S.     In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.

P.     Amen.

S.    Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naomh libh go léir.

P.     Agus le do spiorad féin.

           
Gníomh Aithrí
S.     Admhaím do Dhia uilechumhachtach, agus daoibhse a bhráithre,

P.  Gur pheacaigh mé go trom,
le smaoineamh agus le
briathar,
le gníomh agus le faillí,

Trí mo chor féin, trí mo chor féin, trí mo mhór-chor féin.
Ar an ábhar sin, impím ort, a Naomh Mhuire Síor-Ógh,
ar na h-aingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre,

guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
      

S.  Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.

P.      Amen.

Cór:    A Thiarna Déan Trócaire le ______.

S.     Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
           
An Ghlóir
S.     Glóir do Dhia sna harda

P.        Agus ar thalamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú.  Móraimid thú.  Adhraimid thú.
Tugaimid glóir duit.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a Rí na bhFlaitheas
A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is naofa, is tú amháin is Tiarna,
Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost.
Mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair,
Amen.

 

Liotúirge an Bhriathair

An Chéad Léacht     

...

Briathar an Tiarna.

Buíochas le Dia.

Salm
Cór:   Íosa, Cara  mo Chléibh le ______.

An Dara Léacht 

...

S. Briathar an Tiarna.

P. Buíochas le Dia.

Cór:    Alleluia

An Soiscéal
S.     Go raibh an Tiarna libh.

P.    Agus le do spiorad féin.

S.    Sliocht as an Soiscéal Naofa

P.    Glóir duit, a Thiarna.

...

S. Soiscéal an Tiarna.

P.    Moladh duit a Chríost.


Cré na nAspal  

Creidim i nDia,

an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún,

agus in Íosa Críost, a Aon-Mhacsan, ár dTiarna,  

a ghabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh,

a d’fhulaing páis faoi Phiontias Píoláit,

a céasadh ar an gcros, a fuair bás agus a adhlacadh,

a chuaigh síos go hifreann,

a d’éirigh an treas lá ó mhairbh, a chuaigh suas ar neamh,

atá ina shuí ar dheis Dé an tAthair uilechumhachtach;

as sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

Creidim sa Spiorad Naomh, sa Naomh-Eaglais Chaitliceach,

i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí,

in aiseirí na colainne,

agus sa bheatha shíoraí. Amen.

        
        

Guí an Phobail
                 
A Thiarna éist linn...       (Canann an cór an freagra gach uair)

An t-Ofráil
S.     Ofrálann ______agus ______an fíon agus an t-arán. Roinn Íosa arán agus fíon le na haspail. Leanann sé air ag bronnadh bronntanais a bheatha orainn in arán agus i bhfíon na hEocairiste.

 

Liotúirge na hEocairiste

S.     Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit.  An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, is déanfar de arán na beatha dúinn.

P.  Moladh go deo le Dia.

S.     Trí rúndiamhair an uisce agus an fhíona seo, go ndéantar
páirteach sinn i ndiagacht an té sin a dheonaigh a bheith     páirteach inár ndaonnacht.
Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur      bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An fhíniúin     agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.

P.   Moladh go deo le Dia.

S.     Tagaimid i do láthair, a Thiarna Dia, le hómós agus le doilíos croí; go mb’fhiú leat ar an ábhar sin glacadh leis an íobairt seo a ofrálaimid duit inniu. 
Nigh mo chionta díom, a Thiarna, agus glan díom mo pheacaí.

S.     Guígí, a bhráithre, go nglaca Dia an t-Athair uilechumhachtach leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.

P.    Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha, chun   onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinne agus dá Naomh Eaglais uile.

S.     Táimid páirteach, a Thiarna, i gcuimhneachán pháis do Mhic trínar thuill Sé an Spiorad Naomh a theacht orainn. Glac go ceansa lenár n-urnaithe agus deonaigh go rachaimid níos mó i gcló do Mhic agus go dtabharfaimid breis fianaise air de shíor.  Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna

P.     Amen.

Preafáid
S.     Go raibh an Tiarna libh.

P.    Agus le do spiorad féin.

S.     Tógaigí bhur gcroíthe in airde.

P.    Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.

S.     Gabhaimis buíochas leis an Tiarna Dia.

P.    Is ceart agus is cóir sin.

S.     Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí.
Óir nuair a bhí sacraimint na Cásca a chur i gcrích agat,       bhronn tú ar an lá seo an Spiorad Naomh ar an muintir a     ndearna tú clann altrama díobh i bpáirt le do Mhac; agus nuair a bhí an Eaglais a bhreith don chéad uair, phréamhaigh an Spiorad sin eolas ar a dhiagacht i gcroí na gciníocha go léir; d’aontaoigh sé na teangacha uile dá éagsúla iad i ndearbhú an t-aon chreidimh.
Uime sin tá an saol mór ag déanamh gairdeas lúcháire ar fud an domhain.  Tá sluaite neimhe agus na cumhachtaí     aingeal ag canadh duain do do ghlóir, á rá gan stad:
Cór:    Is naofa, naofa, naofa thú...

