Mise i bhFeighil an Tí!

An Aoine a bhí ann nuair a d’fhógair Mamaí dúinn gur bhuaigh sí agus Daidí comórtas le dul ar saoire thar lear. Bhí sceitimíní an domhain orm. “OMD, Caithfidh me mo rudaí a phaiceáil!” bhí náire ar Mhamaí. “Ach, m’inúin, níl tú ag teacht linn..” arsa Daid, ag féachaint orm agus aghaidh brónach air. Stop me ag caint go tobann. Uh oh....

An lá ina dhiaidh sin, d’fhág Mamaí agus Daidí go moch ar maidin. Nuair a d’imigh siad, rinne mé bricfeasta dom féin. Chuaigh an lá go tapaidh agus, i bpreab na súl, an oíche a bhí ann. Chodail mé go sámh.

Nuair a dhúisigh mé, bhí tinneas orm. Chuir mé an teilifís ar siúl. Go tobann, chuaigh gach rud dorcha. Bhí faitíos an domhain orm. Thosaigh an teilifís ar siúl agus las na soilse go léir. Níos déanaí, bhí torann sa chistin agus shiúil Mamaí isteach. “Dia dhuit, a stóir, an raibh aon fhadhb agat?” “Ó nó a Mhaim, ní raibh..”

Aoife (2015)

 

 

Lá amháin, bhí mise i bhfeighil an tí liom féin. Bhí mo Mhamaí agus mo Dhaidí ag dul go dtí an phictiúrlann le mo dheirfúir. Ní raibh said ró-shásta nuair a fuair said abhaile. Seo cad a tharla......

“Slán” a dúirt mo Mhamaí agus Daidí agus dhún said an doras.”Hah,  tá an teach liom féin” a dúirt mé. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, shéid an doras oscailte. Rith Toby (an madra) amach an doras agus rith mé ina dhiaidh.

Thosaigh mé ag screadaíl “Toby, Toby!” Ní raibh táisc ná tuaraisc air. Deich nóiméad ina dhiaidh níos déanai, fuair mé glaoch ó mo chomharsa. Bhí Toby ag imirt lena mhadra. Rith mé síos an bóthar. Bheadh mo Mhamaí agus mo Dhaidí ag teacht ar ais i gceann cúpla nóiméad.

Nuair a shroich mé an teach, bhí an doras dúnta agus ní raibh aon eochair agam. Bhí mo mhamaí agus mo dhaidí sa gairdín. Ní raibh said ró sásta. Ní cheapaim go mbeidh mé i bhfeighil an tí arís!

Cadhla  

 

 

Lá amháin, bhí mo mhamaí agus daidí ag dul go dtí Gaillimh ag siopadóireacht agus bhí mo dheartháir ag dul ar scoil. Dúirt mo mhamaí liom aire thabhairt ar ár dteach do chúpla uair a cloig. Nuair a d’imigh siad sa charr, chuaigh mé ar ais go dtí mo leaba.
Dhúisigh mé ag a deich a chlog agus bhí alán oibre le déanamh agam. D’fhéach mé ar mo liosta agus thosaigh mé ag timireacht. An chéad rud a dhéanamh agam ná an meaisín níocháin a líonadh.

Ansin chuaigh mé suas an staighre agus fuair mé an folusghlántóir. Rinne mé gach seomra agus an léibheann cheann staighre.
Nuair a bhí na rudaí sin déanta, chuaigh mé sa chistin, agus d’ith mé mo bhricfeasta. D’fhéach mé ar an gclog agus bhí sé a haon déag.

Dúirt mo mhamaí go mbeadh siad ar ais ag a dó. An chéad rud eile ná a bheith ag cur amach an bruscair. Faoin am sin,  bhí sé an-ghaofar amuigh agus bhí sé ag cur báistí. Thit alán bruscar ar an talamh. Ní raibh mé in ann é sin a chríochnú. Thosaigh an fón ag crith agus labhair mé le mo mhamaí. Dúirt sí liom “cén chaoi a bhfuil tú?” agus “an bhfuil gach rud déanta agat?” “Tá.” “Ceart go leor. Beimid ansin i gceann cúpla nóiméad.”  Shuigh mé ar an tolg agus d’fhéach mé ar an teilifís.

Nuair a tháinig mo Mhamaí agus mo Dhaidí ar ais, fuair mé geansaí deas uathu mar bhronntanas.

Ailín (2015)

                                                  

 

 

 

 

Sorcha i bhFeighil an Tí!


Óiche Dé Sathairn a bhí ann. Bhí mo Mhamaí agus Daidí ag dul go dtí an baile mór. D'fhág siad mise i bhfeighil an tí le mo dheirfiúr agus mo dheartháir. Chuaigh Mamaí agus Daidí isteach sa charr. D'fhág muid slán leo.

Nuair a dhún mé an doras, chuaigh muid isteach sa seomra suí agus thosaigh muid ag féachaint ar an teilifís. Bhí mo dheartháir agus mo dheirfiúr ag iarraidh an 'Winnie The Pooh Movie' a fhéiceáil, ach bhí mise ag féachaint ar 90210. Chuaigh siad amach an doras ach d'fhan mise sa seomra suí ag féachaint ar an teilifís. Go tobann chuala mé fuaim ard.

