An Dioscó

Bhí mo bhreithlá ag teacht suas agus bhí mé ar bís.
Bheinn  trí bhliain deág d’aois. Bhí mé ag tnúth leis le tamaill fada.
Tháinig an lá. Bhí sceitimíní áthais orm. Ghlaoigh mo mham orm:
 ”Tá do bhronntanas sa halla arsa mham. Nuair a chonaic mé mo bhronntanas, lig mé béic áthais asam. Bhí fógra mór crochta suas ar an mballa. Dioscó anseo! a bhí ar an bhfógra. D’fhéach mé ar mo mham, ansin ar mo dhaid. “Go raibh míle maith agaibh” arsa mise. Tar-éis uair nó dhó, bhí sé in am don féasta breithe agus don dioscó. Tháinig mo chairde go léir agus thug siad cárta breithe agus féiríní dom freisin. Thosaigh gach daoine ag damhsa leis an gceol. Bhí soilse an dioscó ar lasadh. Bhí an sport agus scléip againn.

Description: http://t1.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcQhzj81OQ32NrJej4kXj8Ni7T68vMeL4coCtAdJEuU1ie62hsyYtakbgABhí breithlá iontach agam. Bhí mé ag damhsa sa dioscó le mo chairde. Ní dhéanfaimid déarmad ar mo bhreithlá sin nó an dioscó sin go deo. Bhí am iontach againn an lá sin agus bhíomar tuirseach traochta an oíche sin ag dul a chodladh. Bhí breithlá iontach agam agus mar sin bhí áthas agus bród an domhain orm.
Le AoilbheJ   
Le Aoilbhe Ní CheallaighJ

 

Mo Chéad Dioscó?

Oíche de hAoine a bhí ann. Bhí mo dheirfiúr agus a cairde ag dul go dtí an dioscó an oíche sin. Chuaigh mé isteach sa bhaile mór leo sa charr. Nuair a shroich muid an baile, bhí na stráideanna plódaithe le déagóirí.

Nuair a d’fhág mo dheirfiúr agus a cairde an carr, chonaic mé airgead mo dheirféir ar an suíocháin. Dúirt mo mhamaí liom an t-airgead a thabhairt do mo dheirfiúr. Léim mé amach den charr agus rith mé i dtreo mo dheirféir leis an airgead ach bhí sé déacair siúl tríd an méid sin daoine. Chuaigh mo dheirfiúr  isteach sa dioscó agus thosaigh mé ag siúl ar ais i dtreo mo mhamaí ach thosaigh daoine ag brú isteach sa dioscó. Ní raibh aon bealach dom dul ar ais.

Istigh sa dioscó, bhí sé dorcha agus bhí ceol glórach ar siúl. Bhí an seomra lán le daoine ag damhsa agus ag caint. Ní raibh mo dheirfiúr le féiceáil in aon áit. Bhí cúpla gardaí slándála ag siúl timpeall na háite ach, gach uair a bhí ceann acu in aice liom, chuaigh mé taobh thiar de daoine arda.

Tar éis béagnach 20 nóiméad ag féachaint do mo dheirfiúr, chonaic mé í ar an taobh eile den seomra. Rith mé ina treo. Nuair a bhí mé níos lú ná méadar uaithi, rug duine éigin orm: garda slándála a bhí ann.
Nuair a tháinig mé ar ais go dtí mo mhamaí, bhí sí ag léamh an nuachtáin agus níor chuir sí ceist ar bith orm mar gheall ar an méid ama a raibh mé imithe.

Afraic

 

                                                                                                                           

 An DioscóIs maith is cuimhin liom an lá a fuair mé torthaí an scrúdú shóisearaigh. D’éirigh liom deich ghrád A, dhá ghrád B a bhaint amach agus bhí áthas an domhain orm féin agus ar mo mhúinteoirí agus mo thuismitheoirí. Bhí súil agam go tabharfadh mo thuismitheoirí rud beag de bharr na dtorthaí maithe a fuair mé sa scrúdú.
Fuair mé cead dul go dtí an dioscó "Neon’’ i gCaisleán an Bharraigh. Bhí mé sásta, mar ní raibh cead agam dul riamh dul go dtí dioscó. Bheártaigh grúpa mór de na cailíní agus na buachaillí ón scoil dul ann.
Tháinig mo cháirde Jeremy, Aidan agus Stefan chuig mo teach agus chaitheamar trí uair ag ullmhú le haghaidh na hoíche. Chaith mé tamall fada ag roghnú éadaí dom féin. Gan dabht ar bith bhí sceitimíní orm ach freisin ag an am céanna bhí mé beagáinín neirbhíseach. Thuig mo Dhaid síob dúinn chuig an dioscó agus, nuair a shroicheamar é, bhí scuaine fada taobh amuigh den halla. Bhíomar ábalta an ceol a chloisteáil lasmuigh bhí sé chomh h-ard sin. D’íocamar fiche euro chun dul isteach.
Bhí alán daoine agus bhí soilse ildaite gach áit. Bhí an DJ an-mhaith agus sheinn sé na hamhrán go léir ó Eminem. Thosaíomar ag damhsa láithreach agus níor fhágamar an t-urlár don chuid eile don oíche. Bhíomar tuirseach nuair a sheinn an DJ an t-amhrán deireanach "Drop it Like it’s Hot’’.
Bhí orainn dul abhaile agus shiúlamar  amach as  an  gclub, tuirseach  agus  sásta, mar oíche gan sárú a bhí ann agus tá  siúl agam go bhfaighfidh mé  cead dul go dtí dioscó arís.


Description: http://t1.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcR8c0wH-kgeSzOdWYhbU-bAecXO3Phxn-JpS_tOZBGt-79MB9AJXXu5yA

Description: http://t0.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcTBzWOD79Hp7wuh5TfvYP1TaNtN5eJVPT82s3M-Uetm5IHCusbPVN9-bd1F3Q

Seán MagUidhir