 

Paidir Eocairisteach
S.     A Thiarna Dia, is naofa thú go firinneach; is tú tobar na naofachta go léir. Naomhaigh, mar sin, impímid ort, na             bronntanais seo le drúcht do Spioraid, chun go ndéanfaí      díobh inár gcomhair Corp agus + Fuil ár dTiarna, Íosa          Críost. D’fhulaing sé an pháis dá dheoin féin; agus nuair a bhí sé á thabhairt suas chun a chéasta, thóg sé an t-arán, ghabh sé buíochas leat, bhris an t-arán, agus thug dá dheisceabail é, á rá:
                        Glacaigí agus ithigí uile é seo;
                        Óir is é seo mo chorp
                        A thabharfar ar bhur son.
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir thóg sé an chailís,   ghabh sé buíochas leat arís, agus thug dá dheisceabail í, á rá:
                        Glacaigí agus ólaigí uile aisti seo;
                        Óir is í seo cailís mo chuid fola,
                        Fuil na nuathiomna shíoraí.
                        Doirtfear í ar bhur son
                        Agus ar son an chine dhaonna
                        Chun maithiúnas na bpeacaí.
                        Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa.
Fógraimis rúndiamhair an chreidimh:
Cór:    Fuair sé bás, d’aiséirigh Íosa, tiocfaidh Críost arís (x2)

S.     Dá réir sin, a Thiarna Dia, ag cuimhneamh dúinn ar bhás agus ar aiséirí Chríost, ofrálaimid duit arán na beatha agus cailís an tslánaithe, agus gabhaimid buíochas leat toisc      gurbh fhiú leat sinn a bheith inár seasamh i do láthair ag     fónamh duit.
Iarraimid go humhal ort go n-aontófaí le chéile, le cumhacht an Spioraid Naoimh, sinne atá páirteach i gCorp agus i             bhFuil Chríost.
Tabhair chun cuimhne, a Thiarna Dia, d’Eaglais ar fud an    domhain, neartaigh sa charthanacht í, i gcuideachta lenár   bPápa Proinnsias, agus lenár n-Easpag Micheál, agus leis an gcléir uile. Cuimhnigh freisin ar ár muintir féin a fuair bás     agus iad ag súil le haiséirí glórmhar. Cuimhnigh orthu siúd       uile atá imithe ar shlí na fírinne, agus fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire.
Déan trócaire orainn uile, impímid ort, ionas go mb’fhiú sinn a bheith páirteach sa bheatha shíoraí chun tú a mholadh agus a ghlóiriú i gcuideachta na Maighdine Muire, Máthair Dé, na Naomh Aspail agus na naomh uile a rinne do thoilse riamh anall.
Trí do Mhac Íosa Criost.                                                    

P.  Amen.

S.   Is tríd, agus leis, agus ann, a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair uilechumhachtach, mar aon leis     an Spiorad Naomh, trí shaol na saol,                         

P.   Amen.

 

Deasghnátha na Comaoineach

S.     Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir         dúinn a dhéanamh:

P.  Ár nAthair

S.  Saor sinn ó gach olc, impímid ort a Thiarna.  Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí, agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.

P.    Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an             ghlóir, trí shaol na saol.

S.  A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d’Aspail:  fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin.  Ná féach ar ár            bpeacaine, ach ar chreideamh d’Eaglaise.  Tabhair síocháin di agus aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol,

P.      Amen.

S.        Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.

P.      Agus le do spiorad féin.

S.        Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.
           
Cór:    Síocháin daoibh go léir
            A Uain Dé
S.    Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. 
       Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.

P.  A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Cór:    Is é an Tiarna m’Aoire
           Ithigí an tArán Seo

           

Iargomaoineach

S.     A Thiarna, an mhuintir a d’ungaigh tú leis an Spiorad            Naomh, chothaigh tú iad le sacraimint do Mhic. Tar i gcabhair orthu feasta le do bheannacht agus saor iad ó          gach anachain: go gcuire siad lúcháir ar an eaglais lena      naofacht, agus go gcuire siad chun cinn í lena mbearta   agus lena déirc.
Sin é ár nguí chugat, trí Chríost ár dTiarna.

P.  Amen.

 

An Bheannacht

S.     Bhronn Dia an tAthair uilechumhachtach beatha nua oraibh le huisce agus leis an Spiorad Naomh agus rinne sé clann altrama díobh. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus sibh a choinneál faoina choimirce agus a ghrá.

P.  Amen.

S     Gheall Íosa Críost, aon Mhac Dé, go bhfanfadh Spiorad na fírinne lena Eaglais go brách. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus sibh a neartú lena chumhacht chun an fíor chreideamh a fhógairt.

P.  Amen.

S.     Las an Spiorad Naomh tine an ghrá i gcroíthe na       ndeisceabal. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh, agus            sibh a threorú slán i dteannta a chéile isteach i ríocht Dé.

P.  Amen.

 

Deasgnátha Deiridh

S.     Go raibh an Tiarna libh.

P.    Agus le do spiorad féin.

S.     Go mbeannaí Dia uilechumhacht sibh; 
         + Athair, Mac agus Spiorad Naomh.

P.    Amen.

S.     Tá an tAifreann thart.  Imígí faoi shíocháin.

P.    Buíochas le Dia.

Cór:    Seo é an Lá