(pictiúirí ag bun an leathanaigh)

 

An t-Aifreann (craolta ó halla na scoile ar Raidió na Gaeltachta, 19.02.12)

Fáiltiú: Tá míle fáilte romhaibh uilig a éisteoirí chuig an Aifrinn beo seo ar an naoú lá dhéag de mhí na Feabhra, ina bhfuilimid mar phobal i gceartlár Chontae Mhaigh Eo ag céiliúradh ó Scoil Raifteirí, Caisleán an Bharraigh.

Fáilte roimh na páistí, agus a dtuismitheoirí atá anseo linn inniu, bunaitheoirí, baill an bhoird, foireann, iarscoláirí, pobal Chaisleán an Bharraigh agus, go speisialta, éistóirí Radio na Gaeltachta ar fud na cruinne.

Fáilte speisialta a iarscoláirí, atá ag éisteacht linn ar fud na tíre.
Cuimhnímid, gur shroich Antaine Ó Raifteirí sárchaighdeán filíochta agus go maireann riar mhór de na dánta agus de na hamhráin seo i mbéal an phobail i gcónaí. Táimid 'lán de dóchais is ghrá' is gura fada buan an oidhreacht a d'fhág Raifteirí againn-Raifteirí a bhfuil ár scoil ainmnithe ina chuimhne.
Tugaim cuireadh díobh anois seasamh don iomann iontrála "Tagaimis le Chéile".

Cór:
Tagaimis le chéile chuig an Tiarna,
Canaimis is tugaimid glóir dó.
Tagaimis le chéile chuig an Tiarna,
Canaimis is tugaimis glóir dó.

Ithimis an t-arán beo, Arán na beatha, inniu is go deo.
Éistimid leis an deá-scéal
Faoi obair Íosa is a shaol. (Cúrfá arís)

Sagart: In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Pobal: Amen.
S. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
P. Agus le do spiorad féin.

Gníomh Aithrí
S. D'inis Íosa dúinn go bhfuil grá ag Dia ár nAthair dúinn. Thaispeáin sé dúinn conas maireachtáil mar a d'iarr Íosa orainn. D'iarr sé orainn grá a thabhairt d'ár dtuismitheoirí, d'ár muintir féin agus d'ár gcairde sa bhaile agus ar scoil. Uaireanta, ní thaispeánann muid grá do dhaoine eile. Inseoidh muid anois do Dhia ár nAthair, go bhfuil brón orainn.
S. Admhaím do Dhia uilechumhachtach, agus daoibhse a bhráithre,

P. Gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar,
Le gníomh agus le faillí,
Trí mo chor féin, trí mo chor féin, trí mo mhór-chor féin.
Ar an ábhar sin, impím ort, a Naomh Mhuire Síor Ógh,
Ar na h-aingil agus ar na naoimh,
Agus oraibhse, a bhráithre,
Guí ar mo shon chun ár dTiarna Dia.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe Sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí Sé chun na beatha síoraí sinn.
P. Amen.

Cór: le Clár Nic Éil agus Caitríona Ni Thiarnáin
A Thiarna déan trócaire,
Abba, Abba Athair, déan trócaire orainn is tabhair dúinn do ghrá,
anois is go brách.
A Chríost déan trócaire,
Íosa, Íosa a Aon-Mhic, déan trócaire orainn, is tabhair dúinn do ghrá,
anois is go brách.
A Thiarna, déan trócaire,
Abba, Abba, Athair, déan trócaire orainn, is tabhair dúinn do ghrá,
anois is go brách.

S. Glóir do Dhia sna harda
P. Agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú. Móraimid thú. Adhraimid thú.
Tugaimid glóir duit.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas
A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is naofa, is tú amháin is Tiarna,
Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost.
Mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair, Amen.

Urnaí
A Athair, coinnigh teagasc do Mhic agus grá do Mhic i gcónaí os comhair ár súl. Go ndéana muid aithris air lenár mbriathra agus lenár ngníomhartha. Sin í ár nguibhe chugat trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa agus leis an Spiorad Naomh le saol na saol.

