Caillte sa Chathair Mhór


Bhí mé féin, mo mhamaí agus mo dheirfiúr Isobel ag dul go dtí Baile Átha Cliath ag siopadóireacht ag an deireadh seachtaine. Bhí málaí pacáilte agus bhí mé ar bís.


Ar a haon déag a chlog, shroich muid an chathair, ansin thogamar bus go dtí an lár den chathair. Ansin chuala mé téacs ar mo fónphóca. Stop mé chun an téacs a fheiceáil. D'fhéach me suas agus bhí Mamaí agus Isobel as radharc. Bhí an tsráid lán de dhaoine, agus iad ag siúl go tapaidh. Ansin, chonaic mé cóta cosúil leis an gceann a bhí ag mo mhamaí. Lean mé ar aghaidh ag siúl ach ní Mamaí a bhí ann!


Rinne mé iarracht téacs a chur chuig mo Mhamaí ach ní raibh "credit" agam. Chuimhnigh mé go raibh Mamaí ag dul go dtí Sráid Grafton agus go raibh an tsráid sin thar an Life. Nuair a shroich mé Sráid Grafton, chuardaigh mé na siopaí ab fhearr le mo Mhamaí. Bhí eagla an domhain orm. Chuir mé cuma orm go raibh a fhios agam cén áit a raibh mé ag dul. Chuir mé mo mhála faoi bhun mo chóta.


Go tobann, chuimhnigh mé ar chómhrá a bhí ag mo Mhamaí le mo haintín ar an traein. Shocraigh mo mhamaí go gcasfadh sí le m'aintín in Avoca ag a leath uair tar éis a dó deag. Rith mé go dtí Avoca ar nós an gaoithe. Bhí m'aintín ag fanacht os comhair an dorais. Chuir m'aintín glaoch ar mo mhamaí a bhí ar mire.
Nuair a shroich mo Mhamaí agus Isobel Avoca, bhí áthas an domhain uirthi chun mé a fhéiceáil. Ach ansin, thug sí íde béil mhór dom!


Éabha Ní Eosaigh, Rang 6, 2011

 

 

 

Caillte sa Chathair Mhór

Bhí mé féin agus mo chlann ag dul ar saoire chuig Bhaile Átha Cliath. Tar éis ag iompar na málaí taistil ón staisiún traenach, bhíomar ag an ostán.


"Anois! Suígí libh ar na suíocháin chompordacha sin. Táim ag cur fúthu san ostlann." A dúirt mo mhama leis an gclann. Nuair a bhíomar go léir suite, lig mo dhaid béic as. "Rinne mé dearmad é seo a thógáil go dtí do Mhaim!" a dúirt sé, cárta creidmheasa ina láimh aige. "Kate?" Lig Kate cnead astí. "Deanfaidh mise é!" a dúirt mé ag léim suas. "Déanann sibh mé tinn!" Chuaigh mé i dtreo na cistine. "Haigh! Ní féidir leat a bheith istigh anseo!" a dúirt freastalaí liom. Rith mé chuig an doras ag bun an tseomra.


Bhí mé amuigh ar an tsráid! Bhí an iomarca rí rá agus ruaile buaile. Leath na súile orm nuair a chonaic mé an siopa is fear ar domhan! River Island! Rith mé i dtreo an tsiopa agus, gan smaoineamh trasna an bhóthair. Bhrúigh an tiománaí an adharc agus rith mé Isteach sa siopa in aice liom. Rith mé suas an staighre creasa agus isteach liom, ach bhí a fhios agam go mbeadh mo mhamaí crosta. Shiúil mé amach an doras go mall agus ní raibh m'ostlann le féiceáil in aon áit! Thóg mé amach mo fón póca agus scríofa air ná 'Battery Dead'. Seo é mo sheans!!!


"Sin €445." Thóg me an cárta creidmheasa go dtí an siopadóir. Tar éis na héadaí go léir a fháil, chuaigh mé isteach i gcaife. Amach an doras liom agus bhí pictiúrlann os comhair mo aghaidh. Bhí mo bhéal ar leatheadh le hiontas nuair a chonaic mé 'Breaking Dawn' ar phostaer.

 

Nuair a bhí an scannán thart, bhí tuirse agus ionadh orm. Bhí me caillte. Chuir mé mo héada nua faoi chrann agus thit mé i mo chodladh.


"Fuair mé í slan sábháilte." Bhí mé i lámha garda agus ní raibh codladh deas agam. Mar sin, níor dhúisigh mé.


"Maggie, an bhfuil tú ceart go leor?" d'fhiafraigh mo dhaidí díom. "Táim anois. MAGGIE AR ÚSÁID TÚ AN CÁRTA CREIDMHEASA?" Anois, nuair a dheireann tú é, tá pian uafásach i mo cheann…."


Le Mairéad Ní Éineacháin, Rang 6, 2011