Réabhlóid sa Fhrainc

 

Rí Louis XVI: Mo Scéal

Is mise Rí Louis XVI. Is rí na Fraince mé. Cónaím i bpálas le mo bhean chéile, Marie Antoinette. Tá mo phálas suite i Versailles.

Gach lá, éirim ar a deich a chlog. Bíonn folcadán fada agam, agus ansin gléasann mo shearbhónta mé suas in éadaí an-saibhir ar fad. Ansin, cuireann siad mo bhréagfholt agus mo smidiú orm. Téim síos staighre ansin chun mo bhricfeasta a ithe. Bíonn biachlár difruil gach lá do mo bhricfeasta, agus bíonn sé an-deas freisin.

Ar an gceathrú lá déag de mí Iúil 1789, chonaic mé na daoine bochta ag rith suas chuig mo bphálas le hairm. Bhí siad go léir ag screadaíl agus ag coigeabláil. Tháinig duine de mo shaighdiúirí chugam, agus é a rá, ‘Tá siad ag iarraidh tusa, a thiarna’. ‘Dúirt siad go raibh siad tinn den cháin ard a caithfaidh siad a íoc’. Dúirt mé leis ‘Téigh amach agus stopagí iad!’. Ach bhí sé rómhall. Thóg siad Marie Antoinette is mé féin chuig Príosún an Bastille.

Ní raibh an bia deas sa phríosún. Ní raibh na daoine deas sa phríosún. Ní raibh aon rud deas sa phríosún. Ní raibh rudaí ag dul go maith dom sa cathair ach an oiread. Bhí na dhaoine bochta ag marú aon duine a bhí gcoinne na réabhleoíde. Níor bhfada go raibh mílte uasal á marú. Maraíodh Marie Antoinette, mo mhac agus mé féin leis an ngilitín.

Os rud é go bhfuair mé bás, ní raibh mé páirteach den Phoblacht nua ach seo cad a tharla: Bunaíodh rialtas nua sa Fhrainc. Ba é ‘Liberté Égalite Fraternité (Saoirse Comhionannas agus Bráithreachas) an mana a bhí acu.

Ba é mise Rí Louis XVI agus sin é mo scéal.

Cáit Ní Mhuirí (2015)

 

 

 

 

Meitheamh 1789
Rí Louis XVI is ainm dom. Táim i mo chónaí i bpálás i Versailles sa Fhrainc. Cuirim mo cháin suas go hard mar ní maith liom na daoine bochta. Tá siad comh bocht tá siad ag iarraidh “piggy back” a thabhairt domsa agus do na huaisle. Níl na daoine bochta sásta leis an gcáin ach céard is féidír le déanamh faoi? Táim comh sásta le mo shaol!!!

Mí Iúil 1789
Céard a tharla anseo!? Bhí mé imithe ar feadh cúpla lá agus thosaigh reabhlóid! D`ionsaigh siad an Bastille agus ní raibh aon airm fágtha agus anois tá siad ag iarraidh mo cheann. Fan go gcloisfidh Rí Anraí faoi seo! Ní féidir liom na huaisle fhágáil i gceannas nó beidh an Fhrainc imithe ar fad. Tá mo shaol bun os cionn!!!

Lúnasa 1789
Dia duit. Is mise Marie Antoinette. Ní feidir liom é seo a chreideamh. Mharaigh siad m’ fhear chéile agus anois tá siad ag iarraidh mé féin agus Louis XVII a mharú freisin. Tá sé seo mar gheall ar an reabhlóid sin. Má bhí Louis fós beo, beidh an cháin curtha suas agus bheadh na fir go léir curtha chun báis.

Le Sinéad Ní Ghiallathán

 

 

 

Dia dhuit. Is mise Marie Du Champs, agus táim i mo chónaí sa Fhrainc. Táim dhá bhliain déag d’aois. Níl ár saol ró-mhaith. Caithfidh mo mhaim agus mo dhaid cáin an-ard a íoc. Níl a lán bia le hithe againn agus uaireanta ní itheann mo thuismitheoirí ar cor ar bith. Ach ar feadh cúpla lá anuas tá gach rud in anord.

Thosaigh sé seo go léir nuair a briseadh isteach go dtí an Bhastille ar an 14ú Iúil. Bhí mo dhaid sa ghrúpa sin. Fuair said airm agus dhearbhaigh said go mbeadh Comhionannas, Saoirse agus Bráithreachas sa Fhrainc.

Dúirt mo dhaid liom go raibh daoine uaisle tógtha ón a dtíthe agus maraithe faoin ngilitín! Dúirt mo dhaid linn dul i bhfolach mar bhí sé mar cheann de na ceannairí agus bhí na saighdiúirí á iarraidh. Bhí seomra beag againn faoin deatach. Chuamar i bhfolach ansin.

Chualamar go ndearna Louis agus Marie Antoinette iarracht éalú chuig An Ostair. Roimh Ealú, rugadh orthu agus cuireadh faoin ngilitín iad. Tugtar Ré an Uafáis ar an tréimhse seo. Bhí 30-40,000 daoine maraithe!

Faoi dheireadh, stop an anord. Bhíomar in ann teacht amach as an tseomra bheag. Ní raibh orainn cáin uafásach ard a íoc. Ach, is rud uafásach agus brónach é go bhfuair an méid sin daoine bás. Tá an saol níos fearr againn anois. Tá súil agam nach mbeidh rud mar seo ag tarlú aríos, mar rud uafásach a bhí sé.

                                                                   Le Caoimhe Ní Aileagáin

 

 

 

 

Réabhlóid na Fraince: Mo Scéal

 

5/7/ 1789
Nach bréa an saol atá agam! Bíonn mo shearbhóintí agam chun gach rud a dhéanamh dom. Éirím ar maidin agus bíonn bricfeasta sé chúrsa agam gach maidin. Tógann sé níos mó ná dhá uair a chloig chun é a dhéanamh. Tar éis mo bhricfeasta, faighim gléasta. Tá vardrús comh mór le seomra agam atá lán le gúnaí áille. Is breá liom a bheith mar bhanríon!

11/7/1789
Ar maidin, tháinig ceann de na h-uaisle chugam. Dúirt sé go raibh na daoine bochta ag argóint mar níl an t-airgead acú chun an cháin a íoc mar tá cháin na uaisle níos lú agus an chain atá acú if had níos mó.

14/7/1789
Fuair me nuacht ón rí gur thóg na doaine bochta an Bastille! Tá sé sin go dona.

15/7/1789
Fuair siad mé. Tá mé i bpriosún. Níl an bia nó an leaba go deas. Agus thóg siad an gúna álainn a bhí orm. Anois tá mé ag caitheamh éadaí uafásacha, salach atá sean agus tá boladh gránna ag teach astu.

16/11/1793
Bhí mé i bpriosún ar feadh ceithre bliana. Thóg dhá shaighdiúir amach mé. Tá na glais lámha fós orm ach tá mé amuigh. Tá siad ag tógáil mé chuig ardán mór. Tá a lán daoine ann. B’fhéidir go bhfuil mé in ann stop a chur le seo. Ta mé ar an ardán ach feicim rud nach maith liom. Fan .....
           Na....
                    Níl........
                                Tú.... In ....
                                             Ann.... 
Cáit D. (2015)