P. Amen.

Liotúirge an Bhriathair

An Chéad Léacht: Léitheoir: Máire Uí Shúilleabháin
Sliocht as Leabhar Ísáia fáidh -- 43:18-19, 21-22, 24-25

Seo mar a dheireann an Tiarna: "Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnígí ar an tseanaimsir. Is beag le rá iad le hais a bhfuil mé ag dul a dhéanamh daoibh. Tá sé tosaithe agam cheana féin, nach léir daoibh é? Sea, tá mé le bealach a réiteach sa bhfásach agus cosáin sna háiteacha iargúlta. Na daoine a chruthaigh mé, déanfaidh siad mé a mholadh. Ní tusa a ghlaoigh ormsa, a Iácób, ná níor chuir tú aon anró ort féin mar gheall ormsa, a Isráél. Ina áit sin chuir tú ualach do pheacaí orm, chuir tú ualach do dhrochbhealaí orm. Is liomsa agus liomsa amháin an t-iomlán a ghlanadh agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó."
Briathar an Tiarna.

P: Buíochas le Dia

Salm
Cór: le Caitríona Ní Thiarnáin
Íosa 'chara mo chléibh, beidh tú i gcónaí liom,
Íosa 'chara mo chléibh, Grá agus gean agat dom.
(x2)

Íosa, Íosa, Beidh tú liom go deo,
Íosa, Íosa, 'Fhad is a mhairfidh mé beo.

Íosa 'chara mo chléibh, is tusa mo chara go buan.
Íosa, 'chara mo chléibh, ó mhaidin go dtéigh mé chun suain.

An Dara Léacht Léitheoir: Úna Ní Ghabhláín
Sliocht as Dara Litir N. Pól chuig na Coirintigh -- 1:18-22

A chairde, mionnaím daoibh os comhair Dé nach raibh aon "sea agus ní hea" faoinar dhúirt muid libhse. Mar sé Mac Dé, Íosa Críost, atá fógraithe againn in bhur measc, agam féin agus ag Silvánas agus ag Timóteas, agus níorbh aon "sea agus ní hea" é sin: ní raibh ann ach "sea," mar is ann atá geallúintí Dé comhlíonta uilig. Sin é an fáth gur trídsean a deir muid Áiméan mar mholadh ar Dhia. Agus sé Dia féin a dhaingníonn muide agus sibhse in Íosa Críost; sé a chuir an ola orainn agus a bhuail a shéala féin orainn, agus a chuir an Spiorad Naomh inár gcroí mar urrús ár slánaithe.
Briathar an Tiarna.
P: Buíochas le Dia

Cór: Alleluia

An Soiscéal

S. Go raibh an Tiarna libh.
P. Agus le do spiorad féin.
S. Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Marcas.
P. Glóir duit, a Thiarna.

An Soiscéal Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Marcas -- 2:1-12

Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, tar éis do Íosa tíocht ar ais go Cafarnáum, cloiseadh go raibh sé sa mbaile, agus bhí oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh spás fiú timpeall an dorais. Agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo. Tháinig daoine chuige agus ceathrar acu ag iompar pairilísigh. Nuair nárbh fhéidir leo tíocht i ngar dó mar gheall ar an slua, nochtadar an díon os a chionn, rinne siad poll ann agus ligeadar síos an tsráideog a raibh an pairilíseach ina luí uirthi. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairilíseach: "A mhic, tá do pheacaí maite duit." Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí: "Tuige a bhfuil sé ag labhairt mar sin?" Is diamhasla dó é, níl aon duine in ann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin? Ach thuig Íosa láithreach go raibh an smaoineamh sin ina gcroí agus dúirt sé leo: "Tuige a bhfuil an smaoineamh sin in bhur gcroí?" Cé acu is fusa a rá leis an bpairilíseach: "Tá do pheacaí maite duit," nó a rá: "Éirigh, tóg do shráideog agus siúil?" Ach le go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar talamh peacaí a mhaitheamh" -- dúirt sé leis an bpairilíseach: "Éirigh, tabhair leat do shráideog agus gabh abhaile." D'éirigh seisean, thug sé leis an tsráideog láithreach agus d'imigh amach os comhair a raibh ann sa gcaoi go raibh uafás orthu uileag agus gur thug siad glóir do Dhia ag rá: "Ní fhaca muid a leithéid seo ariamh."
S Soiscéal an Tiarna.

P: Moladh duit a Chríost.

 

Cré na nAspal  

Creidim i nDia,

an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún,

agus in Íosa Críost, a Aon-Mhacsan, ár dTiarna,  

a ghabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh,

a d’fhulaing páis faoi Phiontias Píoláit,

a céasadh ar an gcros, a fuair bás agus a adhlacadh,

a chuaigh síos go hifreann,

a d’éirigh an treas lá ó mhairbh, a chuaigh suas ar neamh,

atá ina shuí ar dheis Dé an tAthair uilechumhachtach;

as sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

Creidim sa Spiorad Naomh, sa Naomh-Eaglais Chaitliceach,

i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí,

in aiseirí na colainne,

agus sa bheatha shíoraí. Amen.

