht! Bígí cúramach!
Viene Balotelli.
Balotelli!
Opportunità!
UUUUUUU!

Mamaí: óóó, tá an liathróid ag teacht! Bígí cúramach! (tagann an liathróid ina dtreo, beireann Mamaí uirthi)
Laura: Maith thú a Mhaim!
Ha! Vuole giocare la bella donna!

Pól: Caith ar ais í! Déan deifir! (caitheann sí an liathróid ar ais)
Slua: úééé! Téann an cluiche ar aghaidh. Casann cinn an tslua ar chlé agus ar dheis.
Tugann siad tacaíocht agus déanann siad fuaimeanna mar úúú agus ááá.
Téann fan le bratach. Ritheann sí trasna os comhair an tslua, bratach ina lámha aici, ag rá 'úééé'.
Fan 1: Déanaimis tonn Meicsiceach!
Ritheann Laura trasna os comhair an tslua arís. Déanann gach duine sa slua an tonn.
Spreagann Laura an lucht féachana chun an tonn a dhéanamh freisin.
È finita la prima metà.
Sì, una bella partita.
Ma, senza un gol.

Daidí: Leath am anois!
Pól: Bhí an chéad leath go maith.
Daidí: Fós náid-náid.
Laura: Cad a tharlóidh anois? An bhfuil aon rud le déanamh?
Pól: Dúradh go mbeidh duine ag canadh ag leath am.
Laura: Cantóir? Cé hé?
Pól: Níl a fhios agam. Táimid san Iodáil. Pavarotti, b'fhéidir.
Laura: Pavarotti? Leadránach!
Mamaí: (tagann cantóir agus damhsóirí amach) Cé iad sin ag teacht amach ar an bpáirc?
Daidí: Ní peileadóirí iad ar aon nós!
Pól: Tá siad chun amhrán a chanadh. Cé hiad?
Laura: Cé hiad? Ní chreidim é! Sin Beyoncé!
Mamaí: Beyoncé?
Tagann an seisear amach chun tosaigh. Ceol 'Love on Top'. Déanann siad an damhsa.
Roma Roma
La città Eterna
Capitale dell'Italia
Sotto un cielo di blu
Questa è la città bella
Colosseo, Vaticano, prendi un americano, un caffè
Fontana di Trevi devi vedere il Tevere
Bella Roma x3, Bella Roma x3

Laura: Bhí sé sin go hiontach. Caithfidh mé níos mó cluichí a fheiceáil!
Vengono le squadre!
Comincia di nuovo la partita!

Pól: Suí síos anois! Ta na peileadóirí ag teacht ar ais don dara leath.
Slua: ÉIRE clap clap clap, ÉIRE clap clap clap. úééé! Téann an cluiche ar aghaidh. Casann cinn an tslua ar
chlé agus ar dheis arís. Tugann siad tacaíocht agus déanann siad na fuaimeanna mar úúú agus ááá.

Oh no! Robbie Keane!
Ha il pallone!
Corre!
Tira!
Pól: Lean ar aghaidh Robbie Keane! Ááá. Cóngarach!
Laura : Lean ar aghaidh Wayne Rooney!
Fan 1: (canúint Bhaile Átha Cliath) Ar chuala tú é sin!
Fan 2: "Lean ar aghaidh Wayne Rooney," a dúirt sí!!!
Fan 1 agus 2: (Féachann siad uirthi) Amadán!
Pól: (seasann Pól suas) Hé, sin mo dheirfiur! Ní amadán í!
Fan 1: (tar éis soicind nó dhó) Ah, ná caill do chuid gruaige.
Fan 2: Tóg go bog é (ag gáire). Féach!: Ronaldo ar an liathróid anois! (gáire)
Una bella partita.
Quasi finita.
Ma sempre zero a zero.

Daidí: Tá an cluiche beagnach thart anois.
Pól: Fós 0-0.

Richard Dunne col pallone.
Adesso Aidan McGeady.
McClean!
Walters!
Robbie Keane!
Pericolo, pericolo!

Daidí: Seans eile ag Robbie. (seasann gach duine, ritheann Trap amach)
Pól: Lean ort!
Goooooooool!
Oh no! Gol da Keane!
Uno a zero!
Vince l'Irlanda!

Slua: Cúúúl! (tráchtairí ag screadaíl, Trap ag ceiliúradh)
Slua: (O-lé, olé, olé, olé. Éire, Éire.) X2
Gi-o-vanni Trapattoni. Tra-pat-toni 's ainm dó.
Tag-ann sé ó-n Iodáil. Gio Trapattoni il Capo!
(O-lé, olé, olé, olé. Éire, Éire.) X2
Gi-o-vanni Trapattoni, Ca-po do na hÉireannaigh,
Ár mbainisteoir le clú 'gus cáil, Beidh an bua san Iodáil,
Seo libh Gi-o-vanni Trapatto-oni!
Amhrán arís, ag spreagadh an lucht féachana canadh linn. Tagann Trapattoni agus Manuela amach.
Fágann an slua an t-ardán.