Chuaigh mé isteach sa chistin agus bhí an áit trína chéile. Bhí bia gach áit. Rith an bheirt acu suas an staighre, chuaigh mise suas ina ndiaidh. Thosaigh mo dheartháir ag scríobh ar na ballaí. Ansin rug mo dheirfiúr ar na piliúir. Thosaigh sí ag troid liom.

Rith mé síos an staighre chun slacht a chur ar an gcistin. Ach rith siad ina dhiaidh mé ar nós na gaoithe. Ach thit mo dheartháir síos na staighre.
Díreach ar an nóimead sin chuala mé an doras ag oscailt. Cé a bhí ann ach Mamaí agus Daidí. Bhí fearg an domhain orthu. Thug siad íde béil dom. Agus chaith mise an tráthnónna sin ag obair sa teach.

Sorcha De Búrca

 

 

 

Sinéad i bhFeighil an Tí

Bhí mo mhamaí agus mo dhaidí ag dul suas go dtí Baile Átha Cliath le haghaidh an lá. Bhí siad ag dul suas ar an traein. D'fhág siad ag a seacht a chlog. Nuair a chuaigh siad amach an doras chuir mé an teilifís ar siúl le haghaidh mo bheirt dhéarthaireacha agus chuaigh mise suas go dtí mo leaba.

D'éirigh mé ag a deich a chloig agus fuair mé mo bhricfeasta. Nuair a chuaigh mé isteach sa chistin bhí bia i ngach áit agus bhí mo dhéarthaireacha ag iarraidh pancóga a dhéanamh. Ghlan mé gach rud suas agus rinne mé pancóga cearta dúinn.

Ag a haon a chlog bhí ag féachaint ar an teilifís, nuair a chuala mé coischéim amuigh sa gháirdin. Chuaigh mé go dti an fhuinneog ach ní raibh aon rud ansin. Bhí beaganín eagla orm. Timpeall leath uair níos deanai chuala mé CRASH!!! Rith mé go dtí an fhuinneog sa seomra suí.

Bhi an fhuinneog briste agus bhí beirt gadaí ag teacht isteach an fhuinneog. Bhí eagla orm agus ní raibh a fhios agam cad a dhéanamh. Fuair na gadaithe píosaí téad agus cheangail siad muid suas.

Bhí siad ag cur ceisteanna orm mar: Cá bhfuil an t-airgead? Agus cá bhfuil an seodaireacht?

Ní thug me aon freagra dó. Faoin am seo bhí siad an feargach agus thosaigh mo dheartháir beag ag caoineadh. D'úirt me go raibh mé ag iarraidh dul go dtí an leithreas. In ionad dul go dtí an leithreas, fuair mé an an fón agus ghlaoigh mé ar na gardaí.

Nuair a tháinig na gardaí rith na gadaithe amach go dtí a gcarr. Fuair mé an uimhir ar an gcarr agus dath an carr agus dúirt mé do na gardaí. Dúirt na gardai "Slán agus go raibh mhaith agat" agus chuaigh siad abhaile. Nuair a bhí gach duine imithe chuir mé glaoch ar mo mhamaí agus mo dhaidí agus dúirt mé leo cad a tharla.

Sinéad ní Gamhna

 

 

 

Leithscéal...

Bhí Mamaí agus Daidí ag dul amach agus bhí orm súil a choimeád ar Laura, mo dheifiúr. Nuair a bhí Mamaí agus Daidí sa bhialann, bhí Laura ag féachaint ar an teilifís agus chuaigh mé suas an staighre go dtí mo sheomra codlata. Tar éis uaire, rith mé síos an staighre chun rud éigin a ithe. Stop mé nuair a chonaic mé an seomra suí...

"LAURA!!" a scread mé. "TAR ANSEO ANOIS!!" Bhí m'aghaidh dearg! Rith Laura ón gcistin acua d'fhéach sí orm le "puppy eyes". "Céard a tharla anseo?!" a dúirt mé léi. Bhí plátaí agus friochtáin gach áit le péint istigh gach ceann acu! Bhí seacláid ar an teilifís agus ar an tolg! Bhí gúna mamaí ar an madra (Pringle) agus bhí bia mhadra ar an urlár!

"LAURA, CÉARD A THARLA?!" Bhí mé fós ag screadaíl. "Bhuel, bhí Pringle ag iarraidh a bheith gléasta suas agus bhí ocras uirthi!" "
Céard faoin bpéint?!" "Bhí Pringle ag iarraidh ealaín a dhéanamh!"
"Agus an seacláid?!" "Bhuel... em... eh... Nuair a chuaigh mé go dtí an chistin, tháinig mé arais agus bhí an seacláid ansin. Ceapaim gur Pringle a rinne é!"

"Cén saghas leithscéal...?

Ní raibh mé ábalta m'abairt a chríochnú mar tháinig Mamaí agus Daidí arais!
Ag an am céana, dúirt mé féin agus Laura...


"RINNE PRINGLE É!"


Molly Ní Rothláin