 

Guí an Phobail
S. Tá a fhios againn go maith go dtugann Dia cluas dár bpaidreacha i gcónaí, agus is mar sin a dhéanaimid urnaí le chéile ar maidin …

1 (Antaine Mac Amhlaoibh) Go gcuire Dia a bheannacht ar chinnírí na hEaglaise, ár bPápa Benedict, ár nEaspag Mícheál, sagairt agus an chléir uilig. Go scaipe siad deá-scéala Críost go creideamhach trí shampla mhaith i bhfocal agus i ngníomh.
A Thiarna, éist linn

Cór: A Thiarna éist lenár nguí, a Thiarna tabhair dúinn do ghrá.

2 (Seán Ó Grádaigh, R5) Thug Íosa biseach don pairilíseach ins an Soisceál inniu. Go dtuga sé biseach agus misneach dár muintir atá tinn, sa mbaile nó san Ospidéal.
A Thiarna, éist linn
(Cór)

3 (Máire Treasa ) Go dtuga Dia cúnamh dúinn mar thír agus muid ag réiteach don Comhdháil Idirnáisiúnta Eocairisteach a bhéas ar siúl i mí Meithimh. Go neartaigh an Comhdháil ár gcreideamh agus ár dtuiscint gur muide corp Chríost agus go bhfaighimid comphairtíocht le Críost chuile uair a ghlacann muid páirt ins an Aifreann.
A Thiarna, éist linn

4 (Clodagh Ní Dhúill) Cuirimid faoi bhrí na guímhe pobal na scoile idir scóláirí, tuismitheoirí agus foireann. Gabhaimid buíochas do Dhia as ucht na blianta atá caite agus guímid go gcoinneoidh Dia dílís muid don Ghaeilge, don fhoghlaim agus don chreideamh sna blianta ata amach romhainn.
A Thiarna, éist linn

5 (Ciara Ní Mháille, R6) Tá iarscoláirí na scoile scaipithe ar fud na cruinne, go gcuire Dia a bheannacht orthu pé áit a bhfuil siad inniu.
A Thiarna, éist linn

6 (R4) Go dtuga Dia leaba i measc na naomh, dár muintir féin agus pobal na scoile atá imithe uainn ar shlí na bhfírinne. Go bhfáiltí Sé isteach iad i ríocht a Ghlóire.
A Thiarna, éist linn

7 (Máire Treasa Uí Dhálaigh) Guímis go gcoinneoidh Dia muid dílís sa scoil seo leis an Ghaeilge a chur chun chinn agus daoine óga a mhúnlú don saol atá amach rompu.
A Thiarna, éist linn

S. A Dhia ár nAthair, éist le na paidreacha a ofrálaimid duit in ainm Íosa atá linn inniu agus go deo na ndeor.
P. Amen.

An t-Ofráil: An Grúpa Ceoil ag seinm

Liotúirge na hEocairiste
S. Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, is déanfar de arán na beatha dúinn.

P. Moladh go deo le Dia.
S. Trí rúndiamhair an uisce agus an fhíona seo, go ndéantar páirteach sinn i ndiagacht an té sin a dheonaigh a bheith páirteach inár ndaonnacht. Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An fhíniúin agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
P. Moladh go deo le Dia.
S. Tagaimid i do láthair, a Thiarna Dia, le hómós agus le doilíos croí; go mb'fhiú leat ar an ábhar sin glacadh leis an íobairt seo a ofrálaimid duit inniu. Nigh mo chionta díom, a Thiarna, agus glan díom mo pheacaí.
Guígí, a bhráithre, go nglaca Dia an t-Athair uilechumhachtach leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.

P. Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha, chun onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinne agus dá Naomh Eaglais uile.
S. Glac leis na tabhartais seo a ofrálann muid le hómós croí duit, a Thiarna. Go raibh siad ina gcabhair chun na beatha síoraí dúinn féin. Sin í ár nguibhe chugat trí Chríost ár dTiarna.
P. Amen.

Preafáid
S. Go raibh an Tiarna libh.
P. Agus le do spiorad féin.
S. Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P. Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S. Gabhaimis buíochas leis an Tiarna Dia.
P. Is ceart agus is cóir sin.
S. Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuibhe agus is tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uile-chumhachtaigh shíoraí, trí Chríost ár dTiarna. Lena thíocht ar an saol rinne seisean ionracas an duine a athnuachan; lena pháis scrios sé ár bpeacaí; ag aiséirí ó mhairbh dó, réitigh sé an bealach chun na beatha síoraí dúinn; agus ag dul suas ar do dheasláimh dó, chuir sé doirse na bhflaitheas ar leathadh romhainn. Dá bhrí sin, mar aon leis na hAingle agus na Naoimh go léir, canann muid iomann molta duit á rá gan stad:

Cór: Is naofa, naofa, naofa thú...

