Ag Sciáil Thar Lear

 

Chuaigh mise agus mo chlann  go dti an Iodáil  chun sciáil a dhéanamh. Nuair a shroich muid an Iodáil, chuaigh muid go dti óstán an-deas.Dúirt mo mhamai liom "Beidh muid ag sciáil amárach".

Ar an gcéad lá, bhi mé ar bís. D`éirigh muid ón leaba ag 7:00am. Ag seacht fiche, chuaigh muid go dti caifé beag. D’ith muid croissant agus d`ól muid sú oráiste. Bhi sé an-deas.

Ag  7:30 am, chuaigh muid go léir  go dti scoil sciála. Shiúil muid go léir go dti barr an tsléibhe. Nuair a bhí muid ag an mbarr, chuaigh muid síos an sliabh le fear a bhí ansin chun cabhrú linn. Nuair a  bhi muid  leath bealach sios, thit an fear agus bhí sé i bpian mhór. Ni raibh aon duine in ann aon rud a dhéanamh ach dul ar aghaidh.

Go  tobann ní raibh mé ag féachaint os mo chomhair agus ansin BANG! Thit mé  ar an talamh  agus bhí mé ag titim  sios. Nuair a bhí mé ag an dheireadh, bhris mé  mo lámh.

Chuaigh mé go dti an t-ospidéal agus chuaigh mé i mo leaba . Tar éis tri la phioc mo mhamai suas mé ón óstán. Bhí mé fós an in ann sciáil agus  tar éis lá chuaigh mé ag sciáil aris.

Rasheed.

 

 

 

Description: https://encrypted-tbn1.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcQaI2Wbf6sJgQc1qOdsTZnX-FEHnVs6q2-Jr65lee8zW6PvRVVTEwAg Sciáil san Iodáil Description: https://encrypted-tbn3.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcQxo75SPbXjWvlxmm1k2WX4r0SCe7kQFF2S3rSkwduX1HMfzKzs


Bhí mé thar barr! Chuala mé go raibh mise agus mo chlann ag dul go dtí an Iodáil ag sciáil agus go mbeimis as scoil don seachtain ar fadJ Bhí orainn Sionainn a fhágáil ag a naoi a chlog an lá dar gcionn. Nuair a shroich mé scoil, d’inis mé an nuacht le mo chairde agus dúirt siad go raibh an t-ádh orm. Bhí lá iontach agam ag smaoineamh faoi tseachtain a bheadh againn leis an sneachta agus bhí cuid iodáilise ar eolas agam.

Tháinig an lá chun dul. Bhíomar ag an aerfort ag fanacht don eitleán a bhí déanach. Nuair a tháinig an teitleán, chuaigh muid ar don eitilt, 2 uair is 53 nóiméad. Nuair a shroicheamr an Iodáil, thiomáin muid go dt an áit a bhíomar ag fanacht agus bhí sé go halainn. Bhí orainn dul a chodladh go luath an oíche sin mar bhí orainn dul ag sciáil an lá dar gcionn.

Nuair a dhúisigh mé, bhí sé deich a chlog agus go tobann, dhúisigh mé mo chlann go léir. Chuir muid ár éadaí sciála orainn agus chuaigh muid amach sa sneachta. Bhí sé ár gcéad am ag sciál agus shleamhnaigh muid go léir nuair a bhain muid triail as. Bhí sé greannmhar. D’oibrigh muid amach cén bhealach é a dhéanamh tar éis uair nó dhó. Bhí an-craic againn agus bhíomar go léir tuirseach ar a trí a chlog. Bhí lón againn, ansin bhí gelato agam agus ag mo dheartháir.

Thosaigh muid ag sciáil arís ach tubaiste! Bhí timpiste ag Daidí agus bhí orainn glaoch a chur ar an otharcharr. Nuair a tháinig siad, thóg siad Daidí go dtí an t-ospidéal agus bhí droch scéal acu. Bhí na dochtúirí ag caint in iodáilis agus níor thuig aon duine eile i mo chlann an teanga. Mar sin, bhí orm an Iodáilis a athrú go dtí béarla agus an droch-scéal a rá leo. Dúirt an dochtúir ‘ha una gamba rotta’ agus nuair a d’aistrigh mé é go dtí béarla, bhí díomá ar gach duine. Ní raibh muid in ann níos mó sciál a dhéanamh le Daidí gortaithe.                                                    

SINÉAD
Description: https://encrypted-tbn3.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcQRa0gn_xnSWt_UrSk5aWRJUrshdE1kPr15negO1Q_WuN3oRAR93GYkVgC9 

 

Ag Sciáil san Iodáil

Is breá liom an Iodáil. Is breá liom an bia, an spórt agus an stair, go háirithe na daoine a tháinig ón Iodáil (Galileo Galilei, Amerigo Vespucci). Mar sin nuair a dúirt mo thuismitheoirí liom go mbeimis ag dul go dtí an Iodáil ar laethanta saoire, bhí áthas an domhan orm. Bheimis ag dul ag sciáil freisin agus bhí mé cinnte go mbeadh sé sin taitneamhach. Ní raibh mé in ann fanacht go dtí go mbeinn san Iodáil.
Nuair a tháinig an lá a raibh mé ag dul go dtí an Iodáil, bhí mé ar bís. Phacáil mé mo mhála agus chuaigh mo chlann sa charr. Cúpla uairina dhiaidh, sin shroich muid  Aerfort na Sionainne. D’fhéach mé ar m’uaireadóir. Bhí sé a leathuair tar éis a haon déag. Bhí  an t-eitleán ag fágáil ag a aon a chlog. Bhí uair agus leath agam go dtí go mbeidh an t-eitleán ag fágáil le haghaidh an Iodáil. Chuaigh mé go dtí cúpla siopaí agus tar éis dhá bliain d’fhéach mé ar m’uaireadóir arís agus bhí sé ceathrú chun a haon. Dúirt mé le mo thuismitheoirí agus chuaigh muid ar an eitleán. Ag a haon a chlog thosaigh an t-eitleán ag bogadh agus dhá nóiméad ina dhiaidh sin bhí an t-eitleán san aer.
Tar éis a bheith san eitleán ar feadh trí uaire faoi dheireadh shroich muid an Iodáil. Thuirling an t-eitleán i Turin agus fuair muid an bus go dtí Domodossola, áit atá an-ghar go dtí na hAlpa. Chuaigh muid go dtí óstán chun fanacht ar feadh cúpla lá. An lá ina dhiaidh sin, bhí mé ar bís. I gceann ceithre uair, beidh mé ag sciáil síos na hAlpí. D’ith mise is mo chlann bricfeasta agus fuair muid réidh le haghaidh an sciáil.
Cúpla uair ina dhiaidh sin, bhí muid le na teagascóirí, Mario agus Luigi ahus ba pluiméirí iad. Thóg siad muid go dtí an áit a thosaíonn tú. Chuir muid na scíonna orainn agus thosaigh muid. Bhí Mario ag cabhrú liom. Bhí croiméal aige agus bhí hata dearg le “M” mór air. Thosaigh mise agus Mario ag sciáil. Bhí sé go hiontach! Bhí muid ag sciáil ar feadh seacht uaire. Chuaigh muid ag sciáil le Mario agus Luigi gach lá ar feadh trí lá. Ní raibh mé ag iarraidh ach bhí sé in am dul ar ais go dtí Éire.


Le Cillín

 

 

Ag Sciáil san Iodáil.


Bhíomar ar ais ar scoil ar feadh seachtaine nuair a dúirt mamaí linn go mbeimis ag dul ag scíáil. Bhí áthas orm ach ní raibh a fhios agam cén áit a dhéanfaimis é ach ansin dúirt mamaí go raibh muid ag dul go dtí an Iodáil.
Ní raibh mé ach san Iodáil uair amhain nuair a bhí mé dhó bhliain d’aois. Ní raibh Caitríona ann riamh.
Chuaigh Mamaí agus Daidí ag sciáil uair amhain, blianta ó shin.
Bhí ár málaí réidh againn  sa charr agus bhí gach rud eile againn. Chuir Mamaí glas ar an doras cúil agus ansin an doras chun thosaigh. Faoi dheireadh, bhíomar ag fágáil Caisleán an Bharraigh.
Thit mé a chodladh ar an mbealach. Faoi dheireadh, bhí muid ag an aerfort.
Ar ball, bhí muid san Iodáil. Bhí an sneachta ansin go hálainn.
An lá dar gcionn, chuamar ag sciáil. Bhí múinteoir scíála againn. D’fhoghlamíomar cén caoi breith ar gach rud agus cén caoi bogadh. Bhí iontas orm cé comh tapaí a chuaigh mé sios an cnoc.
Rinneamar sciáil gach lá a raibh muid ansin. Ansin tháinig an lá deireanach. Bhí comórtas ar siúl agus bhí duais mhór don bhuaiteoir den rás.
Bhí rás i gomhair 8-10 (rinne Caitríona an ceann sin), rás i gcomhair 10-12 (rinne mise an ceann sin), agus rás i gcomhair daoine fásta (rinne Mamaí agus Daidí an ceann sin).
Is beag nár bhuaigh mé mo rás, ach bhí cáilín amháin níos tapúla ná mise. Fuair mise dearbhán €30 don bhialann bheag mar dhuais. Fuair Caitríona cúigiú ina rás agus fuair sí barra seacláide mar dhuais. Ní bhfuair Mamaí nó Daidí aon duais.
An oíche sin, chuaigh mo chlann go léir go dtí an bhialann. Bhí an bia go hálainn agus rinne cúpla daoine píosa ceoil.
Ag an deireadh, bhí an turas agus an sciáil  an-mhaith.

Deirdre

 

 

Ag Sciáil san Iodáil!


An Domhnach a bhí ann agus bhí sé ag cur báistí go trom. Fuair maim ríomhphoist. Bhí sí ar bís mar bhuaigh mo mhaim comórtas. Ba í an duais ná sé thicéad do saoire san Iodáil. Bhí áthas an domhain ar gach daoine i mo chlann mar ní dheachamar ag sciáil riamh.

Chuamar go dtí an Iodáil í mí Marta ar eitleán. Bhí áthas ar gach daoine. Nuair a shroicheamar an Iodáil, chuamar go dtí an t-ionad saoire sciála darbh ainm Andalo. Bhí an t-óstán cúig réalta, bhí sé an-chompordach agus bhí milseáin ar gach piliúir. Ag a trí a chlog chuamar ag sciáil. Ag San Andalo tá ceithre chathaoir iompair déag acu agus bhí an fána 50km ar fad. Ar an gcéad, lá bhí orainn teagascóir sciála a fháil mar ní raibh muid ag sciáil roimhe sin agus bhí orainn éide sciála, maide sciála, scíonna, buataisí sciála a fháil ar iasacht. Bhí an radharc go haláinn ón óstán. Bhí na sléibhte clúdaithe le sneachta bán álainn!

Ní maith le mo dheirfiúr beag beidh ag sciála agus mar sin bhí orainn carr sleamháin a fháil di. Bhí sí ábalta dul síos agus suas fána beag agus bhí an-spraoi aici.  Ar an gcéad cúpla lá nuair a chuamar go dtí an tús nuair a thosaíomar, bhí orainn teagascóir sciála a fháil chun cabhrú linn. Bhí mé uafásach i dtosach agus bhí mé ar mo thóin an chuid is mó den am ach bhí mé níos fearr ag an deireadh. Ag deireadh an lae chuamar go dtí bialann darbh ainm ‘Amiche‘. Bhí sé go hiontach. Bhí pizza, pasta, lasagne, risotto, torta di formaggio, gelato, pavlova agam ar laethanta éagsúla.

Tar éis seachtaine bhí na laethanta saoire thart. Bhí brón orm ach bhí soaire iontach ag an chlann go léir. Is iad na rudaí a thaitin mé faoin saoire ná a bheith ag sciáil agus gan a bheith ar scoil!

Ailís