Paidir Eocairisteach
S. Moladh le hÍosa a chuir tú le bheith ina chara ag na páistí agus ag na boicht.
Tháinig sé le léiriú dúinn go dtugaimid grá duitse, a Athair, trí ghrá a thabhairt dá chéile.
Tháinig sé le peacaí a thógáil dínn, óir is é an peaca a cheileann an chairdeas orainn; agus le fuath a thógáil dínn, óir is é an fuath a cheileann an sonas orainn.
Gheall sé an Spiorad Naomh a chur anuas chun fanacht linn go deo, ionas gur féidir linn maireachtáil mar do chlann.
A Dhia ár nAthair, iarraimid anois ort do Spiorad Naomh a chur chun do ndéanfar de na tabhartais seo, corp agus fuil Íosa Críost, ár dTiarna.
An oíche sula bhfuair sé bás, thaispeáin do Mhac Íosa méid do ghrá dúinn. Nuair a bhí sé ag caitheamh an tsuipéir in éineacht lena dheisceabail, thóg sé an t-arán agus thug buíochas agus moladh duit. Ansin, bhris sé an t-arán, agus thug dá dheisceabail, a rá:

Glacaigí agus ithigí uile é seo;
Óir is é seo mo chorp
A thabharfar ar bhur son.

Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir thóg sé an chailís,
ghabh sé buíochas leat arís, agus thug dá dheisceabail í, á rá:

Glacaigí agus ólaigí uile aisti seo;
Óir is í seo cailís mo chuid fola,
Fuil na nuathiomna shíoraí.
Doirtfear í ar bhur son
Agus ar son an chine dhaonna
Chun maithiúnas na bpeacaí.
Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa.

Fógraimis rúndiamhair an chreidimh:
Cór: Íosa, fuair tú bás dúinn, d'éirigh tú ó na mairbh.
Tiocfaidh tú arís chugainn, tiocfaidh tú arís.

S. Dá réir sin, a Athair ghrámhar, cuimhnímid go bhfuair Íosa bás agus gur éirigh sé arís chun an domhan a shlánú. Chuir sé é féin inár lámha le go mb'eisean an íobairt a ofrálaimid duit.
A Thiarna, ár nDia, éist lenár nguí. Cuir an Spiorad Naomh ar gach aon duine againn atá páirteach le chéile sa bhéile seo.
Go gceanglaí an Spiorad seo níos dlúithe sinn i dteaghlach na hEaglaise maraon lenár bPápa Benedict, lenár nEaspag, Micheál Ó Naraigh, lenár n-easpaig uile agus le gach aon duine a dhéanann freastal ar do phobal.
Cuimhnigh, a Athair, ar ár dteaghlaigh is ar ár gcairde.agus orthu sin uile nach bhfuil grá mar is ceart againn dóibh.
Cuimhnigh orthu sin a fuair bás...
Tabhair chugat abhaile iad le go mbeidh siad i do chuideachta go brach.
Bailigh sinn uile le chéile i do ríocht. Beidh aoibhneas orainn go brách ansin i gcuideachta na Maighdine Muire, Máthair Dé, agus ár máthair féin. Ansin, canfaidh cairde uile an Tiarna Íosa amhrán lúcháire.
Is tríd, agus leis, agus ann, a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair uilechumhachtach, mar aon leis an Spiorad Naomh, trí shaol na saol,

P. Amen.

Deasghnátha na Comaoineach
S. Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:

Ár nAthair, atá ar Neamh,
Go naofar d'ainm, Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil ar an talamh,
Mar a dhéantar ar Neamh.
Ár n-arán laethúil, tabhair dúinn inniu.
Agus maith dúinn ár bhfiacha,
Mar a mhaithimidne ár bhfeichiúna féin.
Agus ná lig sinn i gcathú,
Ach saor sinn ó olc.

Saor sinn ó gach olc, impímid ort a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí, agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
P. Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir, trí shaol na saol.
S. A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d'Aspail: fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin. Ná féach ar ár bpeacaine, ach ar chreideamh d'Eaglaise. Tabhair síocháin di agus aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol,
P. Amen.
S. Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
P. Agus le do spiorad féin.
S. Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.
An cumasc seo de Chorp agus d'Fhuil ár dTiarna, Íosa Críost, go dtuga sé an beatha síoraí dúinne a ghlacann é.

Cór: Síocháin daoibh go léir, síocháin daoibh go léir, Síocháin, síocháin.
Go raibh síocháin Dé 'nár measc inniu, Síocháin, síocháin.

A Uain Dé, a thógas peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógas peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógas peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.


S. Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.

P. A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m'anam.

Comaoineach:
Grúpa Ceoil: Fonn Mall-Caitriona Ní Thiarnáín, Sal agus Paidi Ó hÉineacháin

Cór: le Clár Nic Éil
1: Ithigí an tArán Seo,
Ólaigí as an gcailís seo.
Tagaigí chugam is ní bheidh oraibh ocras.
Cuirígí bhúr muinín ionam,
's ní bheidh oraibh tart.

Chéad Cúrfá: An té a itheann an t-arán seo, Mairfidh sé go brách.
Dara Cúrfá: An té a ólann an fion seo, Mairfidh sé go brách.

2: Is é an Tiarna m'Aoire
a thugann aire dom.
Tá aisling lán de ghrá aige dom,
Aisling lán de ghrá,
Treoraíonn sé mé.

Cuid den am is mé tuirseach
Faoi ghruaim nó liom féin,
Imíonn na deora uaimse
Le fáilte mhór romhat féin.
Treoraíonn tú mé.

Tugann tú dom bia,
Beanaionn tú mé gach lá,
Iarann tú orm suí go deo
I do bhaile féin go sámh.
Treoraíonn tú mé.


Paidir Tar Éis Comaoineach:

A Thiarna Íosa, gráim agus adhraím thú.
Is tú mo chara dílis.
Fáilte romhat a Thiarna Íosa.
Go raibh maith agat as ucht teacht chugam.
Go raibh maith agat, a Thiarna Íosa,
As ucht tú féin a thabhairt dom.
Cabhraigh liom do ghrá a léiriú, cibé áit a bhím.
Bí taobh liom, a Thiarna Íosa, fan in aice liom go deo.
Beannaigh sinn, na páistí, atá faoi do chúram.
Is tabhair ar Neamh sinn, chun cónaithe leat féin.
Táim réidh anois, a Thiarna Íosa, tá grá agam go leor.
Táim réidh anois le do ghrá a thabhairt,
Sa bhaile is don saol mór.

Deasgnátha Deiridh
S. A Dhia uilechumhachtaigh, ghlac muid geall na beatha síoraí sa gcomaoineach. Deonaigh dúinn go mairfidh muid de réir an ghrá a fhógraíonn an tsacraimint seo, agus go mbainfidh muid amach an t-aoibhneas síoraí a gheallann sí. Sin í ár nguibhe chugat trí Chríost ár dTiarna,
P. Amen.
S. Go raibh an Tiarna libh.
P. Agus le do spiorad fein.
S. Go mbeannaí Dia uilechumhacht sibh;
+ Athair, Mac agus Spiorad Naomh.

P. Amen.
S. Tá an tAifreann thart. Imígí faoi shíocháin.
P. Buíochas le Dia.

Ceol agus ansin an cór:

1 Cill Aodáin
Anois teacht an earraigh beidh 'n lá dul chun síneadh,
'S tar éis na Féil' Bríde ardóidh mé mo sheol,
O chuir mé 'mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo;
I gClár Chlainne Mhuiris ' bhéas mé an chéad oíche
'S i mBalla taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíos' ann
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth' Móir.

Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse,
Mar éiríonn an ghaoth nó mar scaipeann an ceo,
Nuair 'smaoiním ar Cheara nó 'r Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach a 'Mhíle nó 'r phlánaí Mhaigh Eo;
Cill Aodháin an baile a bhfásann gach ní ann,
Ta sméara 's sú craobh ann is meas ar gach sórt,
'S dá mbeinn-se 'mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

2 Seo é an Lá:

Cúrfá:
Can, can, can alleluia,
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn.
Seinn, seinn seinn alleluia,
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn.

Bíodh orainn gliondar is áthas,
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn,
Bíodh orainn gliondar croí,
Seo é an lá

Seinn ceol ag moladh an Tiarna,
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn.
Casaigí amhráin is ceol,
Seo é an lá.

 

Pictiúirí ón aifreann:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clic ar an bpictiúr chun é a dhéanamh níos mó

 

 

 

 

 

Rinne Máirtín agallaimh nuair a bhí an t-aifreann thart:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An t-agallamh deireannach:

 

 

Faoin am seo, bhí siad